Cáineadh déanta ar ‘loitiméireacht chiníoch’ ar chomharthaí bóthair Gaeilge

Tá iarrtha ag Sinn Féin ar aon duine a bhfuil eolas acu faoi loitiméireacht a rinneadh ar chomharthaí sa Pháirc i gcontae Dhoire an t-eolas sin a chur ar fáil don PSNI

Tá cáineadh géar déanta orthu siúd a bhfuil scrios déanta acu ar chomharthaí Gaeilge sa Pháirc i gontae Dhoire.

Dúirt an ball tionóil de chuid Shinn Féin Caoimhe Archibald nach raibh “leithscéal ar bith” ann don “loitiméireacht chiníoch” a deir sí atá déanta ar chomharthaí Gaeilge timpeall ar shráidbhaile na Páirce agus dúirt sí nach bhféadfaí glacadh lena leithéid.

“Ní hé seo an chéad uair a loiteadh nó a rinneadh dochar do na comharthaí Gaeilge seo.

“Chuir muintir na háite dianfheachtas suas chun na comharthaí seo a fháil agus thuigfeá dóibh go bhfuil a míshástacht curtha in iúl acu faoin éadulaingt chiníoch seo.

“Mholaimis d’aon duine a bhfuil eolas acu faoin loitiméireacht seo é a chur ar a súile don PSNI,” arsa Caoimhe Archibald, polaiteoir de chuid Shinn Féin.

Seo an t-ionsaí is déanaí i sraith ionsaithe a rinneadh ar chomharthaí bóthair dátheangacha agus Gaeilge ar fud an tuaiscirt.

Bhí ar chomhairlí ó thuaidh nach mór 60 comhartha a loiteadh toisc Gaeilge a bheith orthu a dheisiú nó a chrochadh athuair le trí bliana anuas.

De réir figiúirí nua scriosadh 58 comhartha poiblí dátheangach i gceithre cheantar comhairle ó 2015 agus £8,188 a caitheadh le deisiú na gcomharthaí agus le crochadh comharthaí nua ina n-áit. 

De réir figiúirí a fuair an Irish News ba i gceantar Lár Uladh, mar a ndearnadh díobháil do 27 comhartha, is mó a bhí loitiméirí frith-Ghaeilge i mbun díobhála.

Le péint agus graifítí a scriosadh formhór na gcomharthaí ach dódh cinn eile agus baineadh roinnt acu anuas ar fad.

Fág freagra ar 'Cáineadh déanta ar ‘loitiméireacht chiníoch’ ar chomharthaí bóthair Gaeilge'