Tá sé ina Nollaig, tráth a mbíonn foilsitheoirí faoi riocht seoil agus leabhair Ghaeilge ag teacht chugainn ina maidhmeanna. Céard iad na teidil arbh fhiú leagan orthu sna gearróga dubha? Seo iad rogha Tuairisc de theidil na bliana.
Ficsean
- Sí, Seán Ó Muireagáin. Éabhlóid, €15.
Lonnaítear carachtair agus plota an úrscéil seo go daingean i ndreach tíre agus pobal iarthar Dhún na nGall. Ní i bhfad ó na gleanntáin ghlasa a chónaíonn Hannah Ní Bhroinn agus a haint Brídín Nic Giolla Mhian. Rúndiamhair dhorcha a thagann idir iad agus suaimhneas. Cuibhrithe agus sáinnithe os coinne an tsaoil, méadaíonn ar theannas an scéinséara seo de réir a chéile.
- An Cláirseoir, Diarmaid Johnson. Leabhar Breac, €16.
Baineann ábhar an úrscéil staire seo le bunadh agus sliocht Iarlaí Chill Dara agus titeann na heachtraí amach idir 1095 agus 1170. Nó mar a chuirtear síos go comair air sa mbrollach: ‘Gearalt de Windsor agus a chine. Tháinig siad. D’imigh. Inseofar a scéal. Scéal céad bliain. Scéal trí thír. Scéal ionradh na Normannach ar Éirinn.’ Seoid ón sí í an chláirseach a deirtear linn i nDuan Molta na Cláirsí agus séad próis ó láimh saoir is ea an scéalaíocht seo.
Filíocht
Cuimse filíochta a foilsíodh le bliain anuas, dea-chomhartha bisiúlachta agus tuar dóchais.
- Dánta idir Shean agus Nua, Áine Ní Ghlinn. CIC, €15. Dánta úra agus rogha dá saothar filíochta go dtí seo chomh maith le haistriúcháin a rinne Theo Dorgan.
- Cumraíocht, Máire Uí Ráinne. CIC, €12. Dhá chnuasach filíochta in aon cheann amháin mar cuirtear Snáth Ceangail (2015) ar fáil arís ina cheann ar dhánta cumasacha nua.
- Mainistir na Feola, Laoighseach Ní Choisdealbha. Barzaz, €15. Glór láidir fiosraitheach, ceistitheach, neamheaglach.
- Faoi Scáil Gheal na hIndia, Gabriel Rosenstock. LeabhairComhar, €14. Cíoradh sna dánta seo ar an gcomaoin chultúrtha atá curtha ag an India ar dhearcadh ealaíne agus saoil Gabriel, grianghraif le Debiprasad Mukherjee.
- Dordéan, Róise Ní Bhaoill. Éabhlóid, €14. Bailiúchán dánta taistil ar shála Idir an Dá Fhearsaid a foilsíodh anuraidh.
- Faoi Láthair Seal, Pádraig Ó Snodaigh. Coiscéim, €15. An díolaim deiridh. Cúis uaignis don aos dána trí chéile imeacht Phádraig uainn i mbliana. Mairfidh a chraobh ar an bhfál.
Dírbheathaisnéis
- Mo Scéal Fhéin, Gearóid Willie Ó Fátharta. CIC, €15.
Is iomaí léargas ar an athrú saoil atá le fáil sa gcuntas macánta croíúil seo ar aistear ilteangach Gerry Willie ó Chois Fharraige go dtí Meiriceá Theas mar shagart de chuid Ord na gColmbánach agus an turas fillte ar na hAille in éineacht lena bhean Geneci agus a gcomhluadar. Tháinig sé faoi anáil ghluaiseacht Chearta Sibhialta na Gaeltachta sul má chonaic sé spídiúlacht agus brúidiúlacht na n-údarás sa tSile agus sa mBrasaíl. Tá tráchtaireacht ghéarchúiseach ar dhiagacht agus cultúr polaitiúil na heaglaise uaidh freisin. Ní sheachnaíonn sé an fhírinne shearbh agus é fillte ar ghort an bhaile ach oiread. Tabhair scéal air.
- Clann na Seanamhuintire, Breanndán Ó Beaglaoich. Airt, €25.
