Ceist na gceadúnas feirmeoireachta éisc ina cnámh spairne agus Marine Harvest ag díriú ar Thalamh an Éisc

Díol spéise ar chóstaí na Gaeltachta é socrú atá déanta ag an gcomhlacht Marine Harvest i bhfad ó bhaile

Ceist na gceadúnas feirmeoireachta éisc ina cnámh spairne agus Marine Harvest ag díriú ar Thalamh an Éisc

Pictiúr: Eamonn Farrell/Photocall Ireland

Tá socrú déanta ag an gcomhlacht Marine Harvest go gceannóidh siad Northern Harvest Sea Farms i gCeanada, socrú ar díol spéise é ar chóstaí na Gaeltachta. Tá Marine Harvest, a bhfuil a gceanncheathrú acu i mBergen na hIorua, an comhlacht feilméarachta bradán is mó sa domhan, ag caitheamh $315 milliún d’airgead Cheanada ar an gceannach seo – beagnach €210m.    

Ar an taobh seo den Atlantach fuair Marine Harvest Ireland, an chuid den chomhlacht atá ag obair in Éirinn, scéala ó Roinn na Mara díreach roimh an Nollaig go bhfuil cinneadh faoin iarratas atá déanta acu le haghaidh ceadúnas eile i gCuan Bheanntraí i gCorcaigh curtha siar go dtí an fómhar seo chugainn. 

Bhíothas ag súil le cinneadh faoin iarratas an mhí seo.

Cé nach bhfuil aon bhaint dhíreach ag an dá scéal seo lena chéile, d’fhéadfadh sé go bhfágfaidís lorg fadtéarmach ar thionscal na mbradán sa tír seo.

Os cionn 300 duine atá fostaithe ag Marine Harvest Ireland ar chóstaí na hÉireann – i nDún na nGall (an príomhionad), i Maigh Eo, i gConamara agus ar chóstaí an deiscirt.  Tá an obair seo á cur ar fáil i réigiúin a mbeadh sé deacair aon mhórthionscal eile a bhunú iontu.  Sa nGaeltacht, nó gar don Ghaeltacht, atá go leor d’obair Marine Harvest Ireland ar bun. Tacaíonn Údarás na Gaeltachta leis an ngnó sna ceantair Ghaeltachta sna contaetha sin.

Tá Marine Harvest san Iorua ag iarraidh forbairt a dhéanamh ar a gcuid gnó go hidirnáisiúnta.  Mar chuid den iarracht sin tá an fochomhlacht Éireannach, Marine Harvest Ireland, ar a ndícheall sa tóir ar shuíomhanna mara ach tá sé ag dul rite leo iad a fháil.

Le cúig bhliana anuas tá iarracht mhór déanta ag an gcomhlacht le leathnú a dhéanamh ar a n-ionad i gCuan Bheanntraí i gCorcaigh, áit a bhfuil feilm acu cheana féin. 

Tá suíochán déanta ar an scéal agus agóidí déanta in aghaidh an phlean atá ag Marine Harvest Ireland.  Tá daoine eile ar son na forbartha agus bhí dhá éisteacht phoiblí ann.  Ceapadh go mbeadh cinneadh críochnúil ar an bpróiseas ar fáil an mhí seo caite mar b’in é an spriocdháta, ach tá go dtí Deireadh Fómhair 2018 tugtha ag na húdaráis anois mar dháta le theacht ar shocrú.  Sa gcás seo tá Marine Harvest ar charraig. Tar éis na mblianta níl a fhios acu fós ar ann nó as iad sa gcuid sin de Chuan Bheanntraí atá i gceist.

Ní scéal nua é seo i dtionscal na feilméarachta éisc in Éirinn mar bíonn an cíoradh an-fhadálach.  Go deimhin, tá os cionn 500 iarratas fós gan réiteach sa rannóg ceadúnas i Roinn na Mara i gCloich na Coillte.   Bhí an mhoill seo ar cheann de na hábhair a phléigh Coiste Fiosrúcháin a rinne scrúdú ar chóras na gceadúnas ar iarratas ón Aire Michael Creed.   

Mhol siadsan córas níos soiléire agus níos sciobtha. Ach fad agus atá an cheist seo uilig ina snaidhm in Éirinn, níl siad ina gcónaí i gceanncheathrú Marine Harvest in Bergen san Iorua agus tá a gcompás dírithe níos láidre acu ar Cheanada.  Tá ceadúnais do 45 suíomh feilméarachta éisc ag an gcomhlacht, Northern Harvest Sea Farms i dTalamh an Éisc agus i New Brunswick agus tá 13 iarratas istigh acu ar cheadúnais bhreise.  Seo é an comhlacht atá Marine Harvest a cheannach i gCeanada. 

Thosaigh Marine Harvest a gcuid gníomhaíochta i gCeanada anuraidh nuair a cheannaíodar acmhainní Gray Aqua Group.  Tá chuile chosúlacht ar an scéal go gcuirfidh an beart is deireanaí bunáit láidir faoi ghnó Marine Harvest sa tír sin. 

Bhí láimhdeachas de bheagnach $400 milliún de chuid Cheanada ag Northern Harvest Sea Farms i mbliana – ag bordáil ar €340m.

Glactar leis go mbeadh leithéidí Marine Harvest Ireland ina gcnámh droma do thionscal na mbradán feirme in Éirinn – tionscal a bhfuil béim ag Údarás na Gaeltachta air i gceantair a bhfuil sé deacair fostaíocht a bhunú iontu.

Ach, tá ceist na gceadúnas ina cnámh spairne fós agus d’fhéadfadh Marine Harvest a gcuid airgid a infheistiú i bhfad ó bhaile.  Tá samplaí eile de sin feicthe againn le gairid. 

Fág freagra ar 'Ceist na gceadúnas feirmeoireachta éisc ina cnámh spairne agus Marine Harvest ag díriú ar Thalamh an Éisc'

  • Donncha Ó hÉallaithe

    An phíosa tuairisceoireachta.