Cé a shilfidh deoir ar son an teifigh?

Mar Éireannach agus mar Eorpach, bhí náire ar Mhícheál Ó hAodha an lá faoi dheireadh nuair a scríobh a chara Coirdíneach chuige: ‘Feictear dúinne go bhfuil níos mó spéise ag meáin chumarsáide an Iarthair i gcúrsaí sacair ná mar atá acu ionainne.’

542135386
Teifigh ó Siria ar a dteitheadh go dtí an Tuirc. Pictiúr: https://www.unhcr.org

 

Cé go bhfuil daoine ann fós inniu (sna meáin ar aon chuma) a bhaineann le glúin áirithe agus a shamhlaíonn Éire leis an gCaitliceachas go príomha agus a mbíonn gach ábhar díospóireachta s’acu tiomnaithe laistigh de dhioscúrsa a bhfuil an naimhdeas nó an dílseacht don Eaglais Chaitliceach mar bhunchloch idé-eolaíoch de shíor leis, tá líon na ndaoine sin ag dul i laghad in aghaidh na bliana.

Is é fírinne an scéil, afách, ná gurb é Ioslam todhchaí reiligiúnach na tíre seo sna blianta amach romhainn ach go háirithe. Is é cré Ioslam an creideamh is mó fás sa tír seo le blianta beaga anuas agus de réir na staitisticí, tá líon na Moslamach in Éirinn ar tí dúbailt roimh 2020 sa chaoi go mbeidh daonra 100,000 Moslamach in Éirinn faoi cheann ceithre bliana nó mar sin.

Daoine síochánta, grámhar iad formhór mór na Moslamach in Éirinn agus san Eoraip i gcoitinne agus níl lé ar bith acu le barbaracht mheánaoiseach na n-antoisceach dála ISIS. Díol spéise mar sin féin an méid a dúirt urlabhraí Meiriceánach Al-Qaeda agus dlúthchara le Osama Bin Laden, Eanáir na bliana 2011, i litir a scríobh sé chuig iarcheannaire na heagraíochta sin, mar ar mhaígh sé go mba fhearann torthúil é talamh na hÉireann i dtaca le tiontú go hIoslam de.

Saighdiúirí Meiriceánacha – nó Fórsaí Speisialta SAM mar is fearr aithne orthu – a tháinig ar an litir sin, í i seilbh Bin Laden, is léir, nuair a rinneadar ionradh ar a chró folaigh in Abbottabad na Pacastáine chun an sceimhlitheoir míchlúiteach a mharú tá ceithre bliana ó shin.

Díol spéise go mba Mheiriceánach óg as California ó dhúchas an té a bhí i gceist; fear a raibh a mhuintir páirteach sa ghluaiseacht fhrithchultúrtha, comhairleoir meán chumarsáide seo Bin Laden, fear a bhaist an t-ainm Al-Gadahn air féin nuair a thiontaigh sé ina Mhoslamach sa bhliain 1995.

Bhí taithí mhaith ag Al-Gadahn ar an nuatheicneolaíocht, idir líonraí nua na meán sóisialta agus chúrsaí fístéipe agus chraolacháin. Maíonn oifigigh faisnéise Mheiriceá gurbh é príomhchomhairleoir Bin Laden é ar an bhfíseán a eisíodh ar líne sa bhliain 2007 mar cheiliúradh sé bliana ar ionsaithe 9-11 ar Nua-Eabhrac, ionsaithe ar maraíodh breis is 3000 duine iontu.

D’fhoilsigh Arm Mheiriceá cuid de na cáipéisí sin ar an idirlíon níos moille. Ar na príomhchúiseanna a mhol Al-Gadahn go mba cheart tuilleadh teagmhála a bheith idir Ioslamaigh radacacha agus muintir na hÉireann ná nach raibh na hÉireannaigh fabhrach ná páirteach i gcogaí gránna Iar-Uachtarán SAM, George W. Bush.

Anuas air sin, dúirt Al-Gadahn cé go raibh na hÉireannaigh ag druidim go tapa i dtreo an tsaoltachais agus an dí-eaglaiseachais, bhíodar le deireanas ar an bpobal ba reiligiúnaí in Eoraip an aindiachais.

