Céad slán le Vincent Browne – iriseoir mo linne

Agus deireadh ag teacht anocht le Tonight with Vincent Browne deir ár gcolúnaí, a bhíodh ina aoi go minic ar an gclár, gur ceart d’ionracas Browne a bheith ina eiseamláir acu siúd atá ag tosú amach anois san iriseoireacht

Céad slán le Vincent Browne – iriseoir mo linne

Vincent Brown. Pictiúr: Leon Farrell/RollingNews.ie

Deireadh ré is ea imeacht Vincent Browne ó TV3, cé go bhfuil sé féin ag maíomh nach bhfuil sé ag éirí as an iriseoireacht ar fad ach díreach ag gearradh siar ar an méid oibre, agus an méid struis dá bharr, a bhíonn air.

Ach bhí tionchar mór ag an gclár Tonight with Vincent Browne ar an saol polaitiúil.  Thugadh Browne go fíochmhar fúthu siúd a raibh cumhacht acu, go háirithe na polaiteoirí. Thaitin sin go mór leis an lucht féachana, mar gheall ar an droch-chlú atá ar pholaiteoirí le tamall i bhfianaise na scannal éagsúil, an ghéarchéim airgeadais go háirithe.

Chuir Browne na ceisteanna ar theastaigh ón bpobal go gcuirfí iad, is lean sé leis ag lorg freagra glan soiléir go dtí go bhfuair sé ceann nó go dtí go raibh sé soiléir nach raibh ceann ag teacht.

Ach thug sé deis do dhaoine nach mbíodh ar chláracha den chineál sin de ghnáth – mná, lucht taistil, oibrithe pobail agus urlabhraithe na bpáirtithe beaga ar chlé agus ar dheis – a dtuairimí a chur in iúl, is a gcuid moltaí réitigh a mhíniú.

Ghoill éagothroime na sochaí seo go mór air, ba chosúil. Labhair sé thar ceann na ndaoine nach raibh guth acu, mheabhraigh sé go minic dúinn gur tír shaibhir í Éire agus cheistigh sé an éagóir is bunúsaí. Is é sin nár cheart go mbeadh mionlach beag agus an oiread sin saibhris acu, agus cuid mhór den phobal gan caighdeán maireachtála sásúil acu ar chor ar bith.

Cháin sé drochstaid na seirbhísí poiblí – sláinte, oideachas, tithíocht, is seirbhísí sóisialta do dhaoine faoi mhíchumas – agus chuir sé an argóint chun tosaigh go rialta go bhféadfaí iad a  fheabhsú ach cuid den saibhreas a bhaint de dhaoine saibhre is é a chur ar fáil chun leas an phobail i gcoitinne a dhéanamh.

Ní nach ionadh mar sin go raibh leisce ar pholaiteoirí dul ar an gclár. Is ní nach ionadh go mbíodh an oiread sin daoine ag breathnú air agus é i mbarr a réime –160,000 duine agus é ar siúl ag 11pm.

Tá sé spéisiúil mar sin nach ó chúlra na heite clé Browne.

A mhalairt ar fad.

As cúlra compordach tuaithe in iarthar Luimnigh é ó dhúchas cé go bhfuair sé cuid mhaith dá oideachas i mBaile Átha Cliath, mar ba dhual don aicme sin, i gColáiste Chaisleán Chnucha agus i UCD.

Bhain a mhuintir le Fine Gael agus bhí sé féin gníomhach sa bpáirtí sin nuair a bhí sé san Ollscoil. Tháinig sé go mór faoi thionchar choincheap ‘An tSochaí Chóir (Just Society) a mhol Declan Costello agus é san ollscoile chéanna.

Ar bhealach, chloígh sé leis na prionsabail sin ó shin, agus d’éirigh bearna idir é féin agus Fine Gael – go háirithe nuair a dhiúltaigh an páirtí ainmniúchán toghcháin a thabhairt dó i 1994 – ach i ndáiríre bhí sé soiléir nach raibh na tuairimí céanna aige i dtaobh na polaitíochta is a bhíodh ag Fine Gael faoi cheannaireacht John Bruton.

Bhí clú air cheana mar iriseoir, ar ndóigh, sula ndeachaigh sé le TV3. Bhíodh sé ag tuairisciú ón Tuaisceart do Scéala Éireann i dtús na seachtóidí, agus ina dhiaidh sin, bhíodh sé ag scríobh don Sunday Independent.

