Capaill de chuid na tíre seo is mó atá ag barr an oird fhiúntais

Is gearr uainn seoid na rásaíochta i Cheltenham, áit ar Rásaí Grád 1 iad leath de na cinn a rithfear

Capaill de chuid na tíre seo is mó atá ag barr an oird fhiúntais

Más ag plé le cúrsaí gnó atá duine beidh barúil aige nó aici go bhfuil siad ag déanamh rud éicint ceart nuair a thosaíonn siad siúd lena bhfuil siad san iomaíocht ag clamhsán ina dtaobh.

Sin an fáth gur meangadh a thagann ar éadan phríomhfheidhmeannach Rásaíocht Capall Éireann, Suzanne Eade nuair a chloiseann sí na sáiteáin a thagann thar sáile anall ón mórchríoch is gaire dúinn, go háirithe iad siúd a bhaineann leis an léimrásaíocht.

Agus an ceannas a bhíodh ag capaill Shasana ag meath agus méadú as cuimse ag teacht ar an méid den chreach a thagann as siúd go hÉirinn, chuir An British Horseracing Authority grúpa comhairleach le chéile anuraidh – sceon iontu nuair a chonaic siad gur cinn a bhí á dtraenáil anseo a bhuaigh 23 de na 28 rása a bhí ar siúl ag Féile Cheltenham.

Measann cuid mhaith de thraenálaithe na Breataine gurb í an bhunchúis atá leis an tsáinn ina bhfuileadar go mbíonn duaischistí níos fearr as rásaíocht na tíre seo ná a bhíonn as a gcinn féin agus go bhfágann sin go bhfuil roinnt úinéirí Briotanacha ag cur a gcuid capaill anseo.

Ta Cheveley Park Stud ar cheann de na graíonna is mó i Sasana. Tá stair ag baint léi a théann siar chomh fada leis an 16ú Céad – iad ag pórú agus ag cur capaill ag rásaíocht ó shin. Bhuaigh roinnt acu rása an Derby in 1828.

Beagnach dhá chéad bliain ina dhiaidh sin (2021) shocraigh Cheveley Park Stud na capaill seilge ab fhearr a bhí acu a thógáil ó thraenálaithe Shasana agus chuireadar go hÉirinn iad, i dtús báire chuir Gordon Elliott agus ansin chuig Willie Mullins agus Henry de Bromhead nuair a tharraing Elliott clampar air féin leis an ngrianghraf a thaispeáin é ina shuí ar chapall a bhí marbh. Ghabh sé leithscéal ó chroí ina dhiaidh sin.

I measc na gcapall siúd bhí A Plus Tard a bhuaigh Corn Óir Cheltenham an bhliain dár gcionn, Envoi Allen a bhuaigh an Ryanair Chase ann anuraidh agus atá mar rogha na coitiantachta arís i mbliana agus Allaho a bhuaigh faoi dhó ansiúd.

Nuair a shocraigh Cheveley Park Stud sin a dhéanamh baineadh siar go as na meáin chumarsáide sa mBreatain a bhíonn ag plé leis an rásaíocht. Ach fuaireadar siúd freagra an-simplí ón té a rinne an beart –príomhfheidhmeannach Cheveley, Richard Thompson a dúirt go raibh duaischistí na hÉireann i bhfad níos flaithiúla.

Ar ndóigh is ar na cistí is téagartha ar fad a bhíonn eacha Richard Thompson san iomaíocht, ach fiú sna rásaí is fánaí tá níos mó á thairiscint anseo ná atá thall.

Bíonn €10,000 ar a laghad le fáil i nduaischiste an rása is lú le rá in Éirinn, os cionn €3,000 níos mó ná a bheadh á thairiscint ina leithéid de rás sa mBreatain. I dtuairisc a chuir an nuachtán The Racing Post le chéile anuraidh measadh go raibh buntáiste €7,000 ar meán ag rásaí na tíre seo.

Ní mór a rá ag an bpointe seo gur baicle beag go leor úinéirí agus traenálaithe a bhíonn luaite leis na rásaí is luachmhaire cuma cá ritear iad. Fós tugann líon an airgid atá buaite ag na stáblaí is rathúla thall agus abhus léargas ar an bport atá mé a sheinm.

San achar den séasúr seo atá caite, €6 mhilliún atá saothraithe eatarthu ag capaill a thraenálann Willie Mullins agus Gordon Elliott. €3.8 milliún atá tugtha isteach idir Paul Nicholls agus Dan Skelton.

Fiú leis an mbearna mhór sin, ní bheidh aon ghanntanas ar cheachtar de na traenálaithe atá luaite ansin agam agus ar chuid dá gcomhghleacaithe, ach scéal eile é acu siúd atá ar bhun an dréimire.

Tá ceadúnas traenála ag beagnach 600 sa mBreatain, bheadh tuairim leath díobh nach mbeadh acu ach capall nó dhó. Astu sin ar fad níl ach 31 díobh a bhfuil níos mó ná fiche rása buaite acu.

Tá fear a bhfuil Jake Coulson air a bhíonn ag traenáil i Cheshire áit a bhfuil 30 capall sa stábla aige. Is beag seachtain nach ritheann capall dá chuid. Cé go bhfuil traidhfil airgid buaite ag cuid acu, tá sé fós ag fanacht go mbuafaidh ceann acu i séasúr 2023/24. €17,308 atá bailithe aige.

Anuraidh bhí fanacht dhá mhí dhéag air sular bhuaigh Forever a Dove in Stratford. €5,000 an luach saothair a bhí aige as sin.

Is mór idir mianach na gcapall atá ina stábla ag Coulter agus iad siúd a bhíonn ar thóir an airgid mhóir, ach tá ceannas na gcapall Éireannach le tabhairt faoi deara freisin i bplúr na n-each.

In ord fiúntais na cliathrásaíochta is ag capall Nicky Henderson, Constitution Hill, atá an rátáil is airde – 177. Deir siad siúd is údarásaí gur beag stró a bheas air greim a choinneáil ar an Champion Hurdle nuair a thiocfaidh Cheltenham.

Ach nuair a fhéachann tú síos tríd an ord, tá sé le tabhairt faoi deara gur capaill de chuid na tíre seo iad an dosaen a thagann ina dhiaidh – Gordon Elliott a thraenáil cúig cinn acu sin, ag Willie Mullins a bhí ceithre cinn agus capall an duine a bhí ag Henry de Bromhead, Conrad Byrnes agus Gavin Cromwell.

Mullins a thraenálann na trí chapall is airde ar ord fiúntais na seilgrásaíochta, Galopin Des Champs, Energumene agus El Fabiolo.

Is gearr uainn seoid na rásaíochta i Cheltenham, áit ar Rásaí Grád 1 iad leath de na cinn a rithfear. Inseoidh sracfhéachaint sciobtha ar chláracha na ngeallghlacadóirí duit gur capaill a thraenáiltear sa tír seo iad rogha na coitiantachta i ngach ceann acu sin seachas an Champion Hurdle agus an Triumph.

Sa Wetherbys Champions Bumper is capaill atá á dtraenáil in Éirinn an dosaen is ísle i bpraghas.

Beidh neart eile le rá ag teannadh leis an am sin. Coinnigh uainn an cat mara.

Fág freagra ar 'Capaill de chuid na tíre seo is mó atá ag barr an oird fhiúntais'