Buille do lucht frith-Bhreatimeachta agus ugach don DUP é imeacht Sylvia Hermon

Is minic vótóirí ag casaoid faoin DUP agus Sinn Féin ach an mbeidh éifeacht ag na gearáin sin ar thoradh an toghcháin

Buille do lucht frith-Bhreatimeachta agus ugach don DUP é imeacht Sylvia Hermon

An Bhantiarna Sylvia Hermon

Buille trom dóibh sin atá in éadan an Bhreatimeachta nó i gcoinne imeacht as an Aontas Eorpach gan mhargadh ab ea cinneadh an Bhantiarna Sylvia Hermon nach seasfadh sí san olltoghchán ar an 12 Nollaig. Laoch ab ea í mar chadhain aonair a labhair sa Pharlaimint in Westminster thar ceann an mhóraimh fhrith-Bhreatimeachta i dTuaisceart Éireann. Moladh í go forleathan as a hionracas, a crógacht agus a dúthracht i mbun a cuid oibre mar fheisire an Dúin Thuaidh ó 2001.

Tá scíth tuillte aici gan dabht ach tiocfaidh sé crua ar pháirtithe áirithe déileáil leis an bhfolús, Alliance go háirithe, ach Comhaontas Glas agus an UUP freisin. Beidh an toghcheantar an-suimiúil an babhta seo agus an DUP ag dréim le caithréim. Tá an DUP ag fás sa Dún Thuaidh ó 2003 agus san olltoghchán in 2017 bhí a n-iarrthóir, Alex Easton, i bhfoisceacht 1,200 vóta do Sylvia Hermon. ’Sé Easton rogha na coitiantachta le theacht i gcomharbacht ar an bhfeisire Hermon; bua tábhachtach a bheadh ansin don DUP i dtoghchán ina bhfuil dianbhrú orthu i dtoghcheantair eile.

Is mar ionadaí an UUP a toghadh Sylvia Hermon an chéad uair in 2001 ach thit sí amach leis an bpáirtí in 2010 i ngeall ar a gcomhghuaillíocht le Caomhaigh David Cameron, UCUNF, agus bhí rath uirthi ó shin mar fheisire aontachtach neamhspleách. Níor sheas an UUP ina coinne am ar bith, ach céard a dhéanfaidh siad anois?

Bhí 21.5% de na vótaí ag an UUP i dtoghchán an Tionóil in 2017, ach 37.5% a bhí ag an DUP. Bhí caint ar iarrthóir ‘aitheanta’ a thabhairt isteach ó cheantar eile, an t-iarcheannaire Mike Nesbitt nó Doug Beattie, agus bhí caint freisin ar Alan Chambers an Teachta Tionóil logánta, ach ní raibh sé soiléir cén cur chuige a bheadh ag an gceannaire nua, Steve Aiken.

Mhaíodh Alliance agus Comhaontas Glas go mbailíodh Sylvia Hermon vótaí óna lucht leanúna siúd. Tá torthaí na dtoghchán ag teacht leis sin. Nuair a sheas siad i gcoinne Hermon sna holltoghcháin in 2015 agus 2017, fuair Alliance 8.6% agus 9.3% agus fuair Comhaontas Glas 5.4% agus 6.5%. Bhí a sciar den vóta níos airde acu i dtoghcháin Stormont: 17% agus 18.6% ag Alliance agus 13% agus 13.7% ag Comhaontas Glas.

An bhfuil bunús ansin chun dúshlán an DUP a thabhairt, go háirithe i bhfianaise mhaíomh Alliance go bhfuil borradh mór fúthu? Roghnaigh an Alliance a leascheannaire Stephen Farry mar iarrthóir ‘the Remain choice’ oíche Déardaoin. Ní foláir nó go raibh siad ag súil go dtabharfadh vótóirí atá míshásta le cur chuige an DUP tacaíocht theaicticeach don Dr Farry ó tharla gur cháin Alliance as éadan na páirtithe frithBhreatimeachta eile a d’iarr margadh réamhthoghcháin – Comhaontas Glas, Sinn Féin agus an SDLP.

