BREXIT: Ní thuigeann siad fós gur cuma sa sioc le ceannairí na hEorpa faoi chás na hÉireann…

Is léir ón gcaoi a bhfuil na polaiteoirí mór le rá ag cliopaireacht leo nach bhfuil tuairim acu céard ba chóir dóibh a dhéanamh anois

European_Commission_flags EU

Is é an tábhacht a bhaineann le Breatimeacht ná go ndúisíonn sé ceist mhór faoi inmharthanacht an Aontais Eorpaigh féin. Agus is léir, ón gcaoi go bhfuil na polaiteoirí mór le rá ag cliopaireacht leo nach bhfuil tuairim acu céard ba chóir dóibh a dhéanamh anois, bídís in Éirinn nó ar Mhór-roinn na hEorpa.

Buille mór don fhiontar Eorpach is ea an vóta ar son imeacht na Breataine ón Aontas, mar caitheann sé amhras ar an mian ollstát a dhéanamh den Aontas agus deireadh a chur le smacht na mballstát ar a gcinniúint féin.

Ar a shon sin uile,  tá Uachtarán na Fraince ag fógairt gur chóir dlús a chur leis an iarracht nasc níos láidre a dhéanamh idir na ballstáit atá fágtha san Aontas. Agus an méid sin á fhógairt aige tráth a bhfuil an Fhrainc féin ina cíor thuathail ag círéibeacha in aghaidh ionsaí an Aontais ar chearta lucht oibre.

Tá níos mó céille ag na Gearmánaigh a thuigeann nár chóir rith le brothall, agus a thuigeann freisin nach iad na Sasanaigh amháin a bhfuil amhras orthu faoin bhfiontar Eorpach.

Roimh reifreann Brexit, bhí tíortha an ghrúpa Visehrad (an Pholainn, an Ungáir, Poblacht na Seice agus an tSlóvaic) ag gearán go raibh an tAontas ag dul sa treo mícheart agus nár thuig uasal-aicme an Aontais mianta an phobail.

Bhí tíortha eile, ar nós na Danmhairge agus na Sualainne, ag brath ar Shasana le srian a chur ar an ‘síordhlúthú’, agus is mó fós an imní a bheidh orthu in éagmais na Breataine.

Agus anuas air sin ar fad, tá ag méadú ar líon na ndaoine sa Fhrainc agus san Ísiltír atá ag iarraidh go leanfaí sampla na Breataine.

Déarfar, ar ndóigh, gur páirtithe is polaiteoirí atá i bhfad amach ar an eite dheis, ar nós Marine Le Pen sa Fhrainc agus Geert Wilders san Ísiltír, atá chun tosaigh maidir leis an éileamh sin. Ach má fhágann cur chuige lucht na heite clé go bhfuil folús polaitiúil le líonadh, cén mhaith dóibh a bheith ag gearán nuair a éiríonn le lucht na heite deise na daoine a mhealladh chucu.

Tá na tráchtairí in aimhréidh freisin.  Ar thaobh amháin táthar ann, ar nós Peter Sutherland, a deir go gcaithfidh muid seift a aimsiú chun neamhní a dhéanamh de thoradh an reifrinn, agus, ar an taobh eile, táthar ann a cheapann nach cóir cead vótála a thabhairt do dhaoine nach bhfuil chomh hoilte, mar dhea, is atá lucht tacaíochta an Aontais.

Níl polaiteoirí na tíre seo puinn níos fearr.  Tá siad ag brath ar lucht ceannais an Aontais lena chinntiú nach gcuirfí teorainn i bhfeidhm in Éirinn a chuirfeadh isteach ar thrádáil nó saoirse taistil ár muintire.

Ach ba chóir go dtuigfeadh siad, i bhfianaise an easpa spéise a bhí ag an Aontas i leas na hÉireann aimsir na géarchéime baincéireachta, gur cuma sa sioc le leithéidí Juncker, Merkel, Hollande ár gcásna.

Deir Bertie Ahern nach mbeidh cead – sea, cead – againn dul i mbun idirbheartaíochta le Sasana as ár stuaim féin.  Ach sin díreach an rud a chaithfeas rialtas na hÉireann a dhéanamh.

