Seán Ó Muireagáin
Éabhlóid
Tá Seán Ó Muireagáin, scríbhneoir de bhunadh Bhéal Feirste, ag scríobh leis go coinsiasach le cúpla bliain anuas agus seo leabhar nua dá chuid, úrscéal, agus téama nua faoi chaibidil ann. ‘Coirscéinséir’ agus ‘úrscéal teannais’ a ghealltar; scéal Hannah agus a haintín, Brídín, atá ina gcónaí ar an uaigneas i dTír Chonaill; beirt iad atá i dtiúin leis an tuath, ag fás bia agus luibheanna i gcuibhrinn Chonallacha.
Ach duine eisceachtúil atá inti mar Hannah, tá bua de chuid an tslua sí aici; tig taom uirthi agus duine ar tí anbhás a fháil. Is ar an ábhar sin a bhog sí ó Bhaile Átha Cliath go Tír Chonaill; bhí sí ag iarraidh éalú ar ‘ríarstrad’ na targaireachta, a fhíochmhaire agus a bhí an tiontú ó shaol an lae inniu go dtí rabhadh an tsaoil eile: ‘Briseann an gol ar Hannah go tobann. Sciobtar an t-aer as a scamhóga go fíochmhar agus go héigneach … titeann sí ar a glúine agus smug fhliuch ag sileadh óna srón … Tosaíonn an masmas ina bolg ag ardú go dtí go bhfuil sí ag tarraingt orla.’
Buaileann taom de na taomanna seo í agus í thiar agus, mar thoradh air sin, déanann sí iarracht fáil amach cé atá le bás a fháil. Tuigeann sí, ina croí istigh, gur dúnmharú atá le tarlú agus tugann an dualgas chun daonnachta uirthi teacht ar an íobartach roimh an eachtra.
Ní hé sin an chéad uair a rinne sí amhlaidh ach fuar a bhí a cuid iarrachtaí roimhe seo, gan de thoradh orthu ach gur seoladh go hotharlann mearbhairshláinte in éadan a tola í.
Luath go maith san úrscéal a tharlaíonn an taom agus baineann an chuid is mó den leabhar lena cuid imeachtaí agus iarrachtaí an tsáinn a réiteach ina dhiaidh sin. Tá a haintín ina compánach buan léi ar an bhealach agus tig carachtair eile chun cinn le linn an aistir.
Tá an tseift seo thar a bheith spéisiúil mar chur chuige sa tseánra seo, an sean agus an nua á thabhairt le chéile ar dhóigh shamhlaíoch. Éiríonn leis an teideal féin Sí dhá théama a thabhairt le chéile; gné de scéal na mban sa lá atá inniu ann agus an sí, na daoine beaga sa tseanchas.
Ceapann an t-údar an saol comhaimseartha gan stró in eangach na Gaeilge beo, canúint Dhún na nGall sa chás seo, agus aithneoidh mórán de lucht na Gaeilge i mBéal Feirste chomh cruinn agus atá treoracha Uí Mhuireagáin agus é ag cur síos ar an turas go croícheantracha na Gaeltachta: ‘Rachaidh tú thart le bolg na hEaragaile, siar isteach go Dún Lúiche go cuid de na tírdhreacha is áille fá luí na gréine…’
Dá fheabhas na gnéithe sin den scéal, is trua nár forbraíodh nó nár cuireadh níos mó béime ar ghnéithe eile den scéal. ‘Scéinséir’ a ghealltar ach tá i bhfad níos mó den scéin agus teannas de dhíth. Go luath sa scéal a tharlaíonn eachtra aisteach Hannah an chéad uair ach tá mórán leathanach le léamh sula mbaineann an léitheoir ceann scríbe, coinbhinsiúil, amach.
Tá an insint sna leathanaigh seo cruinn agus beacht gan a bheith corraitheach agus bagarthach. D’fhéadfaí aicearra a chur sa scéal, bua eile, abair, a thug buille faoi thuairim do Hannah cé a bhí le marú agus deis a thabhairt don údar cuid den chur síos a fhágáil i leataobh agus tuilleadh práinne a chur leis an insint.
Lena chois sin, cad é mar a bheadh an scéal sa chás go raibh Hannah í féin in ann díoltas a bhaint amach ar lucht an mharfa, de bharr a cumhachtaí osnádúrtha, in áit dul i muinín na n-údarás daonna? An gcuirfeadh sé sin crua uirthi, fios a bheith aici go dtiocfadh léi an marfóir a mharú?
Bíodh sin mar atá, tá carachtar, agus creatlach, sainiúil cruthaithe ag Ó Muireagáin agus deis aige tuilleadh forbartha a dhéanamh orthu amach anseo, an bhearna sin idir an saol atá ann agus an saol ceilte a chíoradh agus scéin agus uafás a thabhairt le chéile in aon iarraidh amháin.
Cad é a tharlós do Hannah san am atá le teacht?
Fág freagra ar 'Carachtar sainiúil cruthaithe ag Seán Ó Muireagáin i scéinséir nua'