Cé hiad na daoine seo atá ag campáil sa bhFrainc, ag faire ar a seans teitheadh go Sasana?

Obair charthanachta le teifigh a thug cara ár gcolúnaí go Calais agus oscailt súl cheart a bhí ann

Cé hiad na daoine seo atá ag campáil sa bhFrainc, ag faire ar a seans teitheadh go Sasana?

Bhí cineál faitíos uirthi i dtosach nuair a tháinig sí chomh fada le Calais na Fraince.

Obair charthanachta le teifigh a thug ann í féin agus triúr compánach as an tír seo. Ach bhí a fhios aici gur fir óga gan clann ná páistí den chuid is mó a bhí sna teifigh seo agus ní raibh sí ag súil le bheith ag plé leo.

‘Ar dtús, níor labhair mé le duine ar bith acu. Rinne mé mo chuid oibre agus d’imigh mé as an áit.’

Ach an lá cheana d’admhaigh sí dom go mb’éigean di a hintinn a athrú go hiomlán faoi na fir óga seo a bhí ag teitheadh agus ag súil le dul ‘anonn’ go Sasana ó Calais.

‘De réir a chéile a thug mé faoi deara,’ arsa sise, ‘nár ól siad, nár thógadar drugaí ná nach raibh scian ar iompar ag éinne acu.’

‘An caitheamh aimsire a bhí acu tráthnóna ná cluiche dúradán (dominoes) a imirt nó cluiche boird éigin a thug muide ón mbaile chucu,’ dúirt sí. D’imigh an faitíos.

Thug sí an turas go Calais uirthi féin toisc go raibh sí ag iarraidh cúnamh a thabhairt do na teifigh atá ag bailiú arís ar chósta thuaisceart na Fraince. Níl éadaí troma acu, níl campaí cearta ná málaí codlata acu agus an geimhreadh ar leic an dorais anois.

Chuaigh sí anonn le comhghleacaithe a bhí aici san HSE a raibh cúpla lá saoire acu.

Chuadar ar eitleán go dtí an Bhruiséil agus híreáil siad carr ansin le dul chomh fada le Calais. Bhí an carr pacáilte le héadaí geimhridh a bhí bailithe acu ó chairde agus ó chomhghleacaithe eile – gach ball éadaigh i mála faoi réir rialacha iompair Ryanair. Agus an chuid nach raibh sna málaí, bhí siad á gcaitheamh acu – bhí dhá chóta mór agus seaicéad uirthi féin an turas ar fad san eitleán.

D’admhaigh mo chara liom freisin, nach raibh a fhios aici cén sórt ‘córas dáileacháin’ a bheadh ann rompu. Chuaigh sí chun na Gréige uair amháin ag plé leis an obair chéanna agus ní mórán séip a bhí ar an gcóras ansin – cé nach mbeadh éinne ag fáil locht ar dhaoine a oibríonn go deonach ar son na dteifeach aon áit ar domhan.

Chuaigh an eagraíocht a bhí roimpi i gCalais ‘Care4Calais’ i gcion go mór uirthi – eagraíocht atá lonnaithe sa mBreatain ach a n-oibríonn daoine as go leor tíortha eile leo.

Chuaigh duine acu, Imogen, i bhfeidhm go mór uirthi.

Bean óg sna fichidí a bhí inti ach bhí smacht iomlán aici ar an liosta oibrithe, ar na liostaí éadaí, bróga, pacaí sláinteachais, agus gach rud a bhí coinnithe sna stórais mhóra a bhí acu i gCalais, i Dunkirk agus áiteacha eile.

Ní ann do na campaí teifeach níos mó. Nuair a dhún na húdaráis sa bhFrainc síos iad, ní raibh aon tearmann ag na teifigh. Déanann siad campa dóibh féin aon áit gur féidir. Ó am go chéile scriosann na húdaráis iad agus fágtar na daoine gan tada.

Agus iad ag brath ar na heagrais dheonacha, bíonn siad ag súil leis an gcupán tae, nó leis an mbia te má thagann sé. Tharla lá nár tháinig an leoraí leis an mbia te agus ar an bpointe chuaigh Imogen i mbun oibre. Rinne sí cinnte de gur tugadh amach na céadta cupán – tae, caife, nó deoch mhilis. I gcásanna áirithe, caitheadh isteach meall mór siúcra sa gcupán. ‘Bhí siad lag agus theastaigh fuinneamh uathu.’