In ionad a bheith ag labhairt ar son na hAlban sa Bhruiséil ba chóir go bhfógródh an Taoiseach gur bunphrionsabal atá againn, agus nach ngéillfear orlach ina thaobh, nach nglacfaidh an tír seo le teorainn ‘chrua’ idir tuaisceart agus deisceart.

Ba chóir dúinn é a dhéanamh soiléir freisin nach mbeidh muid páirteach in ollstát Eorpach, agus más gá imeacht ón Aontas go ndéanfadh muid amhlaidh.

Ceapaim go ndearna Sinn Féin botún nuair a thaobhaigh siad leis an Aontas i gcoinne na Breatimeachta, ach aontaím leo céad faoin gcéad nár cheart gur faoi Shasana a bheadh sé cinneadh faoin Aontas Eorpach a dhéanamh d’aon chuid dár dtír.

Tá mé amhrasach ámh go mbeadh fonn ar aon chuid de na hAontachtóirí, a vótáil ar son an Bhreatain fanacht san Aontas Eorpach, teacht isteach leis na 26 contae ina ionad. Ach ba chóir reifreann a reáchtáil faoin gceist ar aon chuma.

Ar ndóigh, in ainneoin na bagairte faoin tubaiste a leanfadh Brexit, níor tharla a leithéid.  Tá na margaí socraithe síos agus tá a fhios againn go bhfuil dhá bhliain ann le teacht ar chóras nua i dtaobh chaidreamh na Breataine leis an gcuid eile den Eoraip.

Ach caithfidh na polaiteoirí go léir glacadh leis go bhfuil cinneadh déanta ag muintir Shasana nach féidir a chur ar ceal.  Tá sé in am tosú ar dhíospóireacht stuama  chiallmhar faoi na roghanna atá os ár gcomhair agus go príomha, an rogha go gcuirfí deireadh leis an ngluaiseacht i dtreo ollstát Eorpach. Is gá plé a dhéanamh anois ar conas aonad eacnamaíochta is trádála a thógáil as iarsmaí an Aontais Eorpaigh.

Fág freagra ar 'BREXIT: Ní thuigeann siad fós gur cuma sa sioc le ceannairí na hEorpa faoi chás na hÉireann…'

  • padraig

    ‘Ollstát Eorpach’ raison d’etre an Aontais Eorpaigh ón lá a bunaíodh é agus is ag dlúthú leis an mbeartas sin atáthar ó shin i leith tríd an Aontas Baincéireachta, TTIP etc etc

  • Seán Mac Gearailt

    An ceart ar fad ag Eoin Ó Murchú nach cóir dúinn baint ná páirt a bheith again le h-ollstáit Eorpach. Aonad eacnamaíochta is tradála a theastaíonn uainn, mar a bhí i gceist an chéad lá riamh.

    Féach mar a d’iosaigh cinnirí an AE ( ár gcáirde san Eoraip) pobal na Breataine nuair a chinN said imeacht as an AE. Éisteann na boic mhóra leis an gcos mhuintir a fhad is a thugann siadsan an freagra ceart.

    Chonaiceamar an meas a bhí ag an AE ar dhaonlathas agus mian na ndaoine nuair a bhi orainn vótail an dara huair tar éis Lisbon agus Nice. Tá súil agam go seasann an Bhreatain an fód fiú má thagann said ar mhalairt tuairime amach anseo.

    Is Mise,
    Seán Mac Gearailt.

  • Donncha Ó hÉallaithe

    Tuigim go maith an chúis a mbeadh daoine in aghaidh cruthú ‘ollstát’ san AE agus tá sé thar am díospóireacht oscailte a bheith againn faoi seo. Glacaim leis go bhfuil Eoin glan in aghaidh an AE ar an gcúis sin agus go mba bhreá leis dá dtitfeadh sé as a chéile. Ach má thiteann an AE as a chéile siad na fórsaí polaitiúla is faide ar dheis san Eoraip a thógfas ceannas, tá faitíos orm.

    Bíonn sé deacair dom glacadh le leagan amach Eoin faoi ‘ollstát a dhéanamh den Aontas’ mar a deireann sé féin, nuair a smaoiním siar ar an dearcadh a bhí aige faoin ollstát eile Eorpach a bhí againn, Aontas na Soibhéide.

