Ainmneacha an cheathrar ógánach a maraíodh go tragóideach i nGaeltacht Dhún na nGall tugtha

Dúirt an tAthair Seán Ó Gallchóir, sagart paróiste Ghort an Choirce ar maidin go raibh ‘an t-iarthuaisceart uilig scriosta’ ag bás na gceathrar fear óg a maraíodh sa timpiste bhóthair i nGleann hUallach aréir

Ainmneacha an cheathrar ógánach a maraíodh go tragóideach i nGaeltacht Dhún na nGall tugtha

Tugadh amach tráthnóna ainmneacha an cheathrar fear óg a maraíodh i dtimpiste bhóthair i nGaoth Dobhair nGaeltacht Dhún na nGall aréir. Ba iad an ceathrar a maraíodh go tragóideach John Harley, 24, agus Seán Harkin, 22, as an bhFál Carrach, Mícheál  Ó Rabhartaigh, 22, as Gaoth Dobhair agus Daniel Scott as Gort an Choirce a bhí go luath sna fichidí chomh maith.   

Dúirt an tAthair Seán Ó Gallchóir, sagart pharóiste Ghort an Choirce ar maidin go raibh “an t-iarthuaisceart uilig scriosta” ag bás an cheathrar fear óg a maraíodh sa timpiste bhóthair i Mín an Chladaigh aréir.

Dúirt an tAthair Ó Gallchóir ar Barrscéalta ar RTÉ Raidió na Gaeltachta inniu go raibh muintir an cheantair uilig “faoi bhrat millteanach bróin maidin inniu” ag an dtragóid “scáfar” agus go raibh “croiseanna millteanacha le hiompar ag ceithre theaghlach inár bpobal”.

Ag labhairt dó ar an gclár céanna, dúirt an tAthair Brian Ó Fearraigh as Gaoth Dobhair gur “tragóid amach is amach” a bhí ann agus go “dtiteann focla fuar fán agus folamh” agus duine ag iarraidh cur síos ar an tubaiste.

Dúirt an tAthair Ó Fearraigh, a tháinig go dtí láthair na timpiste go gairid i ndiaidh di tarlú, gurbh é an rud a rith leis aréir agus arís inniu ná “seanphaidir na nGael – i ngleann seo na ndeor”.

Dúirt sé go raibh “na paróistí ceangailte le chéile faoi bhrat an bhróin” agus go mbeadh “daoine ann dá chéile”.

Feithicil amháin a bhí sa timpiste a tharla ag an droichead i nGleann hUallach i Mín an Chladaigh ar an mbóthar idir Gort a’ Choirce agus Gaoth Dobhair agus fógraíodh an ceathrar ógánach marbh ar an láthair. Tugadh na coirp go dtí Ospidéal Leitir Ceannain ag 1am ar maidin, mar bhfuil scrúduithe iarbháis á ndéanamh.

Ní fios fós cad ba chúis leis an dtimpiste agus tá sí fós á fiosrú ag na Gardaí atá ag iarraidh ar aon duine a chonaic an méid ar tharla teagmháil a dhéanamh leo.

I measc na ndaoine eile a rinne comhbhrón maidin inniu le teaghlaigh na bhfear agus  a labhair faoi bhris mhuintir an cheantair, bhí na Teachtaí Dála Piaras Ó Dochartaigh, agus Pat The Cope Ó Gallchóir agus Cathaoirleach Chomhairle Contae Dhún na nGall, Séamus Ó Domhnaill. Chuir cumann CLG Chloich Chionnaola agus Cumann CLG Ghaoth Dobhair, an dá chumann is mó a raibh baint ag cuid de na fir leo, a gcomhbhrón in iúl chomh maith, mar a rinne lucht na scoileanna sa cheantar ar ar fhreastail na fir óga.

Is féidir le haon duine a bhfuil aon eolas acu faoin eachtra teagmháil a dhéanamh leis na Gardaí i Stáisiún Bhaile na nGallógach ag 074-9153060 nó ag line rúnda an Gharda Síochána, 1800 666 111.

Fág freagra ar 'Ainmneacha an cheathrar ógánach a maraíodh go tragóideach i nGaeltacht Dhún na nGall tugtha'