Caiticeasma na gcliché

Bhí cuid mhaith den cheart ag John Michael McDonagh sa mhéid a bhí le rá aige faoi chaighdeán na scannán Éireannach, is é sin go bhfuil ‘leisciúlacht’ ag roinnt leo.

5/4/2014. IFTAS Awards

So when you’re making a film there, you’re trying to convince the Irish audience – ‘no, it’s not like all those terrible Irish movies you’ve seen before.John Michael McDonagh

Chruthaigh fear déanta na scannán John Michael McDonagh raic ar na mallaibh agus é faoi agallamh i leith Calvary, an scannán is déanaí leis. Mar achoimre ar an méid a dúirt McDonagh, arbh as Conamara dá mhuintir: dúirt sé gurbh fhearr leis mura dtagrófaí don scannán is déanaí leis dar teideal Calvary mar “scannán Éireannach” toisc nach raibh mórán measa aige ar scannáin na tíre seo, ní hamháin ó thaobh téamaí de ach ó thaobh cumas teicniúlachta ach oiread.

An scéal a ríomhtar in Calvary, baineann sé le sagart Éireannach – agus Brendan Gleeson go han-mhaith sa pháirt sin – a n-insíonn ball dá threibh leis go bhfuil sé ag fáil bháis agus nach bhfuil ach seachtain fágtha aige chun cúrsaí a chur ina gceart. D’fhreastail McDonagh ar ghradaim Acadamh Scannán agus Teilifís na hÉireann (IFTA) – mar ar bhain sé duaiseanna don scannán (i.n. Calvary) is fearr a rinneadh in Éirinn (agus an script is fearr) níos luaithe i mbliana.

Chuir tuairimí McDonagh déistin ar chuid de lucht na meán i mBaile Átha Cliath agus “cognoscenti” scannánaíochta na hÉireann agus thug criticí áirithe fogha faoi dá réir. Más ag tabhairt orainn ábhairín machnaimh a dhéanamh a bhí McDonagh, bhí an ceart ar fad aige, dar liom.

Nuair a deir sé go bhfuil cuid mhaith de scannáin na hÉireann ar chaighdeán sách íseal, níl ach an fhírinne á rá aige. Tá a bhformhór mór acu “leisciúil” agus ar easpa doimhneachta; bíonn na sean-nathanna céanna á ríomh de shíor acu, go háirithe na steiréitíopaí ceannann céanna inár leith féin – na Gaeil. Ó am go chéile tagann scannán amach sa réimse “neamhspleách” – scannán a áirítear mar scannán “art-house” níos minice ná a mhalairt – leithéidí Silence le Pat Collins nó Cré na Cille, agus tá moladh láidir tuillte acu. Ach, aisteach go leor, is beag plé a dhéantar ar scannáin dá leithéid sna meáin chumarsáide anseo, ar chúis éigin.

Agus maidir leis an síor-athrá ar clichéanna a bhfuil cuma na gcartún orthu, tá siad chomh seanbhunaithe faoin am seo, is cúis náire i ndáiríre é na Gaeil a bheith léirithe mar dhream leisciúil nach bhfuil mórtas cine dá laghad ag baint leo, na Gaeil a bhfuil easpa oideachais, an mheisce ag baint leo; a gcuid mianta gnéis curtha faoi chois acu. Seans maith go raibh ní eile ar intinn ag McDonagh agus na ráitis chonspóideacha sin á gcur de aige. Go deimhin, bhí míshuaimhneas go forleathan ar chuid mhaith de na hÉireannaigh thar lear – na Gaeil i Sasana go mór mór – i leith na steiréitíopaí a shamhlaítear i leith na nGael agus dar fia, i leith na hÉireann i réimse na físe go háirithe.

Sampla maith den mhíshuaimhneas seo ba ea an tsraith Father Ted, (a bhfuil Mrs. Brown’s Boys agus an greann leanbaí cartúnach sna sála inniu air). Labhair le Gael-Shasanach (nó go deimhin, Gael-Fhrancach nó Gael-Ghearmánach mar tá mórán díobh siúd ann freisin) agus déarfaidh siad leat (ach os íseal go dtí le déanaí) go rabhadar míchompordach go maith faoi na steiréitíopaí de na Gaeil a cuireadh chun cinn sna cláir theilifíse sin sa Ríocht Aontaithe. Níor chuir éinne againn aon aithne riamh ar shagart a bhí chomh haineolach ná chomh dúr le Fr. Dougal ná duine éigin a bhí chomh dearg-ghránna le Fr. Jack, ach níor luaigh aon duine cén éifeacht a bheadh ag a leithéid orthu siúd nár tógadh in Éirinn ach ar luachmhar leo a gceangal leis an seanfhód.

Níor luadh go mb’fhéidir gur éirigh go seoigh le leithéidí Fr. Ted agus a chairde thar lear de thairbhe go raibh cuid mhór den lucht féachana ag gáire fúinn agus ní ag “gáire linn”! D’fhéadfadh go bhfuil McDonagh ag cur ina luí orainn gur rud í an fhéiniúlacht tíre agus an fhéiniúlacht Éireannach ach go háirithe a bhfuil saibhreas agus castacht níos mó ag baint léi ná na sean-nathanna atá á spalpadh againn le blianta fada anuas.

Ar ndóigh, d’fhéadfadh nach raibh aon cheann de na nithe sin ar intinn ag McDonagh. D’fhéadfadh gur ag lorg poiblíochta dá scannáin – Calvary – a bhí sé; is cinnte gur éirigh leis!