Cead faighte ag réalta na Gaeltachta san Astráil imirt don Daingean

Dúirt Geelong, go raibh cead tugtha acu do Mark O’Connor agus d’Oisín Mullen, as Maigh Eo, imirt dá chlubanna ag baile

Cead faighte ag réalta na Gaeltachta san Astráil imirt don Daingean

Tá cead faighte ag Mark O’Connor, réalta na Gaeltachta in AFL na hAstráile, “roinnt cluichí” a imirt dá chlub dúchais, Daingean-Uí Chúis.

Dúirt club O’Connor san Astráil, Geelong, go raibh cead tugtha acu do O’Connor agus d’Oisin Mullen, as Maigh Eo, imirt dá gclubanna ag baile.

Bhí a gcluiche deireanach ag Geelong i sraith peile na hAstráile ag deireadh na míosa seo caite.

I ráiteas a chuir Geelong, seaimpíní AFL na bliana seo caite, ar fáil don Irish Examiner, dúradh:

“Tá tacaíocht á cur ar fáil ag Cumann Peile do Mark agus Oisin imeacht abhaile agus imirt dá gclubanna CLG agus, níos tábhachtaí ná sin, am a chaitheamh lena muintir agus a gcairde in Éirinn.”

“Agus deireadh le séasúr 2023 dúinne, guímid gach rath ar Mark agus Oisin sna cluichí atá rompu agus táimid ag súil le fáil amach conas a éireoidh leo.”

Tá an Daingean ag imirt i gcluiche ceannais chraobh shinsir na gclub i gCiarraí Dé Sathairn agus aghaidh á tabhairt acu i dTrá Lí ar Sheamróga Neidín.

An deireadh seachtaine ina dhiaidh sin a chuirfear tús le Craobh Shinsir Chiarraí.

Bhuaigh Mark O’Connor agus Zach Tuohy Laoise Sraith an AFL anuraidh le Geelong Cats.

Bhuaigh O’Connor dhá Chraobh Mionúir na hÉireann le Ciarraí sular thug sé faoin bpeil Astrálach in 2016. Tá ráite aige go mba mhaith leis filleadh lá éigin ar an mbaile chun imirt do Chiarraí.

Fág freagra ar 'Cead faighte ag réalta na Gaeltachta san Astráil imirt don Daingean'