Cathaoirleach nua ceaptha ar Bhord Údarás na Gaeltachta

D’fhógair Airí na Gaeltachta tráthnóna gurb í Siobhán Ní Ghadhra atá ceaptha ina Cathaoirleach ar bhord na heagraíochta go dtí deireadh na bliana

Cathaoirleach nua ceaptha ar Bhord Údarás na Gaeltachta

Tá sé fógartha gurb í Siobhán Ní Ghadhra atá ceaptha ina Cathaoirleach ar Údarás na Gaeltachta.

D’fhógair Aire na Gaeltachta Catherine Martin agus an tAire Stáit Thomas Byrne tráthnóna gurb í Siobhán Ní Ghadhra atá ceaptha ina Cathaoirleach ar bhord na heagraíochta go dtí deireadh na bliana.

Bhí bord Údarás na Gaeltachta ag feidhmiú gan cathaoirleach le breis is sé mhí anuas ó d’éirigh Mary Uí Chadhain as an ról ag deireadh na bliana seo caite.

Is léiritheoir teilifíse í Siobhán Ní Ghadhra a bhfuil gradaim bainte amach aici, dhá ghradam Emmy ina measc, i réimse na teilifíse, na beochana agus sa chraoladh beo. Chuir sí tús lena saol gairmiúil i stiúideo an déantóra scannán Roger Corman i gConamara agus ceapadh í mar Phríomhoifigeach Oibriúcháin le Telegael in 2012. Sa bhliain 2015, bhunaigh sí Danú Media.

Ba chomhalta í ar Údarás Craolacháin na hÉireann idir 2010 -15, agus thug sí seal bhord an Blue Teapot Theatre Company agus ar Bhord Straitéise Seachtraí Ollscoil na Gaillimhe. Is comhalta í faoi láthair ar bhord TG4 agus ar bhord Dheasc Eoraip Chruthaitheach i nGaillimh.

“Tugann Siobhán Ní Ghadhra taithí fhairsing shaibhir go ról an Chathaoirligh agus ba mhaith liom gach rath a ghuí uirthi agus í ag tabhairt faoina dualgais ar bhord an Údaráis – eagraíocht atá lárnach i saol phobal na Gaeltachta,” a dúirt an tAire Martin agus í ag cur fáilte roimh cheapachán Uí Ghadhra.

Dúirt Tomás Ó Síocháin, Príomhfheidhmeannach Údarás na Gaeltachta, go raibh sé “ag tnúth le bheith ag obair go dlúth léi chun forbairt inbhuanaithe na Gaeltachta a chur chun cinn agus chun ár dteanga agus ár gcultúr a chaomhnú agus a neartú”.

Níl  Ní Ghadhra ceaptha ina Cathaoirleach ar an Údarás ach go dtí deireadh na bliana seo toisc go bhfuil sé i gceist ag an rialtas na toghcháin do Bhord Údarás na Gaeltachta a thabhairt ar ais.

Bhí sé beartaithe na toghcháin a reáchtáil ar an lá céanna leis na toghcháin áitiúla agus Eorpacha ag tús na míosa seo ach d’fhág moill ar an reachtaíocht chuí gur sáraíodh an sprioc sin.

Dúirt an tAire Stáit Thomas Byrne mí Aibreáin go raibh sé ag iarraidh go gcuirfí an reachtaíocht trí Thithe an Oireachtais roimh shos samhraidh na Dála, ach níl ach coicís fágtha aige chun an sprioc sin a chomhlíonadh ó tharla go bhfuil an Dáil le dul ar scor ar an 11 Iúil.

Fág freagra ar 'Cathaoirleach nua ceaptha ar Bhord Údarás na Gaeltachta'