Cead faighte ag Conradh na Gaeilge ón Ard-Chúirt dúshlán Stormont a thabhairt faoi straitéis Ghaeilge

Tá cead tugtha do Chonradh na Gaeilge athbhreithniú breithiúnach a lorg i dtaca le teip Fheidhmeannas Stormont straitéis don Ghaeilge a thabhairt isteach

Cead faighte ag Conradh na Gaeilge ón Ard-Chúirt dúshlán Stormont a thabhairt faoi straitéis Ghaeilge

Tá cead tugtha ag an Ard-Chúirt i mBéal Feirste do Chonradh na Gaeilge athbhreithniú breithiúnach a lorg i dtaca le teip Fheidhmeannas Stormont straitéis don Ghaeilge a thabhairt isteach.

Tá ceithre bliana ann ó rialaigh an Ard-Chúirt go raibh teipthe ar an bhFeidhmeannas Straitéis Ghaeilge a thabhairt isteach faoi mar a gealladh i gComhaontú Chill Rímhinn in 2006.

Tá Conradh na Gaeilge, a thug an cás sin in 2017, anois ag dul i muinín an dlí arís in iarracht a chinntiú go dtabharfar feidhm don rialú sin.

I mí an Mhárta i mbliana, sheol Conradh na Gaeilge litir chuig an bhFeidhmeannas ag bagairt an dlí orthu mar gheall ar an moill leanúnach ar an straitéis don Ghaeilge, a gealladh arís sa chomhaontú Ré Nua, Cur Chuige Nua mí Eanáir seo caite. Níor thug an Feidhmeannas aon fhreagra ar an litir sin.

Dúirt Uachtarán Chonradh na Gaeilge Niall Comer gur “trua” leis an eagraíocht gur gá dóibh dul chun cúirte arís ach nach raibh aon dul as acu.

“Tá breis agus 15 bliain imithe ó cuireadh an choimitmint don Straitéis seo sa dlí i gComhaontú Chill Rímhinn. Ba chuid lárnach í seo fosta den chomhaontú a rinneadh anuraidh, Ré Nua, Cur Chuige Nua, agus is sampla eile é an bac leanúnach ar dhul chun cinn na straitéise seo ar an imeallú leanúnach atá á dhéanamh orainn mar phobal teanga, imeallú a thagann salach ar bhundualgais dhlíthiúla de chuid an Fheidhmeannais,” arsa Uachtarán Chonradh na Gaeilge, Niall Comer.

Dúirt Comer nach raibh “aon leithscéal réasúnta” ann gan na dualgais i leith na teanga a chomhlíonadh. Ceist na straitéise agus na reachtaíochta Gaeilge a léireodh cén mianach atá sa DUP sna seachtainí romhainn, arsa Comer.

Dúirt aturnae Chonradh na Gaeilge Mícheál Ó Flannagáin gur díol suntais é gur chinn an Breitheamh gur “go furasta” a shásaigh iarratas Chonradh na Gaeilge ar athbhreithniú breithiúnach na riachtanais chun cás a thógáil.

Gealladh reachtaíocht don Ghaeilge arís mar chuid de Chomhaontú Ré Nua, Cur Chuige Nua in Eanáir 2020 agus gealladh go mbeadh straitéis ann laistigh de shé mhí ón gComhaontú.

Sa bhreis air sin, bhí amscála maidir le forbairt agus cur i bhfeidhm na straitéise le bheith foilsithe agus aontaithe ag an bhFeidhmeannas taobh istigh de 100 lá ach níl na gealltanais sin curtha i bhfeidhm go fóill, breis is bliain i ndiaidh an chomhaontaithe.

In 2017 rialaigh an Ard-Chúirt i mBéal Feirste gur theip ar Fheidhmeannas Stormont na dualgais reachtúla atá air maidir le cur chun cinn na Gaeilge ó thuaidh a chomhlíonadh de réir mar a leagadh amach iad i gComhaontú Chill Rímhinn.

Chinn an Breitheamh Paul Maguire gur theip ar an bhFeidhmeannas alt 28 d’Acht Thuaisceart Éireann 1998 a chomhlíonadh, alt a chuireann dualgas ar an bhFeidhmeannas straitéis Ghaeilge agus straitéis Ultaise a thabhairt isteach.

 

Fág freagra ar 'Cead faighte ag Conradh na Gaeilge ón Ard-Chúirt dúshlán Stormont a thabhairt faoi straitéis Ghaeilge'