Cead taisteal aon áit sa tír inniu trí mhí ó thús na dianghlasála

Tá formhór na srianta a tugadh isteach chun dul i ngleic le paindéim an Covid-19 á scaoileadh inniu

Cead taisteal aon áit sa tír inniu trí mhí ó thús na dianghlasála

Trí mhí ó thús na dianghlasála, tá formhór na srianta atá fágtha á scaoileadh inniu.

Le linn an deireadh seachtaine, bhí bialanna, tithe tábhairne agus gruaigeadóirí ar fud na tíre ag prapáil le hoscailt den chéad uair ó mhí an Mhárta nuair a tugadh na srianta isteach chun dul i ngleic le paindéim an Covid-19.

Tá cead taisteal aon áit sa tír ón lá inniu ar aghaidh chomh maith, saoirse nach raibh ag daoine ón 27 Márta agus nach raibh in ainm is a bheith ann go dtí an 20 Iúil.

Ach mar a fógraíodh le déanaí, beidh an chuid is mó de na srianta a bhí le scaoileadh ar an 20 Iúil á scaoileadh inniu.

Faoi na hathruithe ar an bplean díchuibhrithe, tá cead oscailte inniu ag gruaigeadóirí agus bearbóirí agus beidh cead ag suas le 50 duine cruinniú le chéile taobh istigh.

Ón lá inniu amach, beidh cead ag 200 duine cruinniú le chéile ag imeachtaí faoin aer agus ardófar sin go 500 duine ón 20 Iúil.

Ceithre mhí ó deimhníodh an chéad chás den choróinvíreas in Éirinn tá cead oscailte inniu ag lucht na n-óstán agus is amhlaidh an cás ag tithe ósta a bhfuil ceadúnas bialainne acu. Ag an mbord amháin a dhéanfar freastal ar chustaiméirí agus caithfidh an scoitheadh sóisialta a bheith i réim.

Tá cead oscailte inniu freisin ag séipéil, amharclanna, pictiúrlanna, ionaid aclaíochta agus sciamheolaithe.

Pictiúr: Leah Farrell/RollingNews.ie

Tá cead ag gach spórt tabhairt faoi chomórtais arís.

Cuirfear tús athuair le sraithchomórtais foirne do dhaoine fásta agus do pháistí, spóirt ina mbíonn gartheagmháil ag imreoirí le chéile, chomh maith le himeachtaí spóirt ag a mbeidh lucht féachana an-teoranta i láthair.

Deir na húdaráis sláinte go gcaithfear cloí i gcónaí leis na beartais a raibh ár leas déanta acu go n-uige seo, an scoitheadh sóisialta, an níochán lámh agus an féinleithlisiú.

Deir siad gurb é iompar pearsanta an duine a choinneoidh an galar seo faoi chois amach anseo.

D’fhógair an Roinn Sláinte tráthnóna inné go raibh duine amháin eile a raibh Covid-19 air básaithe agus deimhníodh trí chás nua den ghalar.

D’fhógair Roinn Sláinte an Tuaiscirt go raibh duine amháin eile a raibh an aicíd air básaithe agus go raibh cás amháin nua deimhnithe.

2,285 duine ar a laghad atá básaithe in Éirinn ó thús na paindéime, 1,735 duine ó dheas den teorainn agus 550 ó thuaidh di.

31,190 cás den ghalar Covid-19 atá deimhnithe go dtí seo in Éirinn, 25,439 cás ó dheas den teorainn agus 5,751 cás ó thuaidh di. Tá cásanna ó shaotharlanna an HSC agus an Nationtal Initiative san áireamh anois i líon na gcásanna ó thuaidh.

Dúirt Príomh-Oifigeach Leighis na Roinne Sláinte, an Dr Tony Holohan, Dé Sathairn go raibh na srianta dianghlasála á scaoileadh a bhuíochas do mhuintir na hÉireann, ach gur “údar mór imní” líon na ndaoine óga a bhfuil an galar á tholgadh acu le tamall.

Den 23 cás nua a fógraíodh Dé Sathairn, bhain 10 gcinn acu (43%) le daoine faoi bhun 35 bliain d’aois agus bhain 8 gcás (35%) le daoine idir 35-54.

 

Fág freagra ar 'Cead taisteal aon áit sa tír inniu trí mhí ó thús na dianghlasála'