Cá bhfuil do thriall, a Jeffrey Donaldson?

Buille mór don DUP ab ea a dtionchar in Westminster a bheith leáite leis, ach caithfidh siad cinneadh a dhéanamh faoi cén cúrsa a leanfaidh siad anois

Cá bhfuil do thriall, a Jeffrey Donaldson?

Sin é. An chríoch. Tá an margadh déanta. Tá Creat Windsor aontaithe ag an Ríocht Aontaithe agus an tAontas Eorpach. Cuirfear ar bhonn reachtúil é mar dhlí idirnáisiúnta gan mhoill. Ní dhéanfar a thuilleadh idirbheartaíochta.

B’in í an teachtaireacht neamhbhalbh ó rialtas na Breataine don DUP. Ba é freagra Jeffrey Donaldson nach duine é a thugann suas. Beag beann ar an bhfoláireamh go raibh deireadh ráite, dúirt ceannaire an DUP go leanfadh siad orthu ag iarraidh athruithe ar Chreat Windsor. D’ainneoin ráiteas an cheannaire ní foláir nó go bhfuil a roghanna á scrúdú ag an bpáirtí.

Mhaígh Státrúnaí Thuaisceart Éireann, Chris Heaton–Harris, gur chosúil nár thuig an DUP go beacht brí na tacaíochta a fuair an margadh Breatimeachta nua ó fheisirí parlaiminte in Westminster Dé Céadaoin seo caite. Bhí cinneadh na bhfeisirí glan soiléir. Chaith 515 a vóta ar son Srian Stormont, gné de Chreat Windsor a dréachtaíodh chun aontachtaithe a shásamh. Ní raibh ach 29 ina choinne, feisirí an DUP san áireamh.

Buille mór don DUP ab ea a dtionchar in Westminster a bheith leáite mar a bheadh sneachta an tsamhraidh. Buille eile ab ea gur tugadh droim láimhe freisin le diúltachas agus mioscais an an iarphríomh-aire, Boris Johnson, a d’iarr ar fheisirí diúltú do shocrú an Phríomh-Aire Rishi Sunak. Duine is fiche ón bpáirtí Caomhach, Johnson é féin agus Liz Truss, iarphríomh-aire eile, ina measc, a vótáil leis an DUP. Teip iomlán a bhí san ‘éirí amach’ a bhí á mholadh ag Johnson agus ag an ERG, an brúghrúpa Eorasceipteach a thacaigh leis an DUP.

Athrú saoil suntasach ab ea é sin sa Pharlaimint agus i bpáirtí Caomhach na Breataine. Dhaingnigh an vóta údarás Rishi Sunak sa pháirtí. Ba é breithiúnas an Daily Telegraph, an nuachtán a sheas lena n-iarcholúnaí, Boris Johnson, mín agus garbh, go raibh ceannaireacht Sunak neartaithe mar gur ‘bhúir an leon ach níor theastaigh ó éinne éisteacht leis’. Go bunúsach, is mian le móramh mór na bhfeisirí as gach páirtí an tsíor-agóidíocht faoin AE a chaitheamh i dtraipisí agus tógáil ar an dea-chaidreamh atá cothaithe ag Sunak agus a fhoireann idirbheartaíochta.

Dúshlán is ea é don DUP. Gheobhaidh siad éisteacht ar ndóigh mar go dteastaíonn ó rialtas na Breataine agus rialtas na hÉireann, chomh maith le lucht na Bruiséile agus Washington, go gcuirfí Stormont ar ais ar a bhoinn agus go mbeadh sé feidhmiúil. Ach ó tá an margadh déanta céard is féidir leo a bhaint amach? Dúirt Jeffrey Donaldson i dTeach na Parlaiminte go raibh gá le córas déach rialacháin i dTuaisceart Éireann. Cé go mbeadh táirgeoirí áirithe ag cloí le rialacha agus caighdeáin an AE go mbeadh daoine eile in ann feidhmiú faoi rialacha na Breataine amháin.

Ní raibh sé sin sna seacht gcoinníoll a leag an DUP síos mar riachtanais don bprótacal leasaithe. Nocht an Financial Times ó shin gur scríobh Sammy Wilson an DUP chuig an Roinn Talmhaíochta i Londain sa bhfómhar seo caite ag rá gur theastaigh ó fheirmeoirí cloí le rialacha an AE.

Tá sé fógartha go minic ag gnólachtaí móra nach dteastaíonn córas déach uathu agus gur buntáiste dóibh é rochtain a bheith acu ar dhá mhargadh – AE agus RA.

Níl sé soiléir mar sin céard a shásódh an DUP. Deir siad nach bhfuil i gCreat Windsor ach plástar – ceirín ar chneá agus nach mór leigheas críochnúil ar a ndeacrachtaí a fháil. Díol suntais ab ea é gur dhúirt Jeffrey Donaldson roimh an díospóireacht in Westminster nach mbeidís ag filleadh ar Stormont ‘at this stage’. Ar chiallaigh sé sin go ndéanfaidh siad é amach anseo? Nuair a bheas comóradh 25 bliain Chomhaontú Aoine an Chéasta thart? Nuair a bheas an tUachtarán Biden imithe? Nó nuair a bheas na toghcháin áitiúla ar an 18 Bealtaine thart?

Tá brú orthu ó na páirtithe móra eile ar fad éirí as an mbaghcat ar Stormont i bhfianaise na bhfadhbanna ollmhóra sa chóras sláinte, i gcúrsaí oideachais agus na ciorruithe as cuimse atá á mbagairt sa bhuiséad atá buailte linn. Is cosúil go bhfuil leas á bhaint ag an Státrúnaí Heaton-Harris as an drochbhail atá ar sheirbhísí poiblí agus na heasnaimh sa chiste poiblí chun brú a chur ar an DUP. Ar an láimh eile, tá brú orthu ó Jim Allister, TUV, ón Ord Oráisteach agus ó dhílseoirí ar nós Jamie Bryson, feachtasóir, fanacht glan ar Stormont. Go dtí seo, bhí tacaíocht ag an DUP ón bpobal aontachtach ach léiríonn pobalbhreitheanna go bhfuil an scéal ag athrú. Seans go dtiocfaidh brú as na cearnaí sin chomh maith má thiteann an tóin as seirbhísí poiblí mar atá tuartha.

Níl sé thar chumas an DUP a bheith páirteach sna hinstitiúidí in Stormont fad is atá siad ag rá go bhfuil Creat Windsor doghlactha. Rinne siad é le Comhaontú Aoine an Chéasta; níor ghlac siad ariamh leis ach bhí siad sa Tionól agus sa bhFeidhmeannas. I measc na gcúiseanna lena bhfreasúra don phrótacal, bhí gur tháinig sé salach ar ghné den Chomhaontú.

Fág freagra ar 'Cá bhfuil do thriall, a Jeffrey Donaldson?'