Cathair dhátheangach mar a tuairisc í…

Chuir dátheangachas éasca, gan stró mhuintir Miami gliondar ar ár gcolúnaí

IMG_0973

Chríochnaigh mo thuras timpeall na Stát Aontaithe san áit ar thosaigh sé, i gcathair nach mbeinn tar éis cuimhniú cuairt a thabhairt uirthi go brách murach gurbh ann a d’fhág m’eitilt abhaile: Miami.

Seachas lá nó dhó ag siopadóireacht i meal ollmhór éigin ní raibh súil agam le mórán; is éard a fuair mé ina ionad ná eispéireas cultúrtha agus teanga nach raibh coinne ar bith agam leis.

Den chéad uair i mo shaol, bhí mé i gcathair dhátheangach dháiríre. Is í an Spáinnis, ar ndóigh, a chloistear ar shráideanna geala, glana Miami i dteannta Bhéarla na Stát Aontaithe. 

Cinnte, bhí a fhios agam gur le himpireacht na Spáinne Florida tráth agus go bhfuil an Spáinnis á labhairt ag dream amháin nó eile sa stát le nach mór cúig chéad bliain anuas. Cinnte, bhí a fhios agam gur thug os cionn céad míle Cúbach nach raibh sásta maireachtáil faoi réimeas Castro aghaidh ar chósta Florida i mbáid bheaga sna seascaidí, sna seachtóidí agus sna hochtóidí. Cinnte, bhí a fhios agam gurb é aerfort Miami an bealach isteach go dtí na Stáit Aontaithe do mhór-roinn Mheiriceá Theas ar fad. Ach níor thuig mé gurb í an Spáinnis an teanga a labhraíonn 70 faoin gcéad de mhuintir Miami ag baile.

Agus ní amháin ag baile. Spáinnis a bhí á labhairt ag foireann an óstáin inar fhan mé, Spáinnis ba mhó a labhair na paisinéirí le tiománaí an bhus, Spáinnis a bhí á labhairt ag an lucht freastail i dteach caife ar bith ar chuir mé cos thar tairseach ann, cuma an sa cheantar Cúbach ‘Calle Ocho’ a bhí mé nó i gcroílár na cathrach, mar a bhfuil an Béarla, teanga na ngnólachtaí móra, níos forleithne. Go deimhin ba i dteach caife i lár na cathrach a tháinig mé ar chomhartha aonteangach, i Spáinnis:

Los empleados deben lavarse las manos antes de regresar al trabajo.

Ní raibh radharc ar bith ar leagan Béarla a chuirfeadh faoi deara do bhaill foirne nach raibh Spáinnis acu a lámha a ní roimh fhilleadh ar an obair dóibh.

Lena gceart a thabhairt do na húdaráis áitiúla, tá an chomharthaíocht oifigiúil ar fad ilteangach. Bíonn an Béarla, nach mbíonn á labhairt ach ag 23 faoin gcéad de dhaonra na cathrach, in uachtar – ach is dócha go gcaithfear cuimhniú gurb é an Béarla, agus ní an Spáinnis, máthairtheanga 73 faoin gcéad de mhuintir stát Florida ina iomláine. Tá contae Miami-Dade, an t-údarás áitiúil a dtiteann cathair Miami faoina chúram, chomh dáiríre sin faoi chearta teanga na bpobal éagsúil go mbíonn an tríú teanga le feiceáil ar chomharthaí oifigiúla freisin: an Kreyòl, teanga Chriólach mhuintir Háítí, atá á labhairt ag 5 faoin gcéad de dhaonra na cathrach.

Níor chuala mé an teanga rúndiamhrach sin á labhairt ag éinne, ach thug mé suntas don anonn is anall éasca a bhí ag muintir Miami idir Spáinnis agus Béarla, agus sin an fáth go dtugaim ‘cathair dhátheangach dháiríre’ uirthi. Ní nach ionann agus an chathair Éireannach a thugann ‘cathair dhátheangach’ uirthi féin, tá dhá phríomhtheanga Miami á labhairt ag sciar suntasach den daonra. Ní amháin sin, ach bíonn an Béarla ar a dtoil ag formhór mór na gcainteoirí Spáinnise, agus bíonn Spáinnis mhaith ag cuid mhór cainteoirí Béarla.

