Ceist a chuir mé orm féin ar mo chuairt ar Reachlainn- cad is strainséir ann dáiríre?

Léirigh comhrá ar Reachlainn le fear a bhí ag cur brat péinte ar a theach gur casta na fréamhacha a chuirimid síos in áit

Ceist a chuir mé orm féin ar mo chuairt ar Reachlainn- cad is strainséir ann dáiríre?

Cad is strainséir ann? Chuir mé an cheist go minic orm féin le linn gearrchuairte ar Reachlainn an tseachtain seo caite.

Chloisfeá canúintí éagsúla agus tú ag siúl thart – Sasanaigh, Albanaigh, Éireannaigh, Astrálaigh. Iad uilig ag ‘cur fúthu’ bealach amháin nó bealach eile ar an oileán. Níl dabht ar bith ach go bhfuil cúrsaí daonra feabhsaithe le roinnt blianta anuas agus thart ar 158 duine ina gcónaí ansin anois. Bhí tráth ann agus bhí sé tite go 68.

Bíonn fáilte roimh inimircigh aon áit go mbíonn an daonra i mbaol, measaim féin. Agus ar ndóigh bíonn a scéal féin ag gach inimirceach. Daoine thar a bheith cairdiúil iad muintir an oileáin, bídís ina seanfhondúirí nó ar an dream sin a thagann ar saoire go minic ann agus a bhfuil fréamhacha curtha síos acu san oileán, dá mbuíochas.

Bheannaigh muid d’fhear a bhí ag cur brat péinte ar a theach – bungaló dúbailte. Dhá theach faoi aon díon amháin a bhí faoina chúram. Leag sé an scuab phéinteála de leataobh agus tháinig fhad leis an sconsa tosaigh chun labhairt linn.

Ní de bhunadh an oileáin é ach bhí sé féin agus a mhuintir ag teacht ann leis na blianta – ó bhí seisean ina ghasúr beag. Bhí sé ag cur caoi ar an teach ionas go bhféadfadh sé dul ar pinsean ann agus bheadh an teach lena thaobh ag a thuismitheoirí – bhí a athair ag cur uisce ar na nasturtiums an lá úd.

Shílfeá mar sin nach mbeadh aois rómhór ag fear na scuaibe ach d’inis sé dúinn go raibh os cionn dhá scór bliain caite aige ag plé le loingseoireacht, le cabhlach trádála agus le blianta beaga anuas le comhlacht loingis Stena amach as Béal Feirste.

Bhí an canna péinte ag triomú sa mbrothall. Ba chuma leis. D’inis sé scéalta dúinn faoina shaol ar muir agus faoina bhfuil ag titim amach anois le comhlachtaí atá ag ligean mairnéalaigh chun siúil agus ag híreáil daoine ar conarthaí, gan taithí, gan traenáil.

Chuimhnigh muid gur tharla sin nach mór cúpla mí ó shin nuair a lig ‘P and O’ 800 ball den fhoireann chun bealaigh.

Níor chuala muid an t-aguisín a cuireadh leis an scéal, ach d’inis ár gcara nua dúinn go raibh timpiste ann ina dhiaidh sin agus long paisinéirí briste síos, gan chumhacht, gan solas agus go mb’éigean do thrí cinn de bháid tarrthála teacht i gcabhair ar na paisinéirí. ‘Ní raibh a fhios acu (an criú) cén chaoi a gcuirfidís an t-inneall ag oibriú arís,’ arsa fear na péinte. 

‘Bíonn orainne dul faoi scrúdú uair amháin gach cúig bliana lena chinntiú go mbeidh ‘ticéad’ againn,’ a dúirt sé.

Ar fhaitíos go gceapfadh muid gur i Sasana amháin a tharlódh a leithéid, mheabhraigh sé dúinn gur tharla sé sa tír seo nuair a tháinig deireadh tobann le Irish Shipping. Comhlacht loingis stáit a bhí ann, ach rinne rialtas na hÉireann an comhlacht a leachtú  sa mbliain 1984.

