‘Brón ar an bhás ’sé dhubh mo chroíse’ – ceathrar ógánach curtha i gcré na cille i nGaeltacht Dhún na nGall

Lá gruama, dorcha, brónach a bhí ann i nDún na Gall inniu, áit ar cuireadh an ceathrar fear óg Gaeltachta a bhásaigh go tragóideach i dtimpiste bhóthair i nGaoth Dobhair Dé Domhnaigh

‘Brón ar an bhás ’sé dhubh mo chroíse’ – ceathrar ógánach curtha i gcré na cille i nGaeltacht Dhún na nGall

Pictiúr: Sorcha Ní Mhonacháin/Twitter.com

Bhí pobal trí pharóiste i nGaeltacht Dhún na nGall faoi aon bhrat bróin amháin inniu nuair a cuireadh i gcré na cille an ceathrar ógánach a maraíodh go tragóideach i dtimpiste bhóthair i nGaoth Dobhair Dé Domhnaigh.

Ba iad an ceathrar a maraíodh sa timpiste John Harley, 24, agus Shaun Harkin, 22, as an bhFál Carrach, Mícheál  Ó Rabhartaigh, 24, as Gaoth Dobhair agus Daniel Scott as Gort an Choirce, 23.

Ba é tórramh Shaun Harkin i dTeach Pobail Ghort an Choirce an chéad cheann de cheithre cinn ar lá ar thug sagart an pharóiste sin, an tAthair Seán Ó Gallchóir ceann de na laethanta ba dhorcha, ba ghruama agus ba bhrónaí riamh i nDún na nGall air.

Ba é Mícheál Ó Rabhartaigh, a raibh a thórramh i dTeach Pobail an Chroí Rónaofa i nDún Lúiche, an dara duine a cuireadh i gcré na cille.

I reilig an Fháil Charraigh a cuireadh John Harley i ndiaidh a thórraimh i dTeach Pobail Naomh Fionán ar an Fhál Carrach agus ba é Daniel Scott an duine deireanach den cheathrar a adhlacadh i ndiaidh a aifrinn sochraide i dTeach Pobail Chríost Rí i nGort an Choirce.

Mícheál Ó Rabhartaigh, Shaun Harkin, Daniel Scott agus John Harley

Dúirt an tAthair Seán Ó Gallchóir go raibh pobal Chloch Cheann Fhaola, Ghaoth Dobhair agus na Rosann faoi “scamall agus faoi smúid nach cuimhin leo a leithéide riamh” agus “bóthar fada bán an dóchais” a bhí ag luí amach roimh an gceathrar fear óg “scriosta”.

“Is millteanach an tionchar agus an éifeacht agus an toradh atá ar an rud a tharla i bhfaiteadh na súl oíche Dhomhnaigh. Tá ceathrar fear óg ar lár, imithe uainn go deo, na brionglóidí a bhí acu, na haislingí a bhí acu, na pleananna a bhí acu, bóthar fada bán an dóchais ag luí rompu amach scriosta.

“Tá ceathrar teaghlach briste brúite croite cráite ag iompar croise nach bhfágfaidh iad choíche. Tá pobal Chloch Cheann Fhaola, Ghaoth Dobhair agus na Rosann faoi scamall agus faoi smúid nach cuimhin leo a leithéide riamh. Tá pobal uilig na tíre faoi bhrat bróin agus uafáis ag an dtragóid mhillteanach seo,” arsa an tAthair Seán Ó Gallchóir.

Dúirt sé gur “ghoill tubaiste an Domhnaigh go creathnach” ní hamháin ar mhuintir agus cairde na marbh agus ar phobal an cheantair ach “ar an náisiún uilig”.

Thaistil “na mílte trí shioc, trí shíon agus trí shneachta” chun comhbhrón a dhéanamh le muintir an cheathrair le cúpla lá anuas, a dúirt sé.

“Shil óg agus sean na sruitheata deor agus insíodh na mílte scéal faoin cheathrar óg a chaill muid,” a dúirt an tAthair Seán Ó Gallchóir.

Dúirt sagart paróiste Ghort an Choirce gur “buachaill caol dubh gealgháireach” ab ea Shaun Harkin a dhéanadh comhrá le hóg agus aosta. Bhí “pearsantacht aoibhinn” aige agus é lán “comhrá, cuideachta agus grinn”.

Cé nach raibh sé ach 22 bliain d’aois bhí “lear mór” déanta aige “ar son a phobail”.

Rinne CLG Chloch Cheann Fhaola, foireann sacair Ghleann Átha agus scoileanna an cheantair garda onórach do Shaun Harkin ar a shlí chun an tséipéil.

