Cáineadh géar déanta ar pháirc náisiúnta nua sa Ghaeltacht

Dúirt éiceolaí gur léiriú ar “gach a bhfuil mícheart le coincheap na Páirce Náisiúnta in Éirinn” í an pháirc nua i nGaeltacht Chiarraí

Cáineadh géar déanta ar pháirc náisiúnta nua sa Ghaeltacht

Tá cáineadh géar déanta ag éiceolaí aitheanta ar an bpáirc náisiúnta nua i nGaeltacht Chorca Dhuibhne, Páirc Náisiúnta na Mara. Fógraíodh an bhliain seo caite go mbeadh sciar den leithinis Ghaeltachta ina pháirc náisiúnta mar aon le réimse mór farraige amach ón gcósta – an chéad pháirc náisiúnta farraige in Éirinn.

Agus é ag scríobh ar The Irish Examiner, agus i bplé a rinne sé ar na meáin shóisialta i ndiaidh fhoilsiú a ailt, dúirt an t-éiceolaí Pádraic Fogarty gur léiriú ar “gach a bhfuil mícheart le coincheap na Páirce Náisiúnta in Éirinn” í an pháirc nua i nGaeltacht Chiarraí.

Dúirt gur “sheas na polaiteoirí lena bhfocal” nuair a gheall an t-aire stáit don nádúr in 2024, Malcolm Noonan, agus an t-aire tithíochta Darragh O’Brien d’fheirmeoirí agus d’iascairí an cheantair nach n-athrófaí rud ar bith mar gheall ar an stádas nua a bronnadh ar chuid de Chorca Dhuibhne.

Thug Fogarty, a scríobh an leabhar Whittle Away: Ireland’s Vanishing Nature agus a bhí ina oifigeach feachtas le hIontaobhas Fiadhúlra na hÉireann, cuairt ar Pháirc Náisiúnta na Mara an mhí seo caite in éineacht le hoifigigh de chuid na Seirbhíse Páirceanna Náisiúnta agus Fiadhúlra. Dúirt sé gur fhág a bhfaca sé ann an-imní air gur in olcas a ghabhfaidh an scéal don fhiadhúlra sa pháirc nua seachas a mhalairt.

Dúirt sé gur údar iontais dó é gur aontaigh an Stát conradh nua le feirmeoir as an áit le go mbeadh cead aige 200 caora dá chuid a chur ar féarach ar thalamh na páirce náisiúnta agus go n-aithníonn an NPWS féin go bhfuil an tírdhreach “faoi bhrú an-mhór ón ró-innilt”.

Cháin sé freisin an bhaint mhóna atá ag tarlú i gcónaí sa pháirc náisiúnta agus dúirt go gcaithfidh an Stát dul i mbun idirbheartaíochta arís le húinéirí talún le deireadh a chur leis an gcleachtas sin sa pháirc.

Is í Páirc Náisiúnta na Mara an chéad pháirc náisiúnta in Éirinn a bhfuil réimsí móra farraige i gceist léi. Tá an fharraige timpeall ar na Blascaodaí, na Scealga, agus Tanalach Cheann Chiarraí san áireamh sa bpáirc nua. Mhaígh Fogarty, áfach, go bhfuil dochar as cuimse á dhéanamh do bheathra na mara ann agus nach bhfuil cumhacht dá laghad an NPWS na cleachtais iascaireachta a athrú san áit.

Dúirt sé gur léirigh tuarascáil a rinne Foras na Mara gur bádh 200 rón sa cheantar nuair a chuaigh siad i bhfostú i líonta iascaigh agus go bhfuil an fháir rón atá ar an mBlascaod Mór i mbaol mór de bharr na líonta céanna.

Tá 70,000 acra ar fad i bPáirc Náisiúnta na Mara, an pháirc náisiúnta is lú sa tír. Chosain an 1,400 acra ar an gConair a ceannaíodh faoi bhun €6 mhilliún an stát. Tá cáil na n-éan ar an gceantar agus fáil ann ar an bpuifín, an guairdeall, agus an fabhcún gorm chomh maith le hainmhithe dála an mhadra uisce, an broc, agus an giorria sléibhe. Is sa pháirc náisiúnta nua atá teacht ar an t-aon chnádán dúchais in Éirinn.

Fógraíodh an pháirc nua i mí Aibreáin 2024, ach dúirt Fogarty gur beag is fiú a leithéid a bheith ann “mura n-athrófaí cúrsaí ar an talamh”.

Fág freagra ar 'Cáineadh géar déanta ar pháirc náisiúnta nua sa Ghaeltacht'