Cead pleanála diúltaithe d’fhoirgneamh nua ag Óstán Árann

Bhí sé beartaithe ollphuball atá le taobh Óstán Árann a leagan agus foirgneamh buan a thógáil ina áit

Cead pleanála diúltaithe d’fhoirgneamh nua ag Óstán Árann

Tá cead pleanála diúltaithe d’Óstán Árann foirgneamh nua a thógáil le taobh an óstáin tar éis achomharc a tugadh in aghaidh na bpleananna a ceadaíodh níos luaithe i mbliana. Cheadaigh pleanálaithe Chomhairle Chontae na Gaillimhe an fhorbairt ag an óstán i gCill Éinne i mí na Bealtaine seo caite ach chuir cinneadh an lae inniu an cead sin ar ceal.

Bhí sé beartaithe ag lucht bainistíochta an óstáin Gaeltachta ollphuball atá le taobh an óstáin a leagan agus foirgneamh buan a thógáil ina áit. Bhí an foirgneamh nua le bheith ar cóimhéid leis an ollphuball (370m²) agus seomra mór ócáidí, leithreas, agus beár le bheith ann. Foirgneamh aon stóir a mbeadh díon réidh air in aice le tosach an óstáin a bhí beartaithe.

Diúltaíodh don iarratas ar chead pleanála mar gheall nach raibh an Coimisiún Pleanála sásta faoi chúrsaí séarachais agus é den tuairim go mbeadh drochthionchar ag an bhforbairt ar shláinte an phobail. Níor ghlac an Coimisiún Pleanála le tuairim a chigire féin go mbeadh an córas séarachais atá ann cheana féin in ann déileáil leis an bhforbairt nua.

Anuas air sin, bhí an Coimisiún den tuairim go mbeadh an foirgneamh nua, mar gheall ar a mhéid, a dhearadh, agus an suíomh, rófheiceálach agus as alt agus go mbainfeadh sé de thírdhreach na háite.

“Ní luífeadh an fhorbairt atá molta go maith leis an suíomh cósta atá aitheanta mar Limistéar Tírdhreacha a bhfuil Íogaireacht ag baint leis i bPlean Forbartha Chontae na Gaillimhe 2022-2028 agus mar sin ní luíonn sé le [spriocanna] an phlean,” a dúradh sa bhreithiúnas a tugadh ar an achomharc.

Dúradh go mbeadh an foirgneamh “as áit” i gCill Éinne, cé go mbeadh sé níos ísle ná an chuid eile den óstán atá ann cheana féin, agus go mbeadh sé ina “struchtúr buan” in áit fheiceálach.

Fág freagra ar 'Cead pleanála diúltaithe d’fhoirgneamh nua ag Óstán Árann'