Agus cad é an rud is géire a theastaíonn ó na teifigh? Sea, an gléas le cumhacht a chur sa bhfón soghluaiste. Tá na céadta de na gléasanna acu, iad ceangailte le leictreachas ón ngineadóir agus is orthusan a bhíonn an tóir chuile lá beo.

‘Ní fiú cadhnra breise a thabhairt dóibh ná fiú an luchtaire don chadhnra féin – níl aon bhealach acu lena iompar agus goidtear uathu iad.’

Gach lá oibríonn na daoine deonacha de réir sceideal dian – tosaíonn siad ar maidin le cruinniú eolais, tugtar amach na jabanna agus tarlaíonn an rud céanna tar éis am lóin. B’fhéidir go n-iarrfaí ar dhuine acu na geansaithe a thabhairt amach. Ní féidir a bheith ródhian ar dhaoine. Mura dteastaíonn geansaí áirithe ó dhuine, beidh dhá rogha eile aige agus ansin má tá sé fós míshásta, caithfidh sé dul go dtí bun an líne.

Ar bhealach, cuidíonn an córas sin, ní hé amháin le héifeachtúlacht na hoibre carthanachta, ach tugann sé sólás intinne agus muinín do na teifigh bhochta.

‘Bhíodar de shíor ag glacadh buíochais linn,’ a dúirt mo chara.

‘Chuaigh an córas ‘ciúála’ go mór i bhfeidhm orthu. Roimhe sin, dúirt siad go mbíodh cúrsaí ina gcíréib beagnach, aon uair a tugadh bia amach. I gCalais, ní hé amháin go raibh orthu seasamh sa líne, ach bhí spás leagtha síos eatarthu ar mhaithe le cosaint ó Covid. Cheapadar go raibh sin iontach ar fad.’

Agus cé hiad na daoine seo atá ag campáil sa bhFrainc ach atá ag an am céanna ag coinneáil súil ghéar ar an bhfarraige idir iad féin agus Sasana?

Oíche i ndiaidh oíche bíonn siad ag faire ar a seans le spás a fháil i mbáidín beag inséidte, le dhul trasna ceann de na bealaí loingseoireachta is contúirtí ar domhan.

Níl ann ach cúpla lá ó chuaigh ceann acu amú agus bhí an bád ar a bealach chun na Beilge nuair a d’aimsigh an lucht tarrthála í. Duine amháin básaithe agus drochbhail ar an mbeirt eile.

‘Ach smaoinigh ar an turas atá déanta acu faoin am a sroicheann siad Calais,’ a dúirt mo chara liom. ‘Tagann siad ón bPacastáin, ón Afganastáin, ón Aetóip, ón tSúdáin, trasna ghaineamhlach an Sahára b’fhéidir, trasna na Meánmhara- ceapann siad nach tada é an turas deireanach sin go Sasana.’

Seo iad na seachtainí deireanacha a mbeidh aon duine ag cuimhneamh ar dhul chun farraige i mbád inséidte. Beidh sé ina gheimhreadh ceart go luath. Beidh na cótaí agus na hataí olla ag teastáil go géar.

Agus é ar intinn ag Rialtas na Breataine anois dlí nua a thabhairt isteach ionas gur féidir leo teifigh a chur caol díreach ar ais go dtí an áit as a dtáinig siad, beidh deireadh leis an mbeagán dóchais atá ag na himreoirí cártaí agus dominoes ar chósta cruálach Calais.

Chuala mo chara scata díobh ag gáire an oíche cheana. Faoin am sin ní raibh aon fhaitíos uirthi rompu níos mó.  Is é an chaoi go rabhadar ag bearradh gruaig a chéile leis na bearrthóirí leictreacha a thug sise anonn as Éirinn.

‘Dá bhfeicfeá an chraic a bhíodar a bhaint as an gcúram simplí sin,’ a dúirt sí liom. ‘D’ardódh sé do chroí.’

An tseachtain seo, d’fhógair ceannasaí oifig náisiúnta na n-inimirceach, Didier Leschi, go gcuirfeadh Rialtas na Fraince lóistín ar fáil feasta do theifigh a scriosfaí a gcampaí ach nach in Calais a bheadh sé sin ach áit éigin i réigiún  Hauts-de-France.   

Fág freagra ar 'Cé hiad na daoine seo atá ag campáil sa bhFrainc, ag faire ar a seans teitheadh go Sasana?'