  • padraig

    Agus ta droch-mheas tuillte ag an AE as tus aite a thabhairt i gconai do ilchorpraidi/bainceireachta agus tosaiocht a thabhairt da mianta sin in ainneoin na n-iarmhairti a bhionn acu ar shaol an ghnathdhuine. Ni diomhaoin a bhionn an 30,000 brustocaire ata lonnaithe sa Bhruiseil gach uile la ach ag bru go siorai seasta ar na feisiri agus ar na feidhmeannaigh uile a mbeartas siad san a chur i bhfeidhm. Ta labhartha ag Emily O Reilly (Ombudsman) mar gheall air seo go minic ach is beag sasamh a fuair si go dti seo o lucht an Choimisiuin. Cuid mhaith de na daoine a bhfuil ardphost acu sna hinstitiuidi teann siad ag obair do na hilchorparaidi ceanna t’reis fagaint doibh, feach Peter Sutherland mar shampla (Goldman Sachs anois). Tugtar an ‘revolving door policy’ air seo agus ta se naireach. Is iad na brustocairi agus na ‘saoithe’ a leagann amach cuid mhaith de bheartas an AE go hairithe beartais a bhaineann le nithe teicniula agus eolaiocha agus cois acu sa champa priobhaideach ag an am ceanna. Ni ga ach feachaint ar an ndeileail scannalach ata deanta ag an AE le Monsanto. Ni feidir an tAE seo a athchoiriu, ta morfhorsai ollchumhachta caipitleacha an domhain ag gniomhu anseo go fioch ach ni mar mhaithe leis an leas coiteann dar ndoigh. Titfidh an struchtur seo as a cheile uaidh fein luath no mall, mar saraionn an tsainnt i fein i gconai. Lobhfaidh se on taobh istigh, mar a duirt Marx. B’fheidir gur ina thus sin ataimid anois leis an mBrexit seo.

  • Donncha Ó hÉallaithe

    Bhí cuid den anailís céanna ag cuid de na daoine ar an eite chlé nuair a bhí géarchéim ag córas polaitíochta na Gearmáine sna tríochaidí agus céard a tharla sleamhnaigh Hitler agus a pháirtí Nazi isteach i gcumhacht. Tá faitíos orm go bhfuil an chontúirt chéanna ag baint le anailís Eoin agus Pádraig. B’fhearr im tuairim go mbeadh muid ag baint usáid as an vóta ar son BREXIT le brú a chur ar na institiúidí san AE, níos mó aird a thabhairt ar riachtanais na bpobal ar a bhfuil siad ceapaithe a bheith ag freastal agus maolú a dhéanamh ar an rása chun ollstát a chruthú ina bhfuil an ‘saor – mhargadh’ ina dhia beag thar aon rud eile.

    Ní mba dochar ar bith dá néireodh an AE as a bheith ag cur amú airgid. Sampla maith den cur amú airgid isea an aistriú cáipéisí go mionteangacha cosúil le Gaeilge agus Maltéis, nuair atá mórtheangacha ag na baill stáit sin á usáid go forleathan ag pobail na tíre sin.

  • padraig

    ‘Ní mba dochar ar bith dá n-éireodh an tAE as a bheith ag cur amú airgid. Sampla maith den chur amú airgid is ea an t-aistriú cáipéisí go mionteangacha cosúil le Gaeilge agus Maltéis……….’ Cur amú airgid amach is amach is ea an t-aistriuchan sin agus gan tairbhe dá laghad don teanga fein sa bhaile. Ach rud nios measa fos is ea an t-aistear 300 mile sios go Strasboug a dheanann an Pharlaimint gach mi ar feadh seachtaine. Mar mhaithe le protocol leis an bhFrainc a chomhlionadh! Breis is 20 olltrucail lan de ghiuirleidi na bhfeisiri ag aistriu sios suas gach mi! Gealtachas agus diomailt airgid a gcaithfear stop a chur leis is ea an tAontas Eorpach seo agus ceannairi sotalacha ag bagairt ar einne nach gcomhlionfaidh a mianta sin. Feach an Ghreig feach gur bhagair Trichet ( teanga labhartha an ECB) ‘buama’ a phleascadh i mBAC. Mar fhocal scoir: ta 40% de na huisci iascaireachta is saibhre san Eoraip ag Éirinn agus gan ach 6% de na cuotai aici. Costa thiar na hEireann banaithe nach mor. Rinne muid ana-mhargadh leo go deimhin!