‘Tá an Ghàidhlig ar cheann de na sócmhainní eacnamaíochta is fearr dá bhfuil againn’ 

Tá tionscnamh úr darb ainm 'Tog' seolta chun tacú leis an Ghàidhlig trí dheiseanna fostaíochta a chruthú i gceantair láidre Gàidhlig in Albain

‘Tá an Ghàidhlig ar cheann de na sócmhainní eacnamaíochta is fearr dá bhfuil againn’ 

Sheol LeasChéad-Aire agus Aire Gàidhlig na hAlban, Kate Forbes, tionscnamh úr darb ainm ‘Tog’ ag ócáid a bhí ar siúl in Inbhear Nis na hAlban an tseachtain seo.

Poist a chruthú agus fás eacnamaíochta a neartú i gceantracha ina labhraítear an Ghàidhlig de ghnáth ceann de phríomhaidhmeanna an tionscnaimh seo de chuid rialtas na hAlban.

Oibreoidh ‘Tog’ le comhlachtaí poiblí, údaráis áitiúla agus ceannairí gnó chun a chinntiú go mbainfidh an maoiniú don Ghàidhlig buntáistí praiticiúla agus intomhaiste amach don eacnamaíocht áitiúil.

Agus í ag seoladh an tionscnaimh úir seo, dúirt Forbes gur cur chuige úr é ‘Tog’ agus go bhfuil “postanna agus rathúnas áitiúil” anois i gcroílár an scéil agus “muid ag tacú leis an Ghàidhlig”.

Dúirt sí go dtig leo trí oibriú le húdaráis agus pobail áitiúla a chinntiú go dtiocfaidh “buntáistí móra” as an infheistíocht agus go gcruthóidh sé “deiseanna do na glúnta atá le teacht”.

Ag tagairt di do Achd nan Cànan Albannach 2025 (Acht na dTeangacha Albanacha) a tháinig i bhfeidhm le gairid, dúirt sí go “dtógann sé seo ar an dul chun tosaigh atá déanta le gairid agus cumasaíonn sé tacaíocht spriocdhírithe a chur ar fáil i gceantracha ina labhraítear an teanga go traidisiúnta”.

Bronnadh stádas oifigiúil ar Gàidhlig na hAlban den chéad uair riamh an mhí seo a chuaigh thart nuair a tugadh feidhm don fhoráil in Achd nan Cànan Albannach (Acht na dTeangacha Albanacha)

Dúirt ball den ghrúpa gníomhaíochta de chuid ‘Tog’, Donald Maciver, go bhfuil “an Ghàidhlig ar cheann de na sócmhainní eacnamaíochta is fearr dá bhfuil againn nach bhfuil leas bainte againn aisti go fóill.”

Dúirt sé go dtig leis an Ghàidhlig “cur leis an rathúnas” i bpobail tuaithe agus nár cheart a bheith ag amhanc siar ach gur cheart amhanc chun tosaigh agus “todhchaí níos fearr” a chruthú.

De réir an daonáirimh is deireanaí, bhí méid áirithe Gàidhlig ag 130,161 duine in Albain in 2022, sin méadú de 43,105 ó 2011.

Ba iad Na h-Eileanan Siar in Albain an áit ba mhó a raibh cainteoirí Gàidhlig agus dúirt 57.2% de na daoine sa cheantar sin go raibh roinnt scileanna Gàidhlig acu.

Agus stádas oifigiúil ag an Ghàidhlig anois táthar ag súil go gcuideoidh an tionscnamh úr ‘Tog’ le cúrsaí eacnamaíochta i gceantracha Gaeltachta na hAlban agus go mbeidh tionchar dearfach aige sin ar an teanga.

Fág freagra ar '‘Tá an Ghàidhlig ar cheann de na sócmhainní eacnamaíochta is fearr dá bhfuil againn’ '