Tá cainteoir líofa Gaeilge ceaptha ina Ard-Rúnaí ar an Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán.
D’fhógair Aire na Gaeltachta Catherine Martin go raibh Feargal Ó Coigligh, arb as Dún Dealgan dó, ceaptha sa phost is sinsearaí ó thaobh na Gaeilge agus na Gaeltachta sa státseirbhís.
Cuirfidh lucht na teanga fáilte roimh cheapachán Fheargail Uí Choigligh ar cainteoir dílis Gaeilge a fhreastalaíonn ar Oireachtas na Samhna gach bliain.
Tá Ó Coigligh ina rúnaí cúnta sa Roinn Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta faoi láthair agus é freagrach as an bplean tithíochta ‘Tithíocht do Chách’.
Roimhe sin bhí sé freagrach as seirbhísí uisce agus Uisce Éireann.
Idir 2015-2018 bhí sé in rúnaí cúnta sna ranna cultúir agus ealaíon agus é i gceannas ar Chlár Dheich mBliana na gCuimhneachán. Bhíodh sé ag plé tamall chomh maith le cúrsaí oidhreachta agus leis an tSeirbhís Páirceanna Náisiúnta agus Fiadhúlra.
Bíonn an tArd-Rúnaí sa Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán freagrach as cuid mhór de na polasaithe atá ag an stát ó thaobh chosaint na Gaeilge agus na Gaeltachta, ach ní raibh aon riachtanas Gaeilge luaite leis an bhfolúntas.
Nuair a fógraíodh an folúntas – a raibh breis is €230,000 luaite leis – dúirt Aire na Gaeltachta go gcabhrófaí leis an té a cheapfaí sa chás nach mbeadh an teanga ag an té sin.
Dúirt an tAire Catherine Martin go raibh sí “ag tnúth go mór” a bheith ag obair le Feargal Ó Coigligh agus ghabh sí buíochas le Katherine Licken, atá ag éirí as mar ard-rúnaí na roinne an tseachtain seo, as a ceannaireacht agus a comhairle.
Lillis Ó Laoire
Comhghairdeas le Feargal.
Dónall Ó Cnáimhsí
Comhghairdeas a Fheargáil agus go néirí leat!
Colin Quigley
Beir bua Feargal.