Ceannas an dollair faoi bhagairt ar gach taobh

Ó thaobh na heacnamaíochta de, tá an chosúlacht air go bhfuil muid ag dul i dtreo ‘domhan amháin, dhá chóras’

Ceannas an dollair faoi bhagairt ar gach taobh

Bagairt eile do cheannas an dollair sa trádáil dhomhanda is ea an plé idir an Airgintín agus an Bhrasaíl i dtaobh comh-airgeadra a bhunú don dá gheilleagair is mó agus is láidre i Meiriceá Theas.

Tá an plé seo ar siúl tráth go bhfuil pleananna á gcur chun cinn chun dul ar aghaidh leis an airgeadra BRICS [An Bhrasaíl, an Rúis, an India, an tSín agus an Afraic Theas] ar mhaithe le rogha eile a thabhairt seachas an dollar i gcúrsaí trádála domhanda.

Tá an scéal seo ag éirí níos práinní mar gheall ar an gcaoi a bhfuil na Stáit Aontaithe ag baint leas as an dollar le brú a chur ar thíortha a mbíonn siad i gcoimhlint leo.

Ar fud an domhain, tháinig 24 tír faoi smachtbhannaí nó páirt-smachtbhannaí trádála ó SAM agus cumhachtaí eile an Iarthair, ina measc an Rúis, an Iaráin, Cúba, An Veiniséala, An Chóiré Thuaidh, an Iaráic agus an tSiria. Agus, ar ndóigh, bíonn Meiriceá ag bagairt srianta trádála agus smachtbhannaí, fiú ar an tSín.

Ceapann a lán eacnamaithe go ndearna na smachtbhannaí seo níos mó dochair don Iarthar ná mar a dhein siad do na tíortha sin. Ach toisc go mbíonn Meiriceá ag gabháil seilbhe ar thaiscí dollair na dtíortha sin, tá tíortha eile ann nach féidir leo breathnú anois ar an dollar mar thaisce slán dá bhfarasbarr trádála.

Tá an faitíos sin go láidir in intinn na hIndia, mar shampla; agus tá fiú an Araib Shádach ag iarraidh a dtaiscí farasbairr a leathnú amach ionas nach mbeidh siad ag brath go hiomlán ar an dollar.

Deir an t-anailísí polaitiúil, Andrew Korybko (ar Meiriceánach é) sa Cradle go ndearna an t-iarthar feall nuair a ghabh siad acmhainní na Rúise thar lear is gur mhill siad muinín an domhain sa gcóras domhandaithe atá dírithe ar an Iarthar.

Tá dlús curtha, dar leis, leis na próisis dhídhollaraithe agus ilpholachta i dtreo córas a bheidh dírithe níos mó ar an domhan mór – taobh amuigh den Iarthar.

Chuir an IMF [Ciste Airgeadaíochta Idirnáisiúnta] ar an taifead gur laghdaíodh sealúchais dollair i mbainc cheannais an domhain in 2020 ó 71% go dtí 59%, sampla den laghdú ar thionchar Mheiriceá ar eacnamaíocht an domhain.

I gcás Mheiriceá Theas, bhí an dollar in ard a réime ansin le fada an lá, ach de réir mar a thagann rialtais den eite chlé i réim ansin, táthar ag breathnú níos mó ar an dollar mar ualach a choinníonn faoi smacht Mheiriceá iad.

Ar ndóigh, bhí Lula, an tUachtarán nua-thofa ar an mBrasaíl, ar dhuine de bhunaitheoirí an airgeadra BRICS.  Agus tá dlús curtha faoin airgeadra seo le tamall, agus an tSín ag éirí níos gníomhaí sa scéal.

Tá cruinniú mullaigh á eagrú ag tíortha an BRICS san Afraic Theas i mí Lúnasa. In éineacht leis an mBrasaíl, an Rúis, an India, an tSín agus an Afraic Theas, tá iarratais tagtha ón Araib Shádach, ón Éigipt agus ón Tuirc le bheith ina mbaill den ghrúpa, agus tá an Airgintín agus an Iaráin ag leanúint a sampla.

Dúirt Sergéi Lavrov, aire gnóthaí eachtracha na Rúise, go bhfuil dianphlé i leith an airgeadra pleanáilte don chruinniú sin.

Mar sin féin níl an margadh déanta ar fad faoi láthair. Tá difríochtaí – polaitiúla agus trádála – idir an tSín agus an India, ach de réir mar a thagann níos mó tíortha isteach, laghdófar ar thábhacht agus ar thionchar na ndifríochtaí sin mar laghdófar cumhacht an Síne sa ngrúpa dá réir.

Go deimhin, tá na rialacha athraithe cheana ag an tSín le fiontair fhorbartha amhail an tionscnamh ar a dtugtar Crios is Bóthar [B&R} agus Eagraíocht Comhoibrithe Shanghai, a bhfuil ocht dtír páirteach ann cheana.

Tá caidreamh speisialta bunaithe ag an tSín leis an Rúis agus leis an Iaráin, agus anuraidh den chéad uair bhí ardchruinniú san tSín le Opec+.

Tá an chosúlacht air, mar a deir an Financial Times, go bhfuil muid ag dul i dtreo ‘domhan amháin, dhá chóras’. Go deimhin, d’fhéadfadh trí bhloc a bheith ann: an tIarthar (G7 móide an Astráil), BRICS+, agus tíortha eile ag freastal ar an dá thrá.

Sa gcás sin ní fhéadfadh nach mbeadh tionchar aige ar an gcóras airgeadais idirnáisiúnta in éineacht le brúnna trádála.

Ar ndóigh tá an tAontas Eorpach sa bhfaopach anseo.  Cibé saoirse gníomhaíochta a bhí aige tá sé sin laghdaithe go mór ag cogadh na hÚcráine, agus an grúpa ag brath níos mó ná riamh ar Mheiriceá ó thaobh na heacnamaíochta, na polaitíochta agus na trádála de.

In éagmais aon chomhoibriú leis an Rúis agus gan doras oscailte roimh an tSín, tá an Eoraip curtha ar ais i bpóca Mheiriceá.

Fág freagra ar 'Ceannas an dollair faoi bhagairt ar gach taobh'

  • Saoiseoir

    Tá rogha eile ann freisin ar ndóigh, is é sin Bitcoin, nó criptea-airgeadraí eile. Tá úsáid BTC ag fás go mór – go háirithe i dtíortha bochta – agus ceann de na buntáistí leis ná nach bhfuil sé faoi smacht ag aon tír mhór ná bheag.