Céimeanna oinigh le bronnadh ag Ollscoil na Gaillimhe ar bheirt chainteoirí Gaeilge

Tá Alan Esslemont, ceannasaí TG4, agus an scríbhneoir Patricia Forde i measc deichniúr a mbronnfar céim oinigh orthu an mhí seo

Céimeanna oinigh le bronnadh ag Ollscoil na Gaillimhe ar bheirt chainteoirí Gaeilge

Bronnfaidh Ollscoil na Gaillimhe céimeanna oinigh an mhí seo ar bheirt chainteoirí Gaeilge, Alan Esslemont, ceannasaí TG4, agus an scríbhneoir Patricia Forde.

Tá an bheirt Ghael i measc deichniúr, a dhein gaisce i réimsí éagsúla, a mbronnfar céim oinigh orthu ag searmanais bronnta céimeanna an gheimhridh san ollscoil.

Tá Alan Esslemont, a bhfuil cónaí air  gCinn Mhara i gCamas i nGaeltacht Chonamara, ina Ardstiúrthóir ar TG4 ó 2016.

D’oibrigh an tAlbanach le TG4 ó thréimhse a bhunaithe go dtí gur fhág sé in 2008 chun dul ag obair mar Cheannasaí Ábhar le Seirbhís Gàidhlig BBC Alba.

Céimí de chuid Ollscoil na Gaillimhe í Patricia Forde, a bhfuil cáil uirthi mar scríbhneoir leabhair do pháistí.

Iar-Laureate na nÓg, bhí sí ar dhuine de bhunaitheoirí Fhéile Idirnáisiúnta Ealaíon Babaró do Leanaí agus ar dhuine de bhaill tosaigh Macnas. Bhí baint aici leis an Taibhdhearc ó bhí sí deich mbliana d’aois.

Ar na daoine eile a mbronnfar céimeanna oinigh orthu tá Frankie Gavin, an ceoltóir traidisiúnta mór le rá, Hugh Logue a bhí ar dhuine de cheannairí ar ghluaiseacht na gcearta sibhialta ó thuaidh, agus Eva Bourke, file.

Dúirt Uachtarán OÉ Gaillimh, an tOllamh Ciarán Ó hÓgartaigh gur  daoine “eisceachtúla” na daoine go léir a mbeidh céimeanna oinigh á mbronnadh orthu.

“Thar ceann Ollscoil na Gaillimhe, tá lúcháir orm a bheith in ann aitheantas a thabhairt don ghrúpa daoine eisceachtúla seo, agus an gradam seo a bhronnadh orthu agus muid ag ceiliúradh chomh maith a bhfuil bainte amach ag breis agus 3,000 dár gcuid mac léinn i gceithre Choláiste na hOllscoile.

“Tá cion fir agus cion mná déanta ag gach duine díobh ar mhaithe leis an saol poiblí, chun cur leis an tsochaí agus chun leasa an chine dhaonna, agus rinne siad a gcuid le hathrú chun feabhais a dhéanamh ar an domhan, dualgas atá orainn ar fad.”

Fág freagra ar 'Céimeanna oinigh le bronnadh ag Ollscoil na Gaillimhe ar bheirt chainteoirí Gaeilge'