Inphrionta nua é seo a bhunaigh Cormac Begley. Dírbheathaisnéis a athar, Breanndán, an chéad teideal. An té is óige de naonúr clainne, tarraingíonn Breanndán ar a thaithí ar cheárta Bhaile na bPoc, príosún Bhaile Átha Cliath agus críocha an cheoil ar fud an bhaill. Scríofa i nGaoluinn bhreá Chorca Dhuibhne, déanann sé machnamh ar a mhuintir féin agus ar an traidisiún as ar fáisceadh é. Chuidigh Camilla Dinkel le leagan Béarla den leabhar a chur ar fáil chomh maith, Of My People.
Gaeltacht
- Castar linn é – scríbhinní saoil, Peadar Neilí Ó Domhnaill. In eagar ag Máire Ní Chualáin, Éamon Ó Ciosáin, Peadar Ó Flatharta. CIC, €15.
As an gCaorán Beag ar an gCeathrú Rua do Pheadar Neilí Ó Domhnaill (1903-1961) agus baineann an bailiúchán de scríbhinní ócáideacha seo le tréimhse shuimiúil idir na 1930idí go dtí na 1950idí. Tá saibhreas smaointeoireachta agus teanga san ábhar a foilsíodh ar Scéala Éireann, Ar Aghaidh, Comhar, ar Raidió Éireann agus i dtréimhseacháin agus nuachtáin eile. Tugtar léargas sna píosaí ar ghnóthaí áitiúla agus náisiúnta, an imirce, an timpeallacht agus saothrú na farraige i measc ábhair eile.
- Glór ón Sceilg: Scríbhinní le Micheál Ua Ciarmhaic. In eagar ag Máirín Nic Eoin agus Mary Shine Thompson. Cló Ollscoile Chorcaí, €25.
Ábhar próis agus filíochta a roghnaíodh ó ocht gcinn de bhunleabhair Ghaeilge a d’fhoilsigh an t-údar Mícheál Ua Ciarmhaic (1906-2005) ó Bhaile an Sceilg idir 1984 agus 2000. Is é an cuspóir a chuir na díolamóirí rompu ná pearsantacht agus saoltuiscint Uí Chiarmhaic a léiriú. Tá togha ábhair sa gcaibidil ‘An Dúlra agus an Duine’ mar shampla, léargas ar na ceisteanna cultúir agus comhshaoil a bhí tábhachtach dó. Léirítear Uíbh Ráthach go healaíonta físiúil i léarscáil álainn ó láimh Tim O’Neill chomh maith.
Aistriúcháin
- An Saol Sona, David Foenkinos, aistritheoir: Máirín Ní Mhárta. Barzaz, €15
Anuraidh a foilsíodh La vie heureuse agus tá Barzaz ar thús cadhnaíochta arís eile le scoth an phróis chomhaimseartha ón bhFraincis. Úrscéalaí cruthanta é David Foenkinos agus cáil mhór ar a shaothar sa bhFrainc. Baineann an t-úrscéal seo le hathsheansanna ar shonas sa saol. Tugtar go dtí an Chóiré Theas muid agus gnás thall ann ina ndéanann tú do shochraide féin a phleanáil. An mbíonn meabhair nua as an bpíosa agat ar bhrí na beatha dá bharr? Léigh leat go bhfeicfidh tú. Tá ardchúram déanta den leagan aistrithe ag Máirín Ní Mhárta.
- Eachtra Saíd, Josep Lorman, aistritheoir: Róisín Sheehy. An Gúm, €10.
Fágann Saíd a mhuintir agus a chailín Jamila ina dhiaidh i Marocó le dul sa bhfiontar ar shaol nua i mBarcelona. Bíonn coimhthíos agus doicheall roimhe agus tagann fuath agus foréigean chun cinn freisin. Úrscéal é seo a gcuirfidh déagóirí agus daoine fásta spéis ann. Aistriúchán a rinne Róisín Sheehy ar L’aventura de Saïd ón gCatalóinis.
- Diskan | Agallamh. In eagar ag Éamon Ó Ciosáin. Al Liamm & Coiscéim, €13.
Aistriúcháin Ghaeilge a rinne Máirtín Ó Cadhain i bpáirt le Gwion Hernot ar cheithre ghearrscéal Briotáinise le Jakez Riou (1899-1937). Tá leagan Briotáinise den ghearrscéal cáiliúil ‘Glantachán Earraigh’ agus réamhrá láneolais sa leabhar chomh maith.
Fág freagra ar 'Cérbh iad leabhair Ghaeilge na bliana 2025? (Cuid a haon)'