Lena chois sin – agus admhaím nár chaith mé ach trí lá sa chathair – níor mhothaigh mé pioc den strus sóisialta a bhaineann le bheith ag lorg seirbhíse i nGaeilge i gcathair dhátheangach na hÉireann, abair, nó le bheith ag lorg seirbhíse in Ísiltíris sa Bhruiséil (cathair atá dátheangach go hoifigiúil ach a bhfuil an lámh in uachtar ag an bhFraincis ann sa lá atá inniu ann).

Ar ndóigh, bíonn staid na dteangacha i gcathair dhátheangach ag síorathrú. Tá líon na gcainteoirí Béarla in Miami ag dul i laghad, más fíor. Ach ag an am céanna, léiríonn staitisticí uile-Mheiriceá faoi inimircigh a labhraíonn Spáinnis go n-iompaíonn a sliocht ar an mBéarla tar éis trí ghlúin.

Ó am go chéile, chuala mé códmheascadh as cuimse ag muintir Miami. Nuair a chuaigh bus a bhí do mo thabhairt go lár na cathrach i bhfostú i dtrácht an mheáin lae, thosaigh mé ag cúléisteacht le comhrá idir lánúin scothaosta a bhí ina suí ar an taobh thall den phasáiste. Bhí oiread focal agus abairtí iomlána Béarla á gcaitheamh isteach ina cuid Spáinnise ag an mbean nár léir uaireanta cé acu den dá theanga a bhí á labhairt aici, cé gur léir óna blas gurbh í an Spáinnis, agus ní an Béarla, an teanga a bhí aici ón gcliabhán. Suimiúil go leor, níor fhreagair a fear céile í ach i Spáinnis, ach ba léir ó nádúrthacht a gcomhrá gur thuig sé Béarla a mhná céile go rímhaith.

Mar a tharla, bhí mo mhálaí ar fad liom agus an anailís iomlán neamheolaíoch seo ar bun agam ar nósanna teanga na lánúine seo; bhí mé ar mo bhealach chuig stáisiún meitreo as a bhfaighinn traein go dtí an t-aerfort.

If you see something, say something’, a d’fhógair comhartha sa meitreo orm go trítheangach: Se ve algo, diga algo’, ‘Si ou wé yon bagay di yon bagay’.

Bagairtí sceimhlitheoireachta a bhí i gceist ag comhlacht na traenach gan dabht ach bhain mise brí éagsúil as: is éard a chonaic mé le linn mo chamchuairte i Meiriceá ná gur tír i bhfad níos ilghnéithí, i bhfad níos ilchineálaí agus i bhfad níos ilchultúrtha í ná mar a cheaptar go minic, agus tá súil agam gur éirigh liom blaiseadh a thabhairt den mhéid sin i mo chuid colún le cúpla seachtain anuas.

Fág freagra ar 'Cathair dhátheangach mar a tuairisc í…'

  • Pól Réamonn

    @ag lorg seirbhíse i nGaeilge i gcathair dhátheangach na hÉireann – Cad iad na cathair dhátheangach na hÉireann a Alex?

  • Liamo

    Cathair na Gaillimhe mar dhea. Seafóid go bhfuil an teideal sin bronnta oraibh.Tá fhios ag gach mac madra gur Béal Feirste cathair dátheangach na hÉireann téigh chuig tigh tábhairne Kellys Cellar nó Maddens nó Cumann Cluain Ard beidh fáilte is fichead roimh cainteoirí Gaeilge téigh chuig an Cultúrlann Bia caifé nó chuig gáirdín beoir an Coirceog áit a bhfuil spás ann do cainteoirí Gaeilge.Dár ndóigh tá Gaeltacht Bóthar Seoige ann chomh maith le Cumann Iascaireachta Loch Lao, Cumann Rothaíochta Loach Lao srl