Cantal ar Theachtaí Dála nach bhfuair cuireadh chuig cruinniú leis an Aire Shane Ross faoin N59

Deir Teachta Dála gur cheart chuig cruinnithe le hAirí Rialtais a thabhairt do chuile Theachta Dála agus Seanadóir as an toghcheantar lena mbaineann an toscaireacht

Cantal ar Theachtaí Dála nach bhfuair cuireadh chuig cruinniú leis an Aire Shane Ross faoin N59

Shane Ross. Pictiúr: RollingNews.ie

Is cosúil gur éirigh go maith leis an gcruinniú a bhí ag Coiste Gnímh Bhóthar an N59 leis an Aire Iompair agus Turasóireachta, Shane Ross, T.D., an tseachtain seo caite,  ach tá daoine ann a bhfuil cantal orthu dá bharr.

Ba é an Seanadóir Pádraig Ó Céidigh a d’eagraigh an cruinniú agus bhí seisear ar an toscaireacht as Conamara a chas leis an Aire i gcuideachta Uí Chéidigh.  Lena chois sin, bhí cúigear eile ag an gcruinniú – innealtóirí agus feidhmeannaigh ó Transport Infrastructure Ireland agus ó Chomhairle Chontae na Gaillimhe.  Ach bheadh tuilleadh ann dá mbeadh cead a gcos acu, is cosúil.

Tuigtear go bhfuil an Teachta Dála do Ghaillimh Thiar agus Maigh Eo Theas, Éamon Ó Cuív  ar an duine is mó a bhfuil bearrán air faoi eagrú an chruinnithe.  Tá an Teachta Dála den bharúil gur cheart go dtabharfaí cuireadh chuig cruinnithe mar seo le hAirí Rialtais do chuile Theachta Dála agus Seanadóir as an toghcheantar lena mbaineann an toscaireacht. Dar leis go raibh an nósmhaireacht sin ann –  cuireadh a thabhairt do Theachtaí Dála agus do Sheanadóirí an dáilcheantair– nuair a bhí Fianna Fáil i mbun Rialtais.

Tharlaíodh sin  nuair a bheadh Aire ag teacht an bealach nó cruinniú socraithe faoi ábhair éagsúla a bhain leis an toghcheantar.  Níl an córas sin ann anois, is cosúil.

Cé nach bhfuil ceachtar acu chomh bearránach leis an Teachta Ó Cuív faoin eagar a bhí ar an gcruinniú le Shane Ross, tá a fhios freisin go raibh suim nach beag ag an Teachta Dála, Noel Grealish agus an tAire Stáit, Seán Kyne sa scéal.  Is cosúil gurbh fhearr leo go mbeadh scéala faighte acu faoi ach, thairis sin, níor chuireadar aon chaidéis ar an toscaireacht as Conamara.

Ag a trí a chlog Dé Céadaoin seo caite a bhí an cruinniú socraithe idir toscaireacht Chonamara agus an tAire Ross in oifigí an Aire i dTeach Laighean.  Tuigtear gur thug an Teachta Ó Cuív cuireadh chun dinnéir do chuid de thoscaireacht an N59 sa Dáil ag an 1 a chlog an lá sin.  Fuair beirt de dhream Fhianna Fáil – ar a laghad – an cuireadh cúpla lá roimh ré.  Fuair daoine eile cuireadh níos gaire den am.  Ar ndóigh, ní rud neamhghnách é go dtabharfadh Teachta Dála cuireadh chuig bialann na Dála do dhream as a thoghcheantar féin ach a mbeidís i dTeach Laighean agus tá an cháil ar an Teachta Ó Cuív gur duine mórchroíoch é.

