Cé hiad na daoine a mbeadh seans acu a bheith ar an tríú Coimisinéir Teanga?

Tá idir iriseoirí, lucht acadúil agus státseirbhísigh a lua leis an bhfolúntas do cheann de na poist is sinsearaí i saol na Gaeilge

Cé hiad na daoine a mbeadh seans acu a bheith ar an tríú Coimisinéir Teanga?

Tá tús curtha leis an gcaint faoi cé a bheidh ina chéad choimisinéir teanga eile agus idir iriseoirí, lucht acadúil agus státseirbhísigh á lua leis an bhfolúntas do cheann de na poist is sinsearaí i saol na Gaeilge.

Tá an folúntas don tríú Coimisinéir Teanga le líonadh ón uair ar éirigh Rónán Ó Domhnaill as a chúram i mí Feabhra chun dul ag obair le Coimisiún na Meán.

Téarma sé bliana a bheidh ag an gcéad Choimisinéir eile agus tuarastal timpeall €140,000 sa bhliain.

Ar na daoine is mó atá á lua leis an bpost, tá Gearóid Mac Donncha, ceannaire Raidió na Gaeltachta, Colm Ó Coistealbha, Rónán Mac Con Iomaire, agus Siubhán Nic Grianna, triúr atá ag obair ag leibhéal sinsearach in Údarás na Gaeltachta agus Aodhán Mac Cormaic, Stiúrthóir na Gaeilge i Roinn na Gaeltachta.

Dá rachfaí lasmuigh d’earnáil na Gaeilge agus na Gaeltachta, is cinnte gur iarrthóir láidir a bheadh i Kevin de Barra atá ina leas-phríomhfheidhmeannach ar an Údarás Sláinte agus Sábháilteachta. Bhí de Barra ag obair roimhe sin le Coimisiún na hÉireann um Chearta an Duine agus Comhionannas agus thug sé roinnt blianta mar cheannasaí ar Chomhdháil Náisiúnta na Gaeilge.

Tá folúntas an Choimisinéara fógartha ag an tSeirbhís um Cheapacháin Phoiblí agus de réir na reachtaíochta is é Uachtarán na hÉireann a cheapann an Coimisinéir tar éis do Thithe an Oireachtais glacadh le moladh an Rialtais.

Beirt as an nGaeltacht a raibh cúlra sna meáin acu a bhí ina gcoimisinéirí teanga go dtí seo – Rónán Ó Domhnaill agus Seán Ó Cuirreáin – agus má chloítear leis an nós sin bheadh roinnt daoine mór le rá i saol na meán Gaeilge san áireamh.

Ar dhuine de na daoine sin bheadh ceannaire RTÉ Raidió na Gaeltachta Gearóid Mac Donncha, as Béal na Daingin i gConamara, atá ina shéú bliain i bhfeighil ar na stáisiún.

Bheadh beirt ó Chorca Dhuibhne ina n-iarrthóirí láidre eile, Grúpcheannsaí Gaeilge RTÉ, Niamh Ní Churnáin, agus Dara Ó Cinnéide Bainisteoir an Deiscirt i Raidió na Gaeltachta.

Ar na daoine atá á lua ó shaol na nuachta teilifíse tá Breandán Delap, Beirní Ní Chuinn, eagarthóirí cláir le Nuacht TG4.

Tá cúlra iriseoireachta ag Rónán Mac Con Iomaire, as an gCeathrú Rua, atá ina Stiúrthóir Forbartha Réigiúnaí, Pobail agus Pleanála Teanga in Údarás na Gaeltachta agus a bhí ina Ghrúpcheannasaí Gaeilge in RTÉ roimhe sin.

Tá ceann eile de na ceithre phost is sinsearaí in Údarás na Gaeltachta ag Colm Ó Coisdealbha, iar-stiúrthóir Oifig an Choimisinéara Teanga a chaith 12 bliain ag obair san oifig sin.

Tá Ó Coisdealbha, arb as Baile na mBrabhach i nGaeltacht Chois Fharraige dó, ina Stiúrthóir Seirbhísí Corparáideacha san Údarás.

Duine eile in Údarás na Gaeltachta atá á lua leis an bhfolúntas ná Siubhán Nic Grianna, Bainisteoir Pleanála Teanga na heagraíochta.

Duine eile atá á lua leis an bhfolúntas ná Séamus Ó Concheanainn, an té atá mar stiúrthóir in Oifig an Choimisinéara faoi láthair agus a bheidh i bhfeighil na háite nó go gceapfar an coimisinéir nua.

Duine eile as an nGaeltacht a d’fhéadfadh a bheith san áireamh dá mbeadh suim aici sa phost í Sorcha Ní Chéilleachair, arb as an Rinn ó dhúchas di atá ach atá ina cónaí ar an gCeathrú Rua le fada, mar a bhfuil sí ina ceann feadhna ar Thuismitheoirí na Gaeltachta.

Ach an oiread le Sorcha Ní Chéilleachair tá cúlra sna meáin ag Róisín O’Hara, iarchraoltóir agus iar-iriseoir as an gCeathrú Rua, atá ina státseirbhíseach i Roinn na Gaeltachta.

Iarchraoltóir aitheanta eile í Gormfhlaith Ní Thuairisg, as an Lochán Beag in Indreabhán, a d’fhág Raidió na Gaeltachta tar éis breis is fiche bliain anuraidh le dul ag obair le hÚdarás na Gaeltachta mar Bhainisteoir Margaíochta agus Cumarsáide.

Tá cúlra craoltóireachta ag Páidí Ó Lionáird, arb as Cúil Aodha i nGaeltacht Mhúscraí dó ó dhúchas, a d’fhág Nuacht TG4 anuraidh chun dul ag obair mar Bhainisteoir Cumarsáide in Oifig an Choimisinéara Teanga.

Dá rachfaí le státseirbhíseach an babhta seo, is cinnte go mbeadh seans ag Aodhán Mac Cormaic, Stiúrthóir na Gaeilge i Roinn na Gaeltachta.

I measc na ndaoine sa saol acadúil a gcaithfí aird a thabhairt ar a n-iarratais dá léireoidís spéis i gcúram na Choimisinéara, bheadh John Walsh, saineolaí ar chearta teanga a bhíodh ag obair Ollscoil na Gaillimhe go dtí gur éirigh sé as le déanaí chun dul ag obair le Foras na Gaeilge.

Ar na scoláirí eile a síltear na dintiúir a bheith acu don fholúntas, tá Dónall Ó Braonáin ó Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge agus Gaeltachta, Rosemary Day ó Choláiste Mhuire gan Smál, Ollscoil Luimnigh, agus Regina Uí Chollatáin, Ollamh Sinsearach agus Cathaoir na Nua-Ghaeilge i UCD.

Fág freagra ar 'Cé hiad na daoine a mbeadh seans acu a bheith ar an tríú Coimisinéir Teanga?'

  • Helen Ni Shé

    Cail a t-éan a chac air a gcuid eile againn?

  • Colm

    Éan nó seabhac gan ainm í!!!!