Tugann saoire an tsamhraidh agus an sos a fhaigheann na polaiteoirí ó chúrsaí na Dála deis dóibh machnamh a dhéanamh ar an tréimhse atá rompu. De réir mar a sciorrann na laethanta thart i ngach téarma rialtais is ea is gaire do thoghchán a bhíonn siad agus do na roghanna a bheidh le déanamh acu don chéad tréimhse eile rialtais.
Deir an Taoiseach agus an Tánaiste nach bhfuil aon deifir orthu olltoghchán a fhógairt. Ní gá go mbeadh aon chaint dháiríre faoina leithéid go hearrach 2025 ach ní mar sin a oibríonn an pholaitíocht. Bliain mhór toghchán a bheidh in 2024. Tá toghcháin Eorpacha, áitiúla agus Údaráis beartaithe do thús mhí an Mheithimh.
Tabharfaidh siad sin, na toghcháin áitiúla go háirithe, léargas soiléir go maith ar mheon an phobail. Tabharfaidh siad leide maith do cheannairí na bpáirtithe comhrialtais ar chóir dóibh fanacht le chéile go dtí an t-earrach dár gcionn nó tabhairt faoin stocaireacht sa bhfómhar.
Glactar leis i measc go leor polaiteoirí agus iriseoirí gur sa bhfómhar seo chugainn a bheidh an chéad olltoghchán eile.
Tar éis buiséad flaithiúil i mí Dheireadh Fómhair 2025? Deir Leo Varadkar go gcreideann sé féin go bhféadfadh go dtoghfaí an comhrialtas in athuair. Níl sé soiléir óna chuid cainte an mbeidís ag seasamh mar rialtas nó mar aonad? Bunaithe ar na pobalbhreitheanna is déanaí bheadh an dá phríomhpháirtí – Fianna Fáil agus Fine Gael – in ann 40% den vóta a fháil. An leor sin le caoirigh a chur thar abhainn? Beidh toghchán achrannach go maith ag an gComhaontas Glas, pé uair go dtarlaíonn a leithéid, beag beann ar na briathra milse uainn ar fad faoin ngéarchéim aeráide.
Nach sciobtha, mar sin féin, a dhéantar dearmad ar chomh deacair agus a bhí sé Fianna Fáil agus Fine Gael a thabhairt le chéile timpeall bhord an rialtais. Bhí go leor den tuairim in earrach na bliana 2020 nach dtiocfadh aon rialtas as na cainteanna a bhí ann murach géarchéim Covid. Chaithfidís réiteach a dhéanamh mar gheall ar a thromchúisí agus a bhí an éigeandáil sláinte.
Ansin féin, thóg sé trí mhí socrú comhrialtais a dhéanamh. An mbeidh sé tada níos éasca in 2024 nó 2025, go háirithe má bhíonn drochthoradh ag ceachtar den dá pháirtí rialtais thraidisiúnta agus ceannasaíocht faoi bhrú?
Ní mór smaoineamh i gcónaí go bhfuil an chosmhuintir sa dá pháirtí beagán míshuaimhneach go fóill faoi go ndearna siad cleamhnas. Tá roinnt i bhFianna Fáil arbh fhearr leo margadh a dhéanamh le Sinn Féin. Léiríonn figiúirí pobalbhreithe gurbh éasca i bhfad a bheadh sé comhrialtas a dhéanamh le Sinn Féin –d’fhéadfadh trí scóir suíochán a bheith ag an dá pháirtí.
Beidh na ceisteanna sin dá gcur sna seachtainí seo romhainn agus deis ag na polaiteoirí an méid atá in intinn an phobail a phlé agus machnamh a dhéanamh air.
Tabharfaidh sin leid nó dhó eile don Taoiseach faoi cén uair a rachaidh sé chun an Árais.
Ar ndóigh is cóir cuimhneamh i gcónaí gur fánach mar a tharlódh timpiste – scannal nó botún – agus gur túisce i bhfad a bheadh muid ag toghadh rialtais nua ná mar a mheastar faoi láthair.
Fág freagra ar 'Cathain a bheidh olltoghchán againn? Is leor nod don Taoiseach…'