Cé chomh cruinn is a bhíonn an Ghaeilge ag daltaí Gaelscoile? – taighde nua faoin tumoideachas

Rinne an tOllamh Pádraig Ó Duibhir 11 uair an chloig cainte le breis is céad dalta scoile dá leabhar nua faoin tumoideachas Gaeilge

Cé go gcaitear amhras uaireanta ar chaighdeán na Gaeilge ag daltaí Gaelscoile, bíonn seacht gcinn de gach deich ráiteas a dhéanann siad cruinn agus ceart ó thaobh na teanga de.

Deir údar leabhar taighde nua faoin tumoideachas i nGaelscoileanna go léiríonn torthaí na hanailíse a rinne sé i measc 112 dalta i 16 scoil lán-Ghaeilge go bhfuil “éacht” á dhéanamh ag na scoileanna sin maidir le teagasc na teanga.

Deir an tOllamh Pádraig Ó Duibhir, údar Immersion Education: From a Minority Language Context, go bhfuil caighdeán na Gaeilge ag daltaí Gaelscoile níos airde ná mar a bhí sé féin ag súil leis sular chrom sé ar an anailís a dhéanamh.

Mar chuid den taighde sin, rinne Ó Duibhir, Leas-Déan in Institiúid Oideachais Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath, nach mór 11 uair an chloig cainte le breis is céad dalta scoile i rang a sé agus bhailigh corpas 53,763 focal.

Rinne sé anailís ar an gcaint sin ar fad ó thaobh an chruinnis de – maidir leis na clásáil ainm briathartha, úsáid na copaile, úsáid na mbriathra, dul an Bhéarla srl – agus fuair sé amach gur ráta earráide 30% a bhí ann i measc na ndaltaí Gaelscoile.

Is ionann sin is a rá go raibh míchruinneas teanga i dtrí cinn de gach deich ráiteas a rinne an 89 dalta Gaelscoile a ghlac páirt sa taighde.

Tá taighde déanta chomh maith ag an údar ar chás theagasc mionteangacha eile agus deir sé go gcruthaíonn na Gaelscoileanna “an-mhaith” nuair a chuirtear “i gcomhthéacs idirnáisiúnta iad”.

Ghlac 23 dalta i dtrí scoil Ghaeltachta páirt sa taighde don leabhar chomh maith agus  cainteoirí maithe dúchais arb í an Ghaeilge teanga an teaghlaigh acu ab ea a bhformhór siúd.

Léirigh na torthaí do na daltaí Gaeltachta – ráta earráide 2.5% – go raibh bearna mhór idir caighdeán na Gaeilge ag na daltaí sin agus a macasamhail sna Gaelscoileanna.

Deir Ó Duibhir, áfach, nár chóir talamh slán a dhéanamh de gur caighdeán an teagaisc teanga sna Gaelscoileanna is cúis leis an mbearna sin.

“Níl ach méid áirithe gur féidir leis na Gaelscoileanna a dhéanamh agus is easpa deiseanna maidir le húsáid na teanga is mó atá ag cur bac ar fhorbairt chumas na ndaltaí sa Ghaeilge.

“Tá a fhios agam go mbíonn ceisteanna ann faoi chaighdeán na Gaeilge ag na múinteoirí agus bíonn laigí áirithe i gcaint chuid de na múinteoirí ach ní hin an fhadhb is práinní. An fhadhb is mó ná nach bhfuil dóthain á dhéanamh chun úsáid na Gaeilge a leathnú lasmuigh de na scoileanna. Is fíor-annamh a bhíonn teagmháil ag formhór na ndaltaí Gaelscoile le cainteoirí dúchais nó go mbíonn baint acu le pobal teanga lasmuigh den scoil.”

Molann Ó Duibhir go gcuirfí tús ar bhonn píolótach le “pobal Gaeilge” a chruthú a bheadh lonnaithe i gceantar ina bhfuil an gaeloideachas “an-láidir ag an mbunleibhéal agus an iar-bhunleibhéal”.

Cé go bhfuil moltaí ina leabhar maidir le conas feabhas a chur ar mhúineadh agus ar fhoghlaim na teanga agus faoi conas is fearr tabhairt faoi dhaltaí a cheartú nuair a dhéanann siad botúin, deir Ó Duibhir nach dtiocfaidh aon “fheabhas ollmhór” ar chaighdeán na Gaeilge i measc na ndaltaí mura dtógtar “gréasáin teanga timpeall ar na scoileanna”.