“Cén fáth nach dtabharfaí orthu aghaidh a thabhairt ar Ioslam?” a  d’fhiafraigh sé. Bhí úthach spioradálta ag cur as do mhuintir na hÉireann, a d’áitigh fear Al-Qaeda, go háirithe i measc na n-óg, gné dá shaol a bhí imithe i dtreise toisc drochfhadhbanna eacnamaíocha a bheith ag cur as dúinn faoin gComhrialtas.

Cuireadh an plean a  mhol Al-Ghadahn i leith phobal na hÉireann a thiontú go hIoslam ar an méar fhada nuair a d’ionsaigh antoiscigh Mhoslamacha séipéal Caitliceach i mBagdad na hIaráice, Deireadh Fómhair na bliana 2010, eachtra inar maraíodh 58 duine idir dhaoine fásta agus pháistí.

Bhí faitíos ar Al-Gadahn go mbeadh cúlradadh i gcoinne na Moslamach dá bharr. Dáiríre, ní raibh údar imní ar bith dó sa slad sin a rinneadh ar Chaitilicigh na hIaráice tá ceithre bliana ó shin. Is go fíorannamh a dhéanann meáin chumarsáide an Iarthair trácht ar dhíothú Críostaithe Oirthear domhain ar chúis éigin.

Is é fírinne an scéil go bhfuil na pobail Chríostaí is sine ar domhan ionann is ídithe anois i gcuid mhór tíortha sa Mheánoirthear.

San Iaráic, gan ach sampla amháin a lua, bhí 1.2 milliún Críostaí ag cur fúthu 10 mbliana ó shin, Caitlicigh Chaildéigh a bhformhór, ach tá breis is dhá thrian de na daoine sin tar éis a dtír dhúchais a thréigean.

Ghearr na hantoiscigh an litir “N” (a chiallaíonn “Nazórach”) ar dhoirse na gCríostaithe; dúradh go raibh cáin ard le híoc ag na Críostaithe má bhí fúthu fanacht san Iaráic. Sula i bhfad, thosaigh an marú, an fuadach, agus an banéigean.

Ní fios go cruinn cé mhéad Críostaithe atá fós ag cur fúthu san Iaráic anois agus is amhlaidh an scéal i gcuid mhór tíortha eile thall, an tSiria, san áireamh, mar a bhfuil mionlaigh eile á gcur chun báis dála na gCaitliceach.

A bhuíochas don fhón póca, is féidir na híomhánna is barbartha agus is déisteanaí dá bhfacthas riamh lenár linn a fháil ach cuardach tapa a dhéanamh ar Google – páistí dícheannaithe agus eile.

Go gairid roimh an Nollaig, chuir ISIS grianghraif ar fáil de chloigeann trodaí baineann cáiliúil na gCoirdíneach tar éis dóibh í a dhícheannú.

Tá mé i dteagmháil le cara Coirdíneach ionann is gach lá trí mheán an ríomhphoist, fear a bhíonn ag cabhrú le lucht dídeanaithe (Coirdínigh agus Críostaithe).

Ligeann Críostaithe orthu féin gur Moslamaigh iad go dtí go mbíonn a fhios acu iad a bheith slán sábháilte tar éis teorainn na Tuirce a thrasnú agus iad ar a dteitheadh ó ISIS.

Dúirt mo chara liom an lá faoi dheireadh nach gcreideann na hiarrthóirí i dtearmainn, daoine iad nach bhfuil acu anois ach na héadaí ar a ndroim ach a bhfuil teacht acu ar fhóin phóca, nuacht Sky agus líonraí sóisialta coitianta na linne. Dúirt sé freisin go bhfuil mar ábhar cainte go minic acu a laghad spéise a chuireann muintir an Iarthair ina gcruachás.

Polasaithe lucht bunaíochta an Iarthair, a deir sé, is cuma sa sioc leo faoi lucht tearmainn an Mheánoirthir fad is nach gcuireann siad isteach ar chúinsí eacnamaíochta an Iarthair.

Mar Éireannach agus mar Eorpach, bhí náire an domhain orm an lá faoi dheireadh nuair a scríobh mo chara chugam: “Feictear dúinne go bhfuil níos mó spéise ag meáin chumarsáide an Iarthair i gcúrsaí sacair ná mar atá acu ionainne.”

 

Fág freagra ar 'Cé a shilfidh deoir ar son an teifigh?'