Céard a bhíonn acu i Rang a Cúig? Níl a fhios agam céard atá agam i mo mhála láimhe féin…

Is treise an marcóir aibhsithe neonbhuí ná claíomh. Sin ceann de na ceachtanna a d’fhoghlaim ár gcolúnaí an tseachtain seo

Céard a bhíonn acu i Rang a Cúig? Níl a fhios agam céard atá agam i mo mhála láimhe féin…

‘Mamaí,’ a deir Beainín na Naíonáin Bheaga liom an tráthnóna cheana, ‘an raibh a fhios agat nach mbíonn an dream i Rang a 5 ag bacadh le criáin ná tada mar sin ina gcuid pencil case-anna?’

Is liosta le háireamh iad na rudaí nach bhfuil aon eolas agam orthu. Ní hamháin nach bhfuil a fhios agam céard a bhíonn ina gcásanna peann luaidhe ag an dream atá i Rang a Cúig, ach níl a fhios agam go beacht céard atá agam i mo mhála láimhe féin.

Is rúndiamhair ghlórmhar é an mála gualainne a chartaim thart chuile lá agus níl aon insint ar mhistéirí na dtrí bag for life atá sáite isteach faoin staighre agam ó lár mhí Iúil is mé ag faire ar dheis ‘cheart’ le dul tríothu.

‘Mór an t-ionadh é sin,’ a dúirt mé le Beainín na Naíonáin Bheaga.

‘Céard a bhíonn acu?’ a d’fhiafraigh mé diagus mé tarraingthe isteach i scéal na gcásanna peann luaidhe.

‘Óra, b’fhéidir cúpla biro agus sin é!’ a deir sí agus ba léir go raibh an scéal seo théis geit a bhaint aisti.

Is dócha nach mbíonn siad ag déanamh an oiread dathú libhse,’ a deir mé. ‘B’fhéidir,’ a dúirt sí go machnamhach. ‘Is dóigh gur biros uilig a bheidh agamsa mé féin nuair a bheidh mé i Rang a 5.’

‘Wowaí!’ arsa an Babaí, é amuigh sa halla agus ag cartadh sna bags for life. Bhí barúil agam nach ag déanamh iontais de scéal na mbiros a bhí sé.

Bhí ceann de mhistéirí na málaí fuascailte aige agus ba gheall le claíomh an trodaí an peann aibhsithe neonbhuí a bhí ina láimh aige. Deirtear gur tréine an peann ná an claíomh, is ceapaim go bhfuilim sábháilte go leor nuair a deirim gur tréine arís an marcóir aibhsithe neonbhuí.

Féadfaidh tú é sin a fhágáil istigh sa gcistineach, maith an buachaill,’ a dúirt mé agus crith i mo ghlór.

‘Bhí’s a’m é sin Mamaí sular dhúirt tú é,’ a deir sé. ‘Ok,’ a deir mé. Is d’fhág mé aige sin é, le grá don réiteach.

Níor chuimhnigh mé arís ar an marcóir go dtí cúpla lá ina dhiaidh sin nuair a thug mé faoi deara lonradh, méarnáil nó bairís éicint, ar an ngrúta idir na tíleanna sa seomra folctha.

Cheap mé ar dtús go mb’fhéidir gur lonrú neamhshaolta ó chaonach aisteach éicint a bhí théis fás sa ngrúta a bhí ann. Cineál nua caonaigh, seans, nach raibh feicthe riamh cheana, ach i bpluaiseanna fosfaraíocha na Nua-Shéalainne.

Ní chuirfeadh sé aon iontas orm dá mbeadh, óir tá leath mo shaoil curtha amú agam ag iarraidh dath bán a choinneáil ar an ngrúta sin. Ní oibríonn Domestos agus ní oibríonn Cillit Bang. Ní oibríonn sciúradh ná achainí ná pléadáil ach an oiread.

Chuimhnigh mé ansin ar an marcóir mór buí agus ar an trodaí beag. Níl a fhios agam céard a bhainfidh an neonbhuí anois den ghrúta, ach sílim go mbainfidh mé triail as tipp-ex.

Fág freagra ar 'Céard a bhíonn acu i Rang a Cúig? Níl a fhios agam céard atá agam i mo mhála láimhe féin…'

  • Derry O'Sullivan

    Cuntas beoga,gasta,anamúil – tuilleadh led’ thoil,Bridget!
    Derry O’Sullivan