Is deas agus is feiliúnach an leacht atá curtha ag Céibh na hAirde Thoir i bparóiste Charna i gcuimhne ar an seachtar iascairí a séideadh san aer 100 bliain ó shin.
I mbád ar a dtugtaí an ‘Pretty Polly’ a bhí siad agus tá cur agus cúiteamh ar bun ó shin faoin gcaoi ar tharla an gníomh gránna.
Maidir leis an dream a chuir suas an leacht, sliocht úinéir an bháid, níl amhras ar bith orthusan faoi cé a bhí freagrach. Ar na Sasanaigh a chuir a muintir an milleán ariamh, a dúirt siad agus sin é atá ráite go soiléir acu ar an leacht.
Sasanach darbh ainm Leslie Edmunds a bhí ina bhun agus ina bharr, a deir siadsan. Bhí lámh aigesean sa gcaoi ar scaoileadh sliogáin as Gaillimh i dtreo Chreachmhaoil le linn Éirí Amach 1916.
Oifigeach sinsearach i mBord na gCeantar Cúng a bhí ann nuair a pléascadh an ‘Pretty Polly’. De réir an scéil atá an-láidir sa gceantar i gcónaí chonaic iascairí eile bád Sasanach ag teacht chomh fada leis an ‘Pretty Polly’ agus deirtear gur chaith duine den chriú pléascán isteach inti.
Níor dúradh go raibh Edmunds sa mbád as ar caitheadh an pléascán ach bhí daoine ann a dhearbhaigh nach raibh sé i bhfad as láthair.
Tá fianaise ann go raibh argóint idir Tomás Ó Ceannabháin, úinéir an Phretty Polly, agus Edmunds tamall roimhe sin agus go raibh cloch sa mhuinchille ag Edmunds dó dá bharr.
Is deacair a thuiscint go mbáfaí seachtar d’aon turas de bharr argóna dá sórt. An bhféadfadh sé gur beart a bhí ann ag na Sasanaigh le droch-cháil a tharraingt ar na Gearmánaigh?
Ar na Gearmánaigh a chuir na Sasanaigh an milleán ar fad. Bhain siad an-leas as an scéal sa bhfeachtas bolscaireachta a bhí ar bun acu agus an Cogadh Mór á fhearadh go géar. Scaip siad an t-eolas ar fud an domhain.
Ba mhór an chabhair dóibh sagart paróiste Charna a bhí lánchinnte é féin gurbh iad na Gearmánaigh a rinne an beart.
Bhí Sinn Féin ag neartú go tréan ag an am freisin agus rinne siadsan bolscaireacht de chineál eile. Cuireadh scéal thart go bhfuair fear as Gaillimh tuairisc ó dheartháir leis a bhí ina phríosúnach sa nGearmáin go bhfaca sé criú an Phretty Polly ansin.
Chuaigh an sagart paróiste ag fiosrú láithreach agus fuair sé amach nach raibh deartháir ar bith ag fear na Gaillimhe.
Maidir le Leslie Edmunds cuireadh leis an mbéaloideas gur mharaigh Óglaigh na hÉireann é faoin mbeart a bhí déanta aige.
Is iad Óglaigh na hÉireann a mharaigh é gan amhras ach timpisteach go leor a tharla sé.
Ag teacht as Baile Átha Cliath i ngluaisteán a bhí sé le linn an Chogaidh Chathartha. Ar a theacht trí oirthear na Gaillimhe dó stop fórsaí an tSaorstáit é. Dúirt siad leis go raibh luíochán socraithe ag ‘Na Neamhrialtaigh’, mar a thugaidís orthu, siar an bóthar. Chomhairligh siad dó gan a dhul níb fhaide faoi láthair.
Fearr ceanndána a bhí ann agus níor thug sé aon aird orthu. Lean sé ar aghaidh, scaoileadh piléar agus maraíodh é.
An bhféadfadh sé gur ar bhealach éigin eile a scriosadh an Pretty Polly?
Cheistigh mé féin an t-amhránaí sean-nóis Josie Sheáin Jeaic faoi uair amháin. Bhí uncail leis-sean sa mbád agus gan é ach sé bliana déag. Bhí na scéalta ar fad cloiste ag Josie ach, mar a dúirt sé féin, ní raibh aon chruthú aige ar cheann ar bith acu.
Chreid seisean gur mianach a bhí ag imeacht i mbarr uisce a rinne an mhísc. Mheabhraigh sé dhom gur mianach mar sin a tugadh i dtír i gCois Fharraige an bhliain roimhe sin agus a mharaigh daoine freisin.
Is críonna an té a déarfadh ach níl ach míniú amháin ar an eirleach ar an leacht cuimhneacháin atá ag Céibh na hAirde Thoir anois – gurbh iad na Sasanaigh, agus na Sasanaigh amháin, a rinne an drochbheart uafásach.
murchadh
Cá bhfios duit gurb iad na Sasanaigh a rinne? Níl aon fhianaise tugtha agat.
Seosamh Ó Cuaig
Ar dhúirt mé gurbh iad?