Tá soláthar €16 milliún ag teastáil i mBuiséad 2025 do chúrsaí tithíochta sa Ghaeltacht a deir an grúpa feachtasaíochta Bánú.
In aighneacht a seoladh chuig an Aire Airgeadais Jack Chambers, d’iarr an brúghrúpa ar an rialtas maoiniú a chur ar fáil d’Údarás na Gaeltachta le talamh a cheannach, suíomhanna a réiteach agus seirbhísí a chur ar fáil do thithíocht.
Dúirt Cathaoirleach Bánú, Aoife Ní Chonghaile: “Níl mórán áiteanna ar fáil ar cíos fadtéarmach; tá tithe a thagann ar an margadh oscailte ródhaor do dhaoine áitiúla agus bíonn sé an-deacair ar dhaoine cead pleanála a fháil do thithe aonaracha.
“Ní mór maoiniú breise a sholáthar sa mBuiséad d’Údarás na Gaeltachta, chun cur ar chumas na heagraíochta dul i ngleic leis an ngéarchéim tithíochta atá i gcuid de na ceantair Ghaeltachta is mó ina bhfuil an Ghaeilge in úsáid mar theanga phobail.”
Teastaíonn ó Bánú go gcuirfí soláthar €10 milliún breise d’airgead caipitil ar fáil d’Údarás na Gaeltachta le caitheamh ar thalamh a cheannach agus a fhorbairt ar mhaithe le tithíocht.
Tá an brúghrúpa ag iarraidh freisin go gcuirfí €1 milliún eile ar fáil don Údarás le Rannóg Tithíochta a bhunú chun suíomhanna a réiteach ar a bhféadfaí scéimeanna beaga tithíochta a fhorbairt.
Ina theannta sin, tá Bánú ag lorg €5 mhilliún do Roinn na Gaeltachta le caitheamh ar scéim nua deontas tithíochta a bheadh dírithe ar chainteoirí Gaeilge a choinneáil i gceantair Ghaeltachta, go háirithe i gceantair ina bhfuil an Ghaeilge in úsáid go forleathan i measc an phobail.
De réir Acht na Tithíochta Gaeltachta (Leasaithe) 2001, is féidir le hAire na Gaeltachta deontas a chur ar fáil do chainteoirí Gaeilge sa Ghaeltacht gur mian leo tithe a thógáil nó a cheannach.
Nuair a cuireadh an tAcht sin i bhfeidhm, bhíodh maoiniú €2 mhilliún in aghaidh na bliana ar fáil don Roinn. Cuireadh deireadh leis an gcistíocht sin i Meitheamh 2009 de bharr na géarchéime eacnamaíochta a bhí sa tír ag an am.
Maíonn Bánú, áfach, go bhfuil sé thar am an maoiniú sin a thabhairt ar ais agus a mhéadú de bharr na géarchéime tithíochta atá sa Ghaeltacht faoi láthair.
Dúirt Donncha Ó hÉallaithe ó choiste Bánú:
“Níl aon ghéarchéim airgid ag an státchóras faoi láthair ach tá géarchéim tithíochta sa nGaeltacht atá ag cur todhchaí na teanga i mbaol, mar go bhfuil cainteoirí líofa Gaeilge á mbrú amach as an nGaeltacht, agus an Ghaeilge mar theanga phobail á lagú dá réir.”
Bunaíodh BÁNÚ beagnach bliain ó shin agus é mar aidhm ag an eagraíocht réiteach a aimsiú ar an ngéarchéim tithíochta sna ceantair Ghaeltachta. Dar leis an ngrúpa go mbíonn sé an-deacair go minic ag cainteoirí Gaeilge áit chónaithe a aimsiú i gceantar Gaeltachta, go speisialta sna ceantair is mó ina bhfuil an Ghaeilge in úsáid i measc an phobail.
Faoi láthair tá An Bille um Údarás na Gaeltachta (Leasú), 2024, os comhair an Oireachtais. Thabharfadh an reachtaíocht seo cumhachtaí tithíochta d’Údarás na Gaeltachta.
Tá Bánú go láidir den tuairim go bhféadfadh an tÚdarás a bheith “níos gníomhaí” i dtaobh forbairt tithíochta.
Molann siad gur chóir go mbeadh sé ar chumas na heagraíochta sin talamh feiliúnach le haghaidh tithíochta a cheannach, cead pleanála imlíneach a fháil, seirbhísí riachtanacha a chur ar fáil, suíomhanna a dhíol ar aghaidh le cainteoirí Gaeilge nó le heagraíochtaí pobail ar bhun neamhbhrabasúil.
Tá cruinniú á lorg ag Bánú leis an Aire Jack Chambers leis an ngéarchéim tithíochta sa Ghaeltacht a phlé.
Tá éilithe freisin ag Bánú go bhfoilseofaí na dréachtreoirlínte pleanála don Ghaeltacht.
Cordelia Nic Fhearraigh
Tá’n chuma air gur comhairchumann atá de dhith leis an phlean tithíochta seo a bhaint amach. Ach cibé grúpa nó eagraíocht a bheas ina bhun, cá fhad a ghlacadh sé le foireann cáilithe a earcú a dhéanfaidh an obair uilig trí mheán na gaeilge? Sé mo bharúil ná go ndéanann údarás na gaeltachta a ghnóithe trí bhéarla leis an stát, le comhairle contae dhún na ngall ar aon nós.