Is lú an deis a bhíonn ag daltaí a bhíonn ag freastal ar Ghaelcholáistí staidéar a dhéanamh ar ábhair ghnó nó ar ábhair phraiticiúla ná mar a bhíonn ag daltaí a théann chuig scoileanna lán-Bhéarla.
Cé go gcuirtear na croí-ábhair – Gaeilge, Béarla agus Matamaitic – ar fáil i ngach iarbhunscoil sa stát, léirítear i dtuarascáil ón Roinn Oideachais go mbíonn difríochtaí suntasacha idir gaelcholáistí agus scoileanna eile ó thaobh sholáthar na n-ábhar eile.
Is léir ó anailís na Roinne nach mbíonn an teacht céanna ag daltaí Ardteiste i ngaelcholáistí ar ábhair amhail Cuntasaíocht, Eacnamaíocht, Innealtóireacht agus Staidéar Foirgníochta.
Sa scoilbhliain dheireanach, 2021-22, bhí Cuntasaíocht ar fáil mar ábhar i 73% d’iarbhunscoileanna an stáit. Ní raibh an chuntasaíocht ar fáil mar ábhar ach i 50% d’iarbhunscoileanna lán-Ghaeilge lasmuigh den Ghaeltacht – 14 scoil as 28.
Ní raibh an difríocht chomh mór céanna i gcás na hEacnamaíochta ach, arís, ba choitianta an t-ábhar a bheith ar fáil sa scoil lán-Bhéarla ná sa ghaelcholáiste. Bhí Eacnamaíocht ar fáil mar ábhar Ardteiste i 44% d’iarbhunscoileanna in 2021 ach ní raibh sé ar fáil ach i ndeich ngaelcholáiste a raibh an t-ábhar ar fáil iontu an bhliain chéanna – 36% den iomlán.
Ó thaobh na n-ábhar praiticiúil, bhí Innealtóireacht ar fáil i 21% de ghaelcholáistí in 2021, i gcomparáid le 45% d’iarbhunscoileanna an stáit. Cuireadh Staidéar Foirgníochta ar fáil i 67% d’iarbhunscoileanna an stáit ach ní raibh an t-ábhar ar fáil ach i 50% de na gaelcholáistí.
Bhí Grafaic Dheartha agus Chumarsáide, Staidéar Ríomhaireachta agus an t-ábhar nua An Pholaitíocht agus an tSochaí, i measc na n-ábhar eile nach raibh chomh coitianta céanna i nGaelcholáistí le hais scoileanna eile, ach ba í an Eolaíocht Talmhaíochta an t-ábhar ba mhó a raibh difríocht sa soláthar.
Ní raibh ach cúig Ghaelcholáiste, 18% den iomlán, ina raibh Eolaíocht Talmhaíochta mar rogha ag daltaí in 2021 i gcomparáid le 57% d’iarbhunscoileanna eile na tíre – 39 pointe céatadáin de dhifríocht.
Seans go bhfuil baint mhór ag láthair na nGaelcholáistí leis an difríocht áirithe sin mar go bhfuil cuid mhaith díobh lonnaithe i gceantair uirbeacha.
Bheadh tionchar freisin ag na deacrachtaí breise a bhíonn ag scoileanna lán-Ghaeilge múinteoirí a bhfuil cumas Gaeilge acu a fháil don rogha ábhar a bhíonn á teagasc sa scoil seachas mar a bheadh ag scoileanna lán-Bhéarla. Is léir chomh maith go bhfuil roinnt ábhar a bhí níos coitianta i ngaelcholáistí ná mar a bhí go náisiúnta.
Cuireadh Gairmthreoir ar fáil mar ábhar Ardteiste i 79% de na Gaelcholáistí in 2021 cé nach raibh an t-ábhar sin ar fáil ach i 59% d’iarbhunscoileanna ar fad an stáit.
Bhí an Ceol mar rogha ábhair níos coitianta i ngaelcholáistí thairis mar a bhí go náisiúnta freisin – 96% v 83% – rud a thabharfadh le fios go gcuirtear an-bhéim ar chúrsaí cultúir i ngaelcholáistí.
Ar na hábhair eile a bhí níos coitianta sna Gaelcholáistí bhí Fisic (89% v 77%) agus Ceimic (96% v 86%), Oideachas Reiligiúnach agus Eacnamaíocht Bhaile.
Cé go bhfuil 29 Gaelcholáiste lasmuigh den Ghaeltacht sa stát, níor cuireadh Gaelcholáiste Mhaigh Nuad san áireamh san anailís seo toisc go raibh sé bunaithe ar fhaisnéis ó 2020, tráth nach raibh aon scoláirí sa scoil sin sa tsraith shinsearach go fóill.
Léirítear i dtuarascáil na Roinne freisin go ndéanann céatadán i bhfad níos mó daltaí i ngaelcholáiste an Idirbhliain i gcomparáid le daltaí i scoileanna lán-Bhéarla.
Deir an Roinn go bhfuil líon na ndaltaí a thugann faoin Idirbhliain i ndiaidh na Sraithe Sóisearaí ag méadú sna scoileanna go léir sa stát ach go bhfuil na rátaí i ngaelcholáistí “an-ard”.
In 2020-21, thapaigh 96% de na daltaí i ngaelcholáistí, idir bhuachaillí agus chailíní, a raibh an Idirbhliain mar rogha acu, an deis sin. I scoileanna lán-Bhéarla, 76% de na cailíní agus 70% de bhuachaillí a thug faoin Idirbhliain.
Léiríonn na figiúirí an t-ardú atá tagtha le deich mbliana anuas ar an gcéatadán de dhaltaí na tíre a dhéanann an Idirbhliain. In 2011, rinne 84% de na cailíní agus 94% de na buachaillí i nGaelcholáistí an Idirbhliain, le hais 57% de chailíní agus 50% de bhuachaillí i scoileanna lán-Bhéarla.
Tá an mioneolas faoi staid reatha an ghaeloideachais curtha ar fáil sa tuarascáil Léargas ar Sholáthar don Oideachas Lán-Ghaeilge lasmuigh den Ghaeltacht, atá foilsithe mar chuid den pholasaí nua don ghaeloideachas lasmuigh den Ghaeltacht atá á fhorbairt ag an Roinn Oideachais.
Fág freagra ar 'Cad iad na hábhair is mó agus is lú a ndéantar staidéar orthu i scoileanna lán-Ghaeilge?'