Ceann de na naíonraí is mó sa Ghaeltacht i mbaol a dhúnta ceal foirne

Tá sé fógartha ag Bord Stiúrtha An Crann Taca/Ionad Tacaíochta Teaghlaigh in Indreabhán nach mbeidh an t-ionad in ann feidhmiú mura n-éiríonn leo bainisteoir nua a fháil roimh dheireadh mhí Feabhra

Ceann de na naíonraí is mó sa Ghaeltacht i mbaol a dhúnta ceal foirne

Tá an baol ann go ndúnfar ceann de na naíonraí is mó sa Ghaeltacht an mhí seo chugainn mura sárófar fadhbanna earcaíochta.

Tá sé fógartha ag Bord Stiúrtha An Crann Taca/Ionad Tacaíochta Teaghlaigh (ITT) in Indreabhán i gConamara go bhfuil ciorrú le déanamh ar chuid de na seirbhísí a chuirtear ar fáil ann agus nach mbeidh an t-ionad in ann feidhmiú ar chor ar bith mura n-éiríonn leo bainisteoir nua a fháil roimh dheireadh mhí Feabhra.

Breis is 120 páiste a bhíonn ag freastal ar an ITT ach tá brú tagtha ar an ionad le tamall anuas mar gheall ar ghanntanas foirne. Tá sé fógartha anois go bhfuil bainisteoir reatha an ionaid ag fágáil ar an 29 Feabhra agus imní léirithe ag an mbord stiúrtha nach líonfar an folúntas.

I litir a seoladh chuig tuismitheoirí na ngasúr a bhíonn ag freastal ar an ionad, dúirt an Bord nach mbeidh “aon rogha againn ach na doirse a dhúnadh” mura n-éiríonn leo bainisteoir nua a earcú.

Cuireann an ITT seirbhís naíolainne, naíonraí, clubanna bricfeasta agus seirbhísí iarscoile ar fáil ach dúradh go raibh plé ann fiú roimhe seo gearradh siar ar chuid de na seirbhísí sin de dheasca easpa foirne.

“Mar is eol daoibh, ní inniu ná inné a thosaigh fadhbanna san earnáil cúraim leanaí ach tá an ghéarchéim tar éis dul in olcas go mór le blianta beaga anuas,” a dúradh sa litir. “Tá cúrsaí foirne dúshlánach san ITT ar chúiseanna éagsúla, faraor, mar atá timpeall na tíre, agus bhí ciorruithe sna seirbhísí dhá phlé againn sula bhfuair muid fógra scoir an bhainisteora. Muna dtagann muid ar bhainisteoir roimh an 29/02/2024 ní bheidh aon rogha againn ach na doirse a dhúnadh.”

Dúradh go raibh “obair na gcapall” déanta ag foireann reatha an ionaid chun na seirbhísí uile a choinneáil ar oscailt in ainneoin an bhrú ach go bhfuil sé “dodhéanta leanacht ar aghaidh mar atá gan tuilleadh foirne a fhostú.”

Tá folúntais do bhainisteoir cúraim leanaí, do leasbhainisteoir cúraim leanaí agus d’oibrithe luathbhlianta á bhfógairt ag an ITT i láthair na huaire.

Dúradh chomh maith go raibh ciorruithe le déanamh ar roinnt seirbhísí reatha agus go bpléifí sin tuilleadh le tuismitheoirí an tseachtain seo.

Fág freagra ar 'Ceann de na naíonraí is mó sa Ghaeltacht i mbaol a dhúnta ceal foirne'