Ceist anois céard a dhéanfaidh Comhaontas Glas sa Dún Thuaidh. Tá a gceannaire Clare Bailey go mór i bhfabhar comhghuaillíocht chun an vóta in aghaidh an Bhreatimeachta a neartú. Is beag is fiú cinneadh an SDLP agus Shinn Féin go seasfaidís i leataobh sa toghcheantar ar mhaithe leis an bhfeisire Hermon, mar ní raibh acu in éineacht ach míle vóta agus ní léir an aistreodh siad chuig Alliance. Chuir aontachtaithe i leith Shinn Féin  agus an SDLP nach raibh sa chinneadh faoin Dún Thuaidh ach iarracht chun cuma an tseicteachais a bhaint de na socruithe maidir le Béal Feirste Thuaidh agus Béal Feirste Theas.

Sheas SDLP i leataobh i dtuaisceart na cathrach chun cuidiú le Sinn Féin dúshlán 

Nigel Dodds, ‘ailtire an Bhreatimeachta abhus’ dar leo, a thabhairt. Agus sheas Sinn Féin i leataobh i ndeisceart na cathrach chun tacú le hiarracht Claire Hanna an SDLP a suíochán parlaiminte a bhaint d’Emma Little-Pengelly ón DUP. Tá Comhaontas Glas ag seasamh i leataobh i dtoghcheantair uile Bhéal Feirste chun tacú le hiarrthóirí i gcoinne an Bhreatimeachta, ach dhiúltaigh Alliance as éadan a bheith páirteach in aon  mhargadh nó comhghuaillíocht toghcháin.

D’fhógair feisire Parlaiminte eile, David Simpson an DUP, nach gcosnódh sé a shuíochán sa Bhanna Uachtair. D’éirigh sé as i ngeall ar an laghdú a tháinig ar an tacaíocht a thugtar dó tar éis scannail a bhain le caidreamh lasmuigh den phósadh. Ghabh an páirtí buíochas leis as a sheirbhís ó

chuir sé David Trimble dá chois go drámatúil in 2005 agus ghuigh siad rath air féin agus a theaghlach ach ba chosúil gur moladh dó imeacht. Chuaigh ceannaireacht an pháirtí i gcomhairle leis an eagraíocht sa toghcheantar faoi roghnú iarrthóra agus an t-aer beo le ráflaí faoi bhaill shinsearacha éagsúla ach bhí go leor tacaíochta ag Carla Lockhart, Teachta Tionóil. Tá móramh mór ag an bpáirtí sa toghcheantar. Bhí Simpson 8,000 vóta chun tosaigh ar John O’Dowd Shinn Féin atá ina iarrthóir an geábh seo freisin. Bhí an UUP sa tríú háit.

Meastar go bhfuil suíochán an DUP slán cé go bhfuil ceisteanna ag lear mór daoine faoi sheasamh an pháirtí i leith an Bhreatimeachta. Beifear ag faire ansin, fearacht gach toghlach eile, féachaint an seasfaidh na vótóirí arís leis an dá mhórpháirtí nó an iompóidh roinnt ina n-aghaidh. Is minic vótóirí ag casaoid faoin DUP agus Sinn Féin i dtaca leis an bhfolús in Stormont agus is minic iad cáinteach chomh maith faoi iompar an DUP i leith an Bhreatimeachta agus faoi éagumas Shinn Féin maidir leis an gceist chéanna. An mbeidh éifeacht ag na gearáin sin ar vótaí? Sin í an t-tseancheist agus an tsaincheist.

Fág freagra ar 'Buille do lucht frith-Bhreatimeachta agus ugach don DUP é imeacht Sylvia Hermon'