Céim chun tosaigh i stair achrannach na hollscolaíochta i nDoire

Tá Doire agus an ceantar taobh thiar den Bhanna ar an ngannchuid rófhada

Céim chun tosaigh i stair achrannach na hollscolaíochta i nDoire

Is mithid. Cuirfear tús le cúrsa ollscoile san leigheas i nDoire an bhliain seo chugainn de réir an phlean a d’fhógair Feidhmeannas Stormont an tseachtain seo. Tá súil go mbeidh rath ar an bplean an uair seo.

Bhí an scoil leighis iarchéime de chuid Ollscoil Uladh le hoscailt i gColáiste Mhig Aoidh i nDoire anuraidh ach tháinig an folús polaitiúil in Stormont salach air.

Ní mór do Stormont agus d’Ollscoil Uladh a chinntiú nach gcuirfear a thuilleadh moille ar an togra. Cosnóidh sé na milliúin ach beidh sochar níos mó ná sin le baint as i dtaca le soláthar seirbhísí leighis agus le borradh a chur faoin eacnamaíocht san iarthuaisceart.

Beidh buntáiste le baint as ar an taobh eile den teorainn freisin agus cúram ar rialtas na hÉireann ina leith.

Cuireadh tús leis an bhfeachtas i nDoire sé bliana déag ó shin, agus bhí na páirtithe leasmhara ar fad bainteach leis an éileamh go mbunófaí cúrsa leighis mar chuid d’fhorbairt an choláiste.

Scéal achrannach é stair na hollscolaíochta i nDoire. B’údar conspóide nimhneach é cinneadh an rialtais Aontachtaigh in Stormont sna seascaidí an dara hollscoil sa Tuaisceart a lonnú i gCúil Raithin ar láithreán úrnua agus Coláiste Mhig Aoidh a fhágáil ar an trá thirim.

Murach an feachtas fíochmhar a ritheadh ina aghaidh, bheadh an coláiste druidte.

Ba dheacair adhmad a bhaint as an gcinneadh ach gur col leis an gcathair náisiúnach ba bhun leis. Ghríos an éagóir sin go leor sa chathair chun polaitíochta, John Hume ina measc. Níl aon mhaolú ar an dúil sa chathair i stádas ollscoile do Magee.

B’údar uchtaigh é gur chuir plean athbhunaithe Stormont i mí Eanáir dualgas ar an bhFeidhmeannas moltaí a ullmhú chun Magee a fhorbairt.

I measc na ndualgas bhí bunú na scoile leighis iarchéime agus scéimeanna forbartha a chruthódh cúrsaí agus spás do 10,000 mac léinn.

Gheall Stormont le gairid go gcuirfeadh sé maoiniú ar fáil cóimhéid leis an tsuim atá deonaithe do Chomhairle Dhoire agus an tSratha Báin le haghaidh na scéime ‘City Deal’, £105 milliún. Beidh slám maith den £210 milliún sin ag dul don scoil leighis. Ba í an LeasChéad-Aire Michelle O’Neill a d’fhógair Dé Luain go mbeadh an chéad ghrúpa mac léinn, 70 a bhfuil bunchéim acu i ngach saghas réimse, ag tosú ar a gcúrsa leighis i mí Mheán Fómhair 2021.

Cé go bhfuil cúlú eacnamaíochta dosheachanta de bharr na paindéime Covid-19 meastar go léiríonn an ghéarchéim sláinte an riachtanas atá leis an bhforbairt i nDoire.

Tá ganntanas maoinithe ar institiúidí ardléinn agus éiginnteacht faoina bhfuil i ndán dóibh nuair a osclófar arís iad. Maítear go mbeidh bail níos measa ar Ollscoil Uladh ná ar Ollscoil na Ríona. Ní foláir, áfach, nó gur chuir an Feidhmeannas é sin san áireamh sular deineadh fógra an Luain.

Tá gá ag Tuaisceart Éireann fré chéile le breis dochtúirí. Cáilíonn timpeall 270 dochtúir sa bhliain in Ollscoil na Ríona i mBéal Feirste, an t-aon scoil leighis abhus. Sula raibh aon chaint ar phaindéim chinn an Roinn Sláinte go raibh gá le 100 mac léinn leighis sa bhreis gach bliain; tá súil go líonfaidh an cúrsa i gColáiste Mhig Aoidh an bhearna sin.

Tá fadhb sheanbhunaithe i nDoire agus san iarthar fré chéile, ospidéil bhreátha in Ailt Mhic Dhuibhleacháin agus in Inis Ceithleann ach é ag cliseadh orthu oiread speisialtóirí agus ba mhian leo a mhealladh chucu. Is amhlaidh an cás le dochtúirí teaghlaigh.

Áiríodh gur íoc Iontaobhas Sláinte & Cúram Sóisialta an Iarthair £27 milliún as dochtúirí ionaid, altraí agus oibrithe eile in aon bhliain amháin; bhain cuid mhaith den chostas sin le deacrachtaí daoine a earcú, fadhb a mhaolófaí dá mbeadh ollscolaíocht san leigheas sa réigiún.

Léiríonn an taighde gur mó seans go meallfar daoine ardcháilithe chuig ceantair ina bhfuil cúrsa ollscoile agus taighde ar siúl. Tá cúrsaí eolaíochta bithleighis agus altranais i gColáiste Mhig Aoidh cheana féin agus chinnteodh an scoil leighis, ina dteannta sin, go dtiocfadh bláthú ar chúrsaí leighis san réigiún dar le lucht acadúil an choláiste.

Ní de sheans a tháinig na forálacha maidir le forbairt Choláiste Mhig Aoidh faoin gceannteideal ‘Infheistíocht’ sa cháipéis maidir le athbhunú Stormont, New Decade, New Approach. Admháil ab ea na forálacha sin ar an bhfaillí a bhí déanta san ‘dara cathair’ agus an géarghá le forbairt taobh thiar den Bhanna.

Thug rialtas na hÉireann geallúint ‘i bprionsabal’ i gcáipéis Stormont go gcuirfeadh sé leis an infheistíocht chaipitil chun campas Mhig Aoidh a leathnú. Ba léir go mbeadh sé ag súil le luach saothair – fáil a bheith ag mic léinn ón bPoblacht, go háirithe as Dún na nGall, ar ollscolaíocht cóngarach dóibh i nDoire. D’fháilteodh an rialtas roimh chomhoibriú idir institiúidí 3ú leibhéal sa réigiún, agus an bhéim ar chomhoibriú maidir le taighde agus nuálaíocht a chuideodh le forás eacnamaíochta.

Ní fios cén tionchar a bhéas ag an bpaindéim seo ar chumas na hÉireann infheistíocht a dhéanamh san togra, ach i bhfianaise an sórt caiteachais atá á dhéanamh faoi láthair ní bheadh i gceist ach suim bheag.

Ba thrua agus ba é an feall é gan a chinntiú go mbeadh rath ar an togra. Tá Doire agus an ceantar taobh thiar den Bhanna ar an ngannchuid rófhada agus ba mhór an tairbhe don réigiún ar dhá thaobh na teorann é rath a bheith ar an bhfiontar.

Fág freagra ar 'Céim chun tosaigh i stair achrannach na hollscolaíochta i nDoire'