Ach bhí dúil mhór aige san iriseoireacht imscrúdaitheach riamh, an cineál iriseoireachta a thabharfadh scéalta chun solais nár theastaigh ó lucht na cumhachta go sceithfí iad.

I 1977 bhunaigh sé an iris Magill ar mhaithe leis an gcineál sin iriseoireachta a chur chun tosaigh agus i 1983 rinne sé athsheoladh ar an Sunday Tribune a thug dúshlán na bunaíochta go dtí 1994.

I 1997 d’fhill sé ar Magill agus is mar gheall ar scéalta a foilsíodh ann a bunaíodh an Binse Fiosraithe faoi chúrsaí pleanála agus fiosrúchán an Oireachtais maidir le cuntais bhainc thar lear.

Bhíodh colúin aige ar an Irish Times agus sa Sunday Business Post agus in 2004 bhunaigh sé Village.

Ag an am céanna, ó 1996, bhí clár raidió aige ar RTÉ, a bhí ina eiseamláir dá chlár ar TV3 ina dhiaidh sin.  Bhí sé le RTÉ ar feadh deich mbliana, agus chuir sé nach mór deich mbliana isteach le TV3.

Tá sé deacair saol na hiriseoireachta agus na craoltóireachta a shamhlú gan é, mar tá an oiread sin déanta aige.

Ach is ceart go mbeadh sé ina eiseamláir dóibh siúd atá ag tosú amach anois san iriseoireacht: ná scríobh aon rud nach gcreideann tú féin ann; ná scríobh aon rud toisc go dteastaíonn ón té atá i gceannas go scríobhfá é; bíodh do chuid iriseoireachta bunaithe ar fhíricí agus bíodh na fíricí sin seiceáilte arís agus arís eile; cuir ceist is éiligh freagra, arís is arís eile más gá; tabhair dúshlán lucht na pribhléide; agus bí oscailte don dá thaobh ar gach scéal.

Ach, thar aon rud eile, bí ionraic.

Níl aon amhras orm ach gurb é Vincent Browne mór-iriseoir mo linne in Éirinn, agus ba chailliúint mhór dá gcuirfeadh an drochshláinte isteach ar a ghlór sainiúil.

’Sea, ní bheidh a leithéid ann arís, mo léan.

Fág freagra ar 'Céad slán le Vincent Browne – iriseoir mo linne'

  • Seán Ó Floinn

    Níor chuir sé aon cheisteanna deacra ortsa mar is Cummannach atá ionat. Ar thug tú tacaíocht don Aontas Sóivéadach agus an dóigh leat gur cheart dúinn an Cummannachas a thabhairt isteach in Éirinn?

  • Seán

    Ní féidir liom aontú leis an méid atá scríofa ag Eoin. Cheapas nach raibh riamh uaidh ach a phointe féin a chur os comhair lucht féachanna/éisteachta. Bhíodh clár Raidió aige istoíche tráth den tsaol, ní thuigfeá é fiú, ceisteanna móra fadálacha, ní iontas nach bhfuair sé freagraí mar go mbeadh an ceist dearmadtha ag an té a mbeifí ag cur na ceisteanna orthu.
    Ní chaonfar a imeacht.

  • Feardorcha

    Ba é an t-aon láithreoir teilifíse in Éirinn a labhraíodh gnáthdhaoine a bhí patuar faoi amadáin na polaitíochta ina thaobh le cion agus meas, i mo thaithí féin. Thug sé dúshlán O’Brien, RTÉ, na bpolaiteoirí, na gceardchumann, na coitiantachta. Fathach iriseora.

  • eamonn an chnoic

    Cén fáth nach mbeadh tú ag tabhairt moladh do Brown. Nach raibh tú I gcónaí ar a chlár! Ag nochtadh tuairimí seafóideacha cumannacha!!

  • Fionnuala

    Guth difriúil ar leith a bhí aige, i measc na meáin aonchinéalacha eile. Bhain mé sult as i gconaí agus aireoidh muid uainn é sílim.

  • Gabriel Rosenstock

    Níor sheas sé leis an teanga, mar láithreoir teilifíse ná mar eagarthóir irise.
    Slán!

  • Seán Mag Leannáin

    Cheap mé riamh go raibh sé lán dá thábhacht féin – tréith nach mbaineann le duine a bheadh ina mhóririseoir.

  • Seosamh

    Rude are bith faoi Chathal Mac Coille.