Bhí an dúil a bhí ag Mícheál O Rabhartaigh sa pheil lárnach chomh maith ag a thórramh i dTeach Pobail Dhún Lúiche ag bun na hEaragaile, mar ar thionlaic Niall Ó Frighil, captaen fhoireann peile Ghaoth Dobhair agus a chomhimreoirí an chónra isteach sa séipéal agus na trí chorn mhóra a bhuaigh siad an séasúr seo ar iompar acu. Brat glas agus buí chumann Ghaoth Dobhair a bhí ar chónra Mhichíl Uí Rabhartaigh.

Thug an t-imreoir idirchontae Odhrán Mac Niallais péire bróga peile mar thabhartas chun na haltóra le linn an aifrinn.

Labhair an tAthair Brian Ó Fearraigh faoin “uaisleacht, daonnacht agus cairdeas” a bhí ag baint go láidir le Mícheál Ó Rabhartaigh. Dúirt an sagart go mbíodh an fear óg ina “rascal in amanta” ach nach raibh oiread na fríde d’olc ann.

“Brón ar an bhás ’sé dhubh mo chroíse,” arsa an tAthair Ó Fearraigh agus é ag aithris línte an Phiarsaigh chun cur síos ar bhris an phobail.

Dúirt an tAthair Ó Fearraigh go raibh bris chlann agus chairde Mhichíl Uí Rabhartaigh chomh mór le sliabh na hEaragaile agus chomh domhain le loch Dhún Lúiche.

Ag aifreann sochraide John Harley i dTeach Pobail Naomh Fionán ar an Fhál Carrach, dúirt an tAthair James Mac Giolla Easpaig gur bhain an tragóid stangadh as an bpobal.

B’imreoir cumasach le foireann shinsir Chloch Cheann Fhaola é John Harley, a bhí ina chaptaen ar an bhfoireann in 2016-2017. Roghnaíodh é mar laoch na himeartha nuair a bhuaigh Cloch Cheann Fhaola babhtaí cáilithe Chomórtas Peile na Gaeltachta i dTír Chonaill in 2017 agus bhronn an cumann gradam ‘Imreoir na Bliana’ air ag deireadh an tséasúir sin. Dúirt an tAthair Mac Giolla Easpaig gur cheannaire den scoth é ar pháirc na himeartha agus taobh amuigh di. Fear lán beochta a bhí ann a bhain oiread amach ina shaol gairid is a dhéanfadh daoine eile dá mbeadh dhá shaol fada acu, a dúirt an tAthair Mac Giolla Easpaig.

Dúirt an sagart nárbh í an traenáil peile an rud ab fhearr le John Harley agus go ndeireadh sé le teann magaidh gur do dhaoine ar theastaigh feabhas uathu an traenáil.

Fear óg ab ea é a raibh gean agus meas ag cách air, a dúradh.

Ag an tórramh deireanach tráthnóna, an dara ceann i dTeach Pobail Ghort an Choirce inniu, labhair an tAthair Seán Ó Gallchóir faoi éirim aigne Daniel Scott a raibh rún aige imeacht chun na Danmhairge mar a raibh post nua faighte aige. 

Oibrí dícheallach coinsiasach a bhí ann cé nach raibh aon dúil aige in obair an phortaigh. Bhí an-suim aige i gcúrsaí peile agus i gcúrsaí faisin agus léiríodh é sin sna tabhartais a tugadh chun na haltóra, a raibh lóis iarbheartha agus geil ghruaige ina measc.

Dúirt an tAthair Ó Gallchóir gur léirigh bás tragóideach an cheathrair óig a luachmhaire is atá “bronntanas na beatha” agus chomhairligh sé don phobal a bheith cúramach ar na bóithre.

Baineadh creathadh uafásach as muintir Ghaeltacht Dhún na nGall tráthnóna Dé Domhnaigh nuair a fuarthas an scéal gur maraíodh an ceathrar ag droichead i nGleann hUallach i Mín an Chladaigh ar an mbóthar idir Gort an Choirce agus Gaoth Dobhair.

Fógraíodh an ceathrar ógánach marbh ar an láthair.

Tá na Gardaí fós ag fiosrú céard go díreach ba chúis leis an timpiste agus tá iarrtha acu ar aon duine a mbeadh aon eolas acu fúithi teagmháil a dhéanamh leo.

Feithicil amháin a bhí sa timpiste a tharla nuair a d’imigh an carr ina raibh an ceathrar ag taisteal den bhóthar.

Fág freagra ar '‘Brón ar an bhás ’sé dhubh mo chroíse’ – ceathrar ógánach curtha i gcré na cille i nGaeltacht Dhún na nGall'

  • Dónall Ó Cnaimhsí

    Seachtain an chrua curtha isteach ag bunadh na dtrí bparóistí Ghaeltachta, Gaoth Dobhair, Cloich Cheann Fhaola agus Íochtar na Rosa, suaimhneas síoraí ag na leaids a curadh, agus go mbeidh faoiseamh agus sólas le fáil ag a dteaghlaigh agus a gcairde ins an dtacaíocht iontach a chur a gcomharsana ar fáil.