Callanan, Reid agus Horgan san iomaíocht do ghradam Iománaí na Bliana agus na hainmniúcháin All-Star fógartha

Séamus Callanan, TJ Reid agus Patrick Horgan san iomaíocht do ghradam Iománaí na Bliana agus na hainmniúcháin do gradaim All-Star 2019 fógartha

Callanan, Reid agus Horgan san iomaíocht do ghradam Iománaí na Bliana agus na hainmniúcháin All-Star fógartha

Séamus Callanan, TJ Reid agus Patrick Horgan. Pictiúir: INPHO

Tá Séamus Callanan, TJ Reid agus Patrick Horgan san iomaíocht do ghradam ‘Iománaí na Bliana’ 2019.

Ba é Callanan captaen Thiobraid Árann a bhuaigh craobh na hÉireann an mhí seo caite agus d’aimsigh an lántosach cúl i ngach ceann de na hocht gcluiche a d’imir Tiobraid Árann sa chraobh, gaisce nach raibh déanta ag aon iománaí roimhe seo. Is é seo an ceathrú huair dó a bheith ainmnithe don ghradam ach níor éirigh leis é fháil in 2014, ’15 ná ’16.

Roghnaíodh Reid mar Iománaí na Bliana in 2015 agus tá sé ainmnithe arís i mbliana, an tríú bliain aige a bheith san iomaíocht. Ba é fear Bhaile Héil laoch na gCat i mbliana agus d’éirigh leo áit a bhaint amach i gcluiche ceannais na hÉireann.

Tá Horgan ainmnithe don ghradam den chéad uair. Cé gur díbríodh Corcaigh i mbabhta ceathrú ceannais na craoibhe, rinne Horgan gaiscí scórála i gcaitheamh na bliana. D’aimsigh sé 3-10 sa chluiche ceathrú ceannais a chaill Corcaigh i gcoinne Chill Chainnigh.

Is é Adrian Mullen rogha na n-údar do ghradam ‘Iománaí Óg na Bliana’. Bhí Mullen ar fheabhas do Bhaile Héil agus craobh na hÉireann buaite acu i rith an earraigh agus d’éirigh go hiontach leis agus é ag imirt a chéad shéasúr le foireann shinsir Chill Chainnigh chomh maith.

Is iad Rory O’Connor as Loch Garman agus Kyle Hayes Luimnigh, a bhuaigh an gradam anuraidh, atá san iomaíocht le Mullen.

Tá na hainmniúcháin do ghradam All-Star PwC fógartha ar maidin chomh maith agus ní nach ionadh is iad Tiobraid Árann is mó a fuair ainmniúcháin.

Tá 11 imreoir ón bhfoireann a bhuaigh craobh na hÉireann in 2019 ainmnithe, péire níos mó ná mar atá ag Cill Chainnigh, a fuair naoi n-ainmniúchán.

Chlis ar Luimneach agus Loch Garman i gcluichí leathcheannais na hÉireann agus tá naoi n-ainmniúchán agus ocht n-ainmniúchán faighte ag seaimpíní na Mumhan agus seaimpíní Laighean.

Tar éis dóibh Corn Sheosaimh Mhic Dhonncha a thabhairt leo agus teacht aniar aduaidh ar Áth Cliath sa chraobh, tá beirt ó chontae Laoise ainmnithe – Enda Rowland agus Jack Kelly.

Beirt ó Ghaillimh, beirt ó Chorcaigh agus beirt ó Áth Cliath atá ainmnithe.

Níl ach seisear a bhuaigh gradam All-Star anuraidh ainmnithe i mbliana, is iad sin Eoin Murphy, Seán Finn, Graeme Mulcahy, Patrick Horgan, Cian Lynch agus Richie English.

Fógrófar na buaiteoirí ag deireadh na míosa seo chugainn agus beidh searmanas speisialta i mBaile Átha Cliath Dé hAoine, an 1 Samhain.


Iomáint 2019

Cúl Báire

  1. Eoin Murphy (Cill Chainnigh)
  2. Enda Rowland (Laois)
  3. Brian Hogan (Tiobraid Árann)

Cosantóirí

  1. Chris Crummey (Áth Cliath)
  2. Eoghan O’Donnell (Áth Cliath)
  3. Paddy Deegan (Cill Chainnigh)
  4. Pádraig Walsh (Cill Chainnigh)
  5. Huw Lawlor (Cill Chainnigh)
  6. Conor Fogarty (Cill Chainnigh)
  7. Jack Kelly (Laois)
  8. Seán Finn (Luimneach)
  9. Mike Casey (Luimneach)
  10. Richie English (Luimneach)
  11. Pádraic Maher (Tiobraid Árann)
  12. Ronan Maher (Tiobraid Árann)
  13. Cathal Barrett (Tiobraid Árann)
  14. Brendan Maher (Tiobraid Árann)
  15. Barry Heffernan (Tiobraid Árann)
  16. Matthew O’Hanlon (Loch Garman)
  17. Paudie Foley (Loch Garman)
  18. Liam Ryan (Loch Garman)

Fir Láir Páirce

  1. Cathal Mannion (Gaillimh)
  2. Cian Lynch (Luimneach)
  3. William O’Donoghue (Luimneach)
  4. Noel McGrath (Tiobraid Árann)
  5. Diarmuid O’Keeffe (Loch Garman)
  6. Kevin Foley (Loch Garman)

Tosaithe

  1. Alan Cadogan (Corcaigh)
  2. Patrick Horgan (Corcaigh)
  3. Conor Whelan (Gaillimh)
  4. TJ Reid (Cill Chainnigh)
  5. Adrian Mullen (Cill Chainnigh)
  6. John Donnelly (Cill Chainnigh)
  7. Colin Fennelly (Cill Chainnigh)
  8. Kyle Hayes (Luimneach)
  9. Peter Casey (Luimneach)
  10. Aaron Gillane (Luimneach)
  11. Graeme Mulcahy (Luimneach)
  12. John O’Dwyer (Tiobraid Árann)
  13. Jason Forde (Tiobraid Árann)
  14. Séamus Callanan (Tiobraid Árann)
  15. John McGrath (Tiobraid Árann)
  16. Rory O’Connor (Loch Garman)
  17. Lee Chin (Loch Garman)
  18. Conor McDonald (Loch Garman)

Imreoir na Bliana

  1. Patrick Horgan (Corcaigh)
  2. TJ Reid (Cill Chainnigh)
  3. Séamus Callanan (Tiobraid Árann)

Imreoir Óg na Bliana

  1. Adrian Mullen (Cill Chainnigh)
  2. Kyle Hayes (Luimneach)
  3. Rory O’Connor (Loch Garman)

Fág freagra ar 'Callanan, Reid agus Horgan san iomaíocht do ghradam Iománaí na Bliana agus na hainmniúcháin All-Star fógartha'