Ceathrar a bhí ann 30 bliain ó shin do chéad ghig Kíla. Tá a 19ú albam ar fheabhas…

Labhair Tuairisc.ie le Rossa Ó Snodaigh faoi aistear Kíla, an banna Gaelach iomráiteach a bhfuil albam beo úr amuigh acu

Ceathrar a bhí ann 30 bliain ó shin do chéad ghig Kíla. Tá a 19ú albam ar fheabhas…

Bhí ceathrar ag an chéad choirm ceoil ag Kíla.

30 bliain níos moille tá 19 albam, fuaimrianta scannán, ceol don ardán agus tograí mistéireacha eile curtha amach acu. Is é an t-albam beo, Alive, an saothar is déanaí uathu.

Is cuimhin le Rossa Ó Snodaigh na laethanta luatha éiginnte sin agus an chéad ghig.

“Bhuel, ní gig a bhí ann i ndáiríre ach chuamar chuig seisiún ar BLB Radio, is é sin Bray Local Broadcasting, áit a raibh Rónán Ó Dubhthaigh, a bheadh ina chéad bhainisteoir ar Raidió na Life lá níos faide anonn.

“Roimh an seisiún, bhí muid ag cleachtadh i ngaráiste mhuintir Odlum – bhí an giotáraí Carl Odlum ar scoil linn – ach ag an am sin, ní raibh a fhios agam go raibh difear idir dord agus giotár,” arsa Rossa ag gáire.

Sa Baggot Inn i mBaile Átha Cliath a bhí an chéad cheolchoirm cheart a rinne Kila.

“Chuaigh Eoin Dillon, an píobaire a bhí againn go dtí le déanaí, isteach sa Baggot Inn agus d’fhiafraigh den bhainisteoir an ligfeadh siad dúinn coirm a dhéanamh san áit agus dúirt sé ‘yeah’.

“Rinne cara linn póstaer beag a bhí ar crochadh taobh amuigh agus oíche an ghig, tháinig ceathrar isteach!” arsa Rossa.

Is mór mar a d’athraigh an saol do Kíla ó shin i leith.

Tá an domhan siúlta acu agus iad ag seinm ag féilte iomráiteacha ar nós Electric Picnic, Glastonbury, the Cambridge Folk Festival agus Féile Snagcheoil Montreaux.

Tá ceol cumtha acu mar bhuíon, agus mar cheoltóirí aonair, do scannáin, do dhrámaí agus do gach saghas togra ealaíne eile anuas ar an 19 n-albam atá curtha amach acu. Ach cad é mar a d’athraigh ceol Kíla ó na laethanta luatha sin? Is doiligh le Rossa Ó Snodaigh a mhéar a chur air.

“Bíonn atmaisféar ar leith ag baint le gach albam atá déanta ag Kíla, tá difear an domhain idir Tóg É go Bog É agus Luna ParkSosheen.

“Is deis don tsamhlaíocht é gach píosa ceoil a chumann muid agus an tionlacan a théann le gach ceann acu,” ar sé.

Aontaíonn sé liom go bhfuil saol an cheoil nua-aimseartha i nGaeilge thar a bheith corraitheach faoi láthair agus grúpaí úra ar nós IMLÉ agus Dysania ag teacht chun cinn.

“Tá an Puball Gaeilge ag Electric Picnic é eagrú agamsa le 10 mbliana anois agus ní fheicim ach fás agus borradh ar an gceol nua-aimseartha Gaeilge maidir le cumas, le samhlaíocht agus le tallann. Ach níor seinneadh saothar s’againne ar 2FM ach b’fhéidir dhá uair taobh istigh d’achar 30 bliain; mar sin níl baol ann go seinnfear an stuif úr Gaeilge seo,” ar sé.

Deir sé go gcaithfidh daoine féilte a chruthú ar fud na hÉireann le hardán a thabhairt do cheol na nGael.

Ós ag caint ar ardáin é, cén fáth gur roghnaigh Kíla albam beo eile a dhéanamh?

“Bhuel, le blianta beaga anuas, bhí muid ag taifeadadh a lán stuif nua ach d’imigh Eoin, an píobaire a bhíodh againn, dhá bhliain ó shin agus tháinig píobaire nua isteach. Mar sin, rinneadh athchruthú ar an mbuíon agus ar na foinn a bhí á seinm againn,” arsa Ó Snodaigh.

“Bhí fear an doird, Brian Hogan ag éisteacht le cuid de na taifeadtaí a bhí déanta againn roimhe seo agus dúirt sé linn go raibh an choirm áirithe seo iontach maith agus gur chóir dúinn é a chur amach mar albam beo.

“Chuaigh seisean ag obair air agus sin mar a tháinig an t-albam úr ar an saol.”

Ní gnáth-cheolchoirm Kíla  a bhí ann, dar leis, mar bhí an lucht féachana ina suí lena linn cé gur minice an lucht féachana bheith ag damhsa. Ach bhí caighdeán na fuaime san Ionad Ealaíne i dTamhlacht  go hiontach.

“De ghnáth nuair atá tú ag seinm ceol beo, ní bhíonn an fhuaim chomh maith sin ach bíonn an t-atmaisféar go hiontach agus cruthaíonn sé sin rud éigin eile.

“An oíche áirithe seo, tháinig gach rud le chéile – an fhuaim, an t-atmaisféar – agus bhí gach éinne againn i mbarr ár maitheasa,” arsa Ó Snodaigh.

Ar an albam úr, tá éagsúlacht mhór stíleanna ann, cuid acu 100% Éireannach, cuid eile a bhfuil tionchar cheolta na cruinne le mothú orthu.

Ar na hamhráin is fearr liom féin – agus maireann sé níos mó ná deich mbomaite – tá ‘Seo mo Leaba/Am Reel’ a d’eascair as an chaidreamh atá ag an bhuíon le bean as an Pholainn.

“Bhí mé ag seinm le ‘chanteuse na Polainne’, Kayah, i Vicar Street agus chuir sise amhrán traidisiúnta ón Pholainn le ceann de na foinn atá againne agus bhí sé gleoite!

“Tháinig sé aniar aduaidh orainne agus í á chanadh agus luigh sé go hálainn leis an phíosa ceoil.”

Ta sé go hiontach nuair a thagann tú ar rud álainn nó spleodrach nach mbíonn tú ag dúil leis. Is amhlaidh an atá le Alive le Kíla. Sáralbam.

* Tá Kíla – Rónán, Rossa, agus Colm Ó Snodaigh, Dee Armstrong, Brian Hogan, Seanán Brennan, Dave Hingerty agus James Mahon – ag déanamh gigeanna in Éirinn, i Sasana agus sa Rúis sna míonna atá romhainn – tá gach eolas ag https://url.ie/11vnc

  

Fág freagra ar 'Ceathrar a bhí ann 30 bliain ó shin do chéad ghig Kíla. Tá a 19ú albam ar fheabhas…'

  • Maitiu

    Ana-mhoralach astu, gura fada buan beomhar buailteach barrach iad!