Bhí socrú déanta ag an toscaireacht as Conamara go gcasfaidís ar a chéile ag geataí na Dála ag ceathrú tar éis an dó a chlog agus go dtiocfadh an Seanadóir Pádraig Ó Céidigh chomh fada leo len iad a thabhairt isteach go Teach Laighean.  Shocraigh ceannairí Ghrúpa an N59, Josie Conneely agus Seosamh Ó Cuaig, gurbh fearr dóibh coinneáil dírithe go hiomlán ar an gcruinniú leis an Aire Ross seachas a bheith ag casadh le dream nó duine ar bith eile roimh ré.  Bhí cúrsaí ama i gceist freisin, a deirtear.  Chuaigh beirt bhall den toscaireacht chuig an dinnéar i mbialann na Dála leis an Teachta Ó Cuív ach choinnigh an tromlach leis an réamhshocrú a bhí déanta.  Ina dhiaidh sin, chuaigh an toscaireacht iomlán chuig an gcruinniú leis an Aire Iompair, Turasóireachta agus Spóirt i gcuideachta an tSeanadóra Uí Chéidigh, mar a bhí socraithe.  Ní raibh aon Teachta Dála ná Seanadóir eile iarrtha ann.

Tá tuairimí éagsúla ann faoinar cheart cruinnithe mar seo a reáchtáil leis an ngrúpa féin amháin nó ar cheart Teachtaí Dála agus Seanadóirí an cheantair uilig a thabhairt isteach in éineacht leo.

Aon duine a bhfuil eolas aige ar chruinnithe mar seo tá a fhios aige gur dóigh go dtógfadh,go hiondúil, na polaiteoirí suas cuid mhór d’am an chruinnithe. Tharlódh freisin go dtosódh polaiteoirí ag tabhairt léargais ar a bhfuil déanta acu féin agus ag cur spallaí polaitiúla anonn agus anall.  I gcás Aire Rialtais, bainfidh seisean le taobh amháin den scála polaitíochta agus má cheapann ionadaithe an Rialtais go bhfuil sé faoi ionsaí tabharfaidh siad cosaint dó.  D’fhéadfadh an t-ábhar féin a bheith plúchta sa gcineál seo cruinnithe.  Go hiondúil, ní bhíonn ach leathuair an chlog, no trí ceathrú huaire, ar fáil do chruinniú mar a bhí ag Grúpa Gnímh an N59 as Conamara leis an Aire Shane Ross an lá cheana.   

D’fhéadfadh na polaiteoirí a rá go bhfuil siadsan tofa ag pobal an toghcheantair agus gur cheart go mbeadh a nglór le cloisteáil ag cruinnithe mar an ceann a bhí ann an lá cheana sa Dáil. Déarfadh siad gur cheart go gcloisfidís an rud a bhí ar bun agus go bhfeilfeadh sin uilig dóibhsean san obair atá siad a dhéanamh don phobal uilig. Tá brí leis an argóint sin, go pointe áirithe.

Ar an taobh eile den scéal, tá daoine ann nach bhfuil tofa mar ionadaithe poiblí ach atá ábalta agus in ann go maith cás an phobail a léiriú. Déanann grúpaí mar sin an obair seo gan pá agus gan costais agus  bheadh Grúpa Gnímh an N59 ar ghrúpa acu sin.  Is cosúil gur thaistil siad uilig go Baile Átha Cliath chuig an gcruinniú seo ar a gcostas féin agus nár baineadh airgead ar bith as an gciste beag atá acu.

Ar ndóigh, níl riail dhaingean ar bith ann a chuireann iachall ar Theachta Dála ná ar Sheanadóir scéala a thabhairt dá chomhghleacaithe i  dtoghcheantar ar bith faoi na socruithe atá déanta aige i gcásanna mar seo.  Ceart go leor, más polaiteoir páirtí é, bheadh brú ar coinneáil le nósmhaireacht a pháirtí féin ach sin ceist eile.

Ach níor cheart go mbeadh ceisteanna mar sin ag déanamh buartha do thoscaireachtaí atá ag déanamh a ndíchill; baineann na nósmhaireachtaí sin le tuiscintí idir polaiteoirí agus níl sé de cheart acusan a gcuid socruithe a  bhrú sa mullach ar dhream ar bith. 

Fág freagra ar 'Cantal ar Theachtaí Dála nach bhfuair cuireadh chuig cruinniú leis an Aire Shane Ross faoin N59'