In Amharclann na Taibhdheirce sa Ghaillimh an tseachtain seo, bronnadh gradaim foilsitheoireachta an OIreachtais ar Éablóid, Dún na nGall; Dingle Publishing, Ciarraí agus Futa Fata i gConamara. Pictiúír: Seán Ó Mainnín
Bhí Inis Meáin lán le healaíontóirí an deireadh seachtaine seo thart agus filí, amhránaithe agus ceoltóirí cruinnithe ag Éigse Dara Beag in ómós agus i gcuimhne Dhara Beag Ó Fátharta, iascaire agus file a tharraing cáil ar a cheantar dúchais. Pictiúir: Seán Ó Mainnín
Teastaíonn ó Bánú go gcuirfí soláthar €10 milliún breise d’airgead caipitil ar fáil d’Údarás na Gaeltachta le caitheamh ar thalamh a cheannach agus a fhorbairt ar mhaithe le tithíocht
Bhí Féile an tSrutháin ag an deireadh seachtaine seo caite ar cheann de na cruinnithe bád ba bhreátha i mbliana ó thaobh aimsire, atmaisféir is eagraithe. Bhí seolta, maidí rámha, ceol is comhluadar sa Sruthán agus óg is aosta ó chian is ó chóngar ag baint fíorshásaimh as an lá. Pictiúir: Seán Ó Mainnín
Ní raibh aon tarraingt na gcos i measc na n-óg agus iad ag tógáil a gcéad chéim scolaíochta i Scoil Mhic Dara, An Cheathrú Rua, Conamara ar maidin. Ní hionadh sin agus tacaíocht mhór a muintire acu. Pictiúir: Seán Ó Mainnín
Ainneoin go bhfuair siad a gcuid torthaí ar líne ar maidin bhailigh go leor scoláirí Ardteiste le chéile ina scoileanna le labhairt lena múinteoirí. Pictiúir ó Scoil Chuimsitheach Chiaráin, An Cheathrú Rua, Conamara le Seán Ó Mainnín. Pictiúir ó Choláiste na Coiribe le Iain McDonald. Ár mbuíochas leis na scoileanna a sheol pictiúír chugainn
Ar bhóthrín na gcuimhní a shiúil roinnt ban an Satharn seo caite agus iad in éadach a seanmháithreacha thíos ag Caladh Ghólaim, Leitir Mealláin, Conamara, agus iad ag fanacht, mar a dheintí fadó, ar ghabháil éisc na bhfear. Comóradh a bhí in Ionad OIdhreachta Leitir Mealláin agus Gharumna ar an mbád 'An Brig St John' a cailleadh in 1849 agus paisinéirí ó Chonamara agus tuaisceart an Chláir ar bord agus iad ag teitheadh ó anachain an drochshaoil. Pictiúir: Seán Ó Mainnín/Tuairisc