Is maith is eol do mheitheal Tuairisc.ie gur oidhrí muid ar thraidisiún fada iriseoireachta agus gurbh iomaí dream romhainne a chuaigh i ngleic le nuachtán a chur ar fáil do phobal na Gaeilge. Buíon díobh sin ná iriseoirí An tÉireannach, ar ríomh Éamon Ó Ciosáin a scéal i leabhar dar teideal céanna. Ba mhinic lucht an nuachtáin sin ag scigmhagadh faoi chanúint ar thug siad ‘an Ghéiling Ifigiúil’ uirthi – an chanúint ardréime a bhí á saothrú ag Rannóg an Aistriúcháin (nó The Department of Furniture Removal, mar a bhaist an tOllamh Tomás Ó Máille orthu). Ar éigean a tháinig lagú sa cháineadh ó shin, ach daoine ag casaoid faoin ‘Ghaeilge nua’ agus faoin bhearna atá ann, dar leo, idir an ghnáthchaint agus an Ghaeilge scríofa a bhíonn i gcáipéisí oifigiúla.
Is spéisiúil, sa chomhthéacs sin, súil a chaitheamh ar cháipéis oifigiúil a foilsíodh os cionn dhá chéad bliain ó shin, i bhfad sular bunaíodh Saorstát Éireann. I 1806 a d’fhoilsigh Oifig an Chogaidh fógra inar leagadh amach téarmaí seirbhíse na ndonán bocht a bhí i ndiaidh liostáil in arm an Rí. Ní heol dom mórán faoin téacs – cé acu aistriúchán nó buntéacs Gaeilge é, ach tá leid nó dhó ann gur Muimhneach a scríobh: ‘go dtí an bparóiste’, ‘saighdiúir ná faigheann pinsean’.
B’annamh ag an rialtas Gallda faisnéis ar bith a chraobhscaoileadh i nGaeilge; féadaimid talamh slán a dhéanamh nach ar son na cúise a foilsíodh an fógra seo, ach d’fhonn cumarsáid a dhéanamh le gnáthchainteoirí Gaeilge. Ar éirigh níos fearr leosan ná na dréachtóirí oifigiúla a tháinig ina ndiaidh?
Bhuel, beidh díomá ar lucht cosanta na glan-Ghaeilge – iad siúd a chreideann gurb é an Coiste Téarmaíochta a chuir tús le traslitriú agus le focail a thabhairt ar iasacht – an téacs a bheith breac le leaganacha mar ‘Nóbhember’, ‘Gobharméad’, ‘proclámation’, ‘Pairliament’ agus ‘Coimmissionaraighe Hoisbidéil Chelsea’.
Tá focail eile ann nár bacadh le culaith Ghaeilge a chur orthu ach iad a chur síos sa Sacs-Bhéarla leath-Fhrancach: pension, regiment. Aithneoidh gach scríbhneoir Gaeilge an faitíos a bhí ar an údar nach dtuigfí na téarmaí (féinchumtha?) sa téacs, faitíos a thug air míniú Béarla idir lúibíní a chur leis na focail ba dheacra:
Mór-Mhaor (Sergeant-Major)
Fodh Mhaor (Corporal)
Breith Choiteann Comhairle Cogaidh (Sentence of a General Court Martial)
Is nós inmholta é sin, dar liom, go háirithe i gcás téacsanna atá dírithe ar an ghnáthphobal. Go deimhin, rachadh sé dian ar léitheoir brí an téarma deiridh sin a fhuascailt in éagmais nóta mínithe (Common Sentence of a War Council?). Abair na ‘glan-Ghaeilgeoirí’ a rogha rud, tá ‘cúirt airm’ níos beaichte.
Bréagnaíodh cuid de mo réamhchlaontaí féin agus an Fógra á léamh agam. Cuir i gcás, ba bheag orm riamh mar a dhéantar ainmfhocal den aidiacht i gcomharthaí ar nós ‘Tabhair suas an suíochán seo má tá aostach nó míchumasach ina ghátar.’ B’fhearr go mór liom ‘duine aosta’ nó ‘duine faoi mhíchumas’ a scríobh, ach féach go bhfuil abairtí mar sin san Fhógra: ‘Maor nó saighdiúir…ná faigheann Pension mar Chróidhligh, mar Loitigh nó Neamhábalta’ (i.e. mar dhaoine atá cróloite, loite nó neamhábalta). B’fhiú cuid mhór an ghontacht nuair ba ghá téacs fada a chló ar phóstaer amháin.
Dar ndóigh, ní hiontas ar bith an Fógra a bheith cosúil sin le téacsanna oifigiúla an lae inniu – na habairtí fada ilchlásal, na saintéarmaí, na leaganach gonta atá rud beag as alt leis an ghnáthchaint. Tá an friotal casta ó tharla an t-ábhar a bheith casta.
Angela
An Ghéiling Ifigiúil! An-mhaith!
Larry Phelan
abradh = uimhir uatha
‘na glan-Ghaeilgeoirí’ = uimhir iolra
is fiú súil a chaitheamh ar an Foclóir Beag (https://193.1.97.44/focloir/) agus briathra mar ‘abair’ in úsáid
Kevin Hickey
A Chara,
‘Let them say’ = abraidís.
‘Let the glan-Ghaeilgeoirí say whatever they like’ = ‘abradh na glan-Ghaeilgeoirí a rogha rud’.
Bheadh ‘abraidís na glan-Ghaeilgeoirí’ ar aon dul le leithéid ‘bhíodar/bhí siad na fir mhóra ann’, i.e. ‘bhí na fir mhóra ann’. I seanfhilíocht na teanga amháin a d’fheicfeá a leithéid de leagan sa lá inniu. Ní heol dom go ndeirtear in aon bhall Gaeltachta níos mó é ach, ar ndóigh, ceartófar mé má táim ag dul amú ansin.
Le meas,
Kevin
Gaelán
Maith thu a Kevin ☺