Bhí sé féin ar bord loinge leis an gcabhlach trádála as an mBreatain agus iad in Oileán Madagascar (ar chósta na hAfraice Thoir) ag an am. Chuimhnigh sé gur fágadh mairnéalaigh de chuid Irish Shipping ar an ngannchuid nuair a thit an comhlacht as a chéile, gan pingin ina bpócaí ná gan tada le n-ithe. Thug sé féin agus an criú oiread cabhrach dóibh agus a d’fhéadfaidís agus thug béile maith dóibh a thug slán ón ocras iad.

Bhíodh ardmheas ag daoine ar Irish Shipping – sórt seoid náisiúnta a bhí ann. Go dtí an lá inniu tá bóithre thart ar an Rinn, i mBaile Átha Cliath ainmnithe i ndiaidh longa de chuid an chomhlachta sin. Ainmneacha crainnte atá baiste orthu ar fad – Pine Road agus a leithéid.

Ar aon nós, d’fhill ár gcara nua ar Thuaisceart Éirinn agus thóg post le Stena. Bhíomar fiosrach faoin tuairim atá aige anois faoin méid atá tarlaithe le taisteal agus trádáil i ndiaidh an Bhreatimeachta.

Níor chuir sé isteach ná amach air, dúirt sé, ach amháin go raibh breis páipéarachais ag baint leis an jab anois. 

‘Ach níl a fhios agam ó thalamh an domhain cén chaoi a raibh siad in ann rud chomh háiféiseach a dhéanamh,’ arsa seisean go brónach. Bhí sé den tuairim go vótálfadh muintir na Breataine ina choinne anois dá mbeadh an dara rogha acu. Ach ní bheadh éinne dóchasach faoi sin.

Thaispeáin sé baoi dúinn a bhí curtha sa bhfarraige i lár an chuain, Cuan na hEaglaise, i Reachlainn. Tá sé feiceálach go maith agus tú ag seoladh isteach is amach ar an mbád fartha.

‘Sin an áit a bhfuil an long bhriste an ‘HMS Drake’ ón gCéad Chogadh Domhanda,’ a d’inis sé dúinn.

Bhí an long ag seoladh ar a taobh tar éis di a bheith buailte ag pléascáin a leag fomhuireán U-Bhád timpeall an chuain. Ach bhí sí luchtaithe le lear mór armlóin í féin agus bhí faitíos orthu go bpléascadh sí an baile beag i Reachlainn dá dtiocfadh sí i dtír ann. 

Chuaigh sí go tóin poill ach bhí sí fós ina contúirt do bháid agus longa. Pléascadh arís í agus tá an baoi feistithe san áit a bhfuil sí le treoir a thabhairt do na báid fanacht amach ón suíomh.

Ní hin an t-aon chontúirt atá thart sna bólaí seo. Tá trí cinn de thithe solais ar an oileán ag cur fainic ar mhairnéalaigh faoi na contúirtí a bhaineann le carraigeacha agus aillte. Tá ceann amháin díobh sin – an Teach Solais Thiar, tógtha bunoscionn – sé sin, ina íochtar atá an solas agus dath dearg atá air. Fillfidh mé ar na tithe solais lá éigin eile.

Bhí an phéint beagnach triomaithe uilig faoin am seo. Ach sular imigh muid, bhí fear na péinte ag iarraidh an teach is gaire dá theach féin a thaispeáint dúinn.

‘Sin é an teach,’ a dúirt sé, ‘a raibh an cainteoir deireanach Gaeilge ina cónaí ann.’ Cheap sé gur sa chéad seo caite a fuair sí bás. Mhair a mac ar feadh i bhfad ina diaidh ach ní raibh Gaeilge aigesean, a cheap sé.

Agus cé as a dtáinig sé féin, murar as Reachlainn ó thús é?  ‘Ó, tháinig mo mhuintir anseo na céadta bliain ó shin as an nGearmáin, le lámh chúnta a thabhairt don Rí Liam. Ach thóg sé trí bliana orthu an turas a dhéanamh agus ní rabhadar in am don chath [Cath na Bóinne].’

Shocraigh siad ansin i mBaile an Chaistil, áit ar chuireadar gnó búistéireachta ar bun, atá ansin go dtí an lá inniu. Siopa Wysner – bhíomar tar éis suntas a thabhairt don ainm ar an mbealach tríd an baile.

Nach fánach an áit a bhfaighfeá ispín?

Fág freagra ar 'Ceist a chuir mé orm féin ar mo chuairt ar Reachlainn- cad is strainséir ann dáiríre?'