Cé is faide a sheasfaidh an fhulaingt i gCogadh na hIaráine?

Tá an Eoraip ag cur lámh go fonnmhar ina bás féin agus í faoi sheachmall gur cumhacht trádála thábhachtach i gcónaí í

Cé is faide a sheasfaidh an fhulaingt i gCogadh na hIaráine?

Ba é Traolach Mac Suibhne a dúirt nach iad na daoine is mó a n-éiríonn leo dochar a dhéanamh a bhuafaidh, ach iadsan a fhéadfaidh an fhulaingt is mó a sheasamh.

Is é seo go díreach an straitéis atá á glacadh ag na hIaránaigh in aghaidh ionsaí SAM agus Iosrael orthu. Straitéis í seo a dhún Caolas Hormuz, a chuir praghsanna ola agus gáis san aer ar an toirt, a chuir isteach go mór ar na slabhraí soláthair, a raibh  tionchar mór aige sin ar an ngeilleagair ar fud an domhain, go háirithe san Eoraip, agus a nocht an teorainn atá le cumhacht mhíleata ollmhór Mheiriceá.

Ní faoi líon na ndiúracán atá ag gach taobh amháin é seo. Tá an costas a bhaineann leo chomh tábhachtach céanna. Tá na hIaránaigh ag scaoileadh dróin a chosnaíonn idir $20,000 agus $30,000 an ceann. Cosnaíonn na hidircheapóirí Meiriceánacha a úsáidtear chun iad a scrios os cionn milliún an ceann.

Tá an baol ann do SAM, ní hamháin go n-ídeoidh siad líon a gcuid idircheapóirí, ach go n-ídeoidh siad a gcuid airgead tirim chomh maith.

Idir an dá linn, i lár an chogaidh dháiríre seo, táthar ag caint faoi chogaí níos mó, faoin ngá atá ann ullmhú dó, faoin ngá atá le caiteachas ar leas sóisialta a ghearradh chun níos mó arm agus trealamh míleata a cheannach. Sa gcúlra, sea, tá taibhse ag faire orainn – an bhagairt Rúiseach.

Níor thug aon duine cúis réasúnach riamh go mbeadh cuspóirí naimhdeacha ag an Rúis i leith na hÉireann. Mínítear é ar fad trí thagairt a dhéanamh do dhroch-chlaonadh éigin i gcarachtar na Rúiseach (dearcadh ciníoch má bhí riamh), nó do mhian athdhúchasach ar thaobh na Rúise a sean-impireacht a athbhunú.

Aisteach go leor, mar sin, nach dtreoraítear an dúil impiriúlach seo aon treo ach siar. Ní fheiceann stáit lastoir den Rúis, lena n-áirítear stáit a bhí mar chuid den Aontas Sóivéadach, aon bhagairt den sórt sin agus ní chuireann siad a gcuid acmhainní amú ar chostais mhíleata a bhíonn ag dul i méad lá i ndiaidh lae.

Mar shampla ní chaitheann an Chasacstáin ach 1.9% dá holltáirgeacht intíre ar chúrsaí míleata; caitheann an Mhongóil 2.1%.

Cén fáth, má tá uaillmhian impiriúlach ag an Rúis nach bhfuil sí ag iarraidh a máistreacht ar an oirthear a bhaint ar ais?  Cén fáth nach bhfeiceann na stáit sin aon bhagairt ón Rúis?

A mhalairt, tá caidreamh trádála leis na stáit seo ag dul i méad, go háirithe toisc go bhfuil an Rúis anois ag tabhairt droim láimhe don Iarthar ina ndearcadh faoi trádáil, is ag dúnadh na fuinneoige sin ar an Iarthar a d’oscail Peadar Mór ag tús an tseachtú céad déag.

Go deimhin bhí méadú faoi dhó ar thrádáil na Rúise leis an Áise Láir idir 2020 agus 2024, agus de réir mar atá nascanna trádála leis an Iarthar, leis an Eoraip, á mbriseadh tá aird na Rúise dírithe soir.

Tá Moscó ag dul i bhfeidhm go mór mór ar earnálacha fuinnimh na Casacstáine agus na hÚisbéiceastáine de réir mar a dhéanann sí iarracht margaí nua a aimsiú dá cuid onnmhairí mar gheall ar smachtbhannaí.

Tá an Lár-Áise lárnach don atreorú geografach seo ar thrádáil Mhoscó, agus tá líon na gconairí trádála a thrasnaíonn an réigiún ag méadú dá réir.

In 2023, chuir an Rúis treo píblíne ó ré an APSS ar ais chun a gás a onnmhairiú go dtí an Chasacstáin agus an Úisbéiceastáin, dhá thír atá buailte ag ganntanais. Tá píblíne nua tríd an gCasacstáin ag teacht chun cinn go tapa mar an togra is indéanta atá faoi bhreithniú faoi láthair chun gás Rúiseach a sheoladh go dtí an tSín.

Agus de réir mar a mhéadaíonn an trádáil seo tá brú ag dul i méad ar Putin sa Rúis féin gan iarracht a dhéanamh nascanna a athchruthú leis an Eoraip, seachas b’fhéidir an Ungáir agus an tSlóvaic, fiú i ndiaidh an chogaidh.

Agus in ainneoin an dochar atá déanta do gheilleagair na hEorpa ó cuireadh stop leis an gcaidreamh trádála leis an Rúis trí smachtbhannaí is eile, tá an Eoraip ag cur lámh go fonnmhar ina bás féin agus í faoi sheachmall gur cumhacht trádála thábhachtach i gcónaí í nuair a léiríonn staid gheilleagair an domhain nach amhlaidh atá.

Agus Éire bhocht? Tá muid chomh dílis sin don Eoraip go bhfuil muid breá sásta dul go tóin poill leis an long Eorpach cé go bhfuil a fhios againn go bhfuil an seanmhúnla eacnamaíochta ar tí imeacht.

Fág freagra ar 'Cé is faide a sheasfaidh an fhulaingt i gCogadh na hIaráine?'