“Mura mbíonn na gréasáin sin ann, fágann na páistí na Gaelscoileanna agus cailleann siad an cumas teanga atá acu agus an mhuinín atá acu as an gcumas sin de réir a chéile. Timpeall 10% de thuismitheoirí daltaí Gaelscoile a d’fhreastail ar Ghaelscoileanna iad féin agus fiú cuid mhaith de na tuismitheoirí a bhfuil Gaeilge acu ní labhraíonn siad Gaeilge ag a’ baile.

“Ba chóir go n-athródh sé sin i gcás na gcéad ghlúnta eile ach ní féidir a bheith ag brath ar na scoileanna amháin. An rud is tábhachtaí ná go dtógfaí pobail timpeall ar na scoileanna agus go gcuirfí deiseanna ar fáil an Ghaeilge a labhairt lasmuigh de na scoileanna,” a deir an tOllamh Pádraig Ó Duibhir.

Foilseofar Immersion Education: From a Minority Language Context an mhí seo chugainn.

Fág freagra ar 'Cé chomh cruinn is a bhíonn an Ghaeilge ag daltaí Gaelscoile? – taighde nua faoin tumoideachas'

  • Pól Ó Braoin

    Ní bhíonn aon áit nó ionad pobail atá ‘bádhúil’ don teanga nó a thugann misneach do dhaoine an teanga a úsáid taobh amuigh den scoil. Tá an ‘geata draíochta’ fós ann… bhuel tá i mBaile Átha Luain anseo ar aon chaoi áit a bhfuil gaelscoil mhór ann…

  • S Mac Muirí

    Tá mise i mo chónaí in ‘ionad báúil’ darb ainm an domhan 7 is cuma liom céard a cheapann Gael, gael, gallghael ná slíbhín faoi mo theanga féin. Cén fáth go mbeadh éinne againn buartha faoi thuairim, fuath nó faoina dhath?
    Ba mhaith liom an leabhar seo a léamh i nGaeilg. Tá an saol róghearr 7 bheadh blas na fimíneachta ar a leithéid i mBéarla.

  • Kevin Doyle

    Cé mhéad earráid a bhfaighidh mé as Béarla ag caint le daltaí i mbunscoileanna Béarla? Níos mó ná 3/10? Ceapaim.

  • Mánus

    Is é an t-aon “Pobal Gaeilge” a chinnteodh go meidh deis ag daltaí na nGaelscoileanna an Ghaeilge a labhairt taobh amuigh de geataí na scoil ná eastát tithíochta LánGhaeilge. Tá caint faoi togra mar sin le fada i measc Gael Átha Cliath agus toisc go bhfuil gluaiseacht leathstáit na Gaeilge ina cuid den Státchóras faoin am seo, caolsheans go dtógfar “Pobal Gaeilge” dá mbeadh muid ab braith urthu sin. Teastaíonn grúpa Gaeil óga gur fiontraithe neamhspleácha iad chun comharchumaan tithíochta ar an mhúnla Lochlannach a bhunú. Rinne fear óg iarracht macánta eastát tithíochta LánGhaeilge a bhunú in Iarthar Bhaile Átha Cliath sna 1990daí ach is beag tacaíocht a bhfuair sé.

  • Liam Ó Briain

    Tá saol fiúntach trí Ghaeilge ag teastáil uainn – Gaeilphobal úr agus saol úr ach mar a luaigh tú an bhfuil tacaíocht /suim ag na nGaeil a bheith ina chónaí le chéile agus saol Gaelach a bheith acu .

  • Seán Mac Cearáin

    Ag dúil go mór leis an taighde seo.Faoi dheireadh tá taighde déanta ar chumas na ndáltaí agus ar chumas na múinteoirí sna gaelscoileanna .Tá sé ráite agam le fada gur beag is fiú a bheith ag caint ar lion na bpáistí atá ag freastal ar ghaelscoileanna gan taighde a dhéanamh ar thorthaí na hoibre. I ndiaidh 30 bliain ag plé le cúrsaí tomoideachais is díol spéise é an méid atá le rá aige fá phobal Gaeilge. Is fiú taighde a dhéanamh fosta orthu siúd a d’fhág an ghaelscolaíocht ina ndiaidh blianta ó shin feacháint cén caighdeán Gaeilge atá acu anois agus cén bhaint atá acu leis an teanga ar chor ar bith.Saoithiúil!!!