Breis is leathmhilliún cás den choróinvíreas deimhnithe ar fud an domhain

Tá nach mór 23,000 duine curtha den saol ag an ngalar agus san Iodáil a bhí breis is 8,000 de na daoine sin

Breis is leathmhilliún cás den choróinvíreas deimhnithe ar fud an domhain

Tá breis is leathmhilliún cás deimhnithe den choróinvíreas ar fud an domhain.

De réir an áirimh is déanaí ó Ollscoil Johns Hopkins, nach mór 23,000 duine atá curtha den saol ag an ngalar.

121,000 duine atá tagtha chucu féin go hiomlán go dtí seo.

De réir na bhfigiúirí is déanaí ón Iodáil, 662 duine a bhí buailte ag an gcoróinvíreas a fuair bás le lá anuas. 8,165 duine atá básaithe anois san Iodáil de dheasca an ghalair, an líon is mó in aon tír ar domhan. 80,539 cás deimhnithe atá anois san Iodáil.

Údar imní ar leith é go bhfuil ardú ag teacht ar líon na ndaoine atá ag fáil bháis de bharr an ghalair sna ceantair is boichte i lár agus i ndeisceart na hIodáile.

Tá 655 duine eile curtha den saol ag an gcoróinvíreas sa Spáinn le 24 uair an chloig, ach bhí an t-ardú ar líon na marbh níos ísle ná an t-ardú a fógraíodh Dé Céadaoin. 

Is í cathair Mhaidrid is measa atá buailte agus is inti atá an tríú cuid de na cásanna ach tá ardú mór freisin tagtha ar an líon atá buailte sa Chatalóin.

Tá síneadh curtha ag an Spáinn leis an staid éigeandála náisiúnta go dtí an 12 Aibreán in iarracht scaipeadh an víris a chosc.

Thug na húdaráis sláinte sa Fhrainc le fios tráthnóna gur ardaigh líon na mbásanna sa tír sin ó 1,331 go dtí 1,696 le lá anuas.

Dúirt ceannaire an WHO san Eoraip, Hans Kluge, go bhfuil “roinnt údar dóchais” ann chomh fada agus a bhaineann sé le paindéim Cóivid-19 san Eoraip. 

“Cé go bhfuil cúrsaí an-tromchúiseach go fóill, tá roinnt údar dóchais le feiceáil. An Iodáil is measa atá buailte agus an líon is mó cásanna sa réigiún sa tír, ach tá an ráta ag a bhfuil na cásanna ag dul i méid tite de bheagán beag, cé go bhfuil sé róluath fós a rá go bhfuil a buaic sroichte ag an bpaindéim sa tír,” arsa ceannaire an WHO san Eoraip, Hans Kluge.

Dúirt Hans Kluge nach fada go mbeadh tíortha san Eoraip in ann measúnú a dhéanamh ar a fheabhas agus a d’éirigh le beartais éagsúla san iarracht scaipeadh an víris a chosc.

Ach thug stiúrthóir réigiúnda WHO san Eoraip foláireamh gur “saol nua” a bheadh ann de bharr na paindéime agus mhol sé do dhaoine a bheith ag ullmhú do na hiarmhairtí fadtéarmacha a bheadh ag an ngéarchéim seo. 

“Ní rás ráibe a bheidh anseo, maratón a bheidh ann,” a deir Hans Kluge.

Idir an dá linn, tá an Garda Síochána chun púicíní smugairlí a ordú leis na Gardaí a chosaint ó sheilí daoine a bhféadfadh an galar Cóivid-19 a bheith orthu. Tá 6,000 púicín le dáileadh ar Ghardaí a bheidh i mbun dualgais ag feidhmiú na rialacha nua a tugadh isteach chun an coróinvíreas a stopadh.

Clúdach don aghaidh atá sna púicíní seo agus chuirfí iad ar dhaoine a bheadh á ngabhail ag Garda ionas nach mbeidís ábalta smugairlí a chaitheamh leis an nGarda sin.

Bainfidh an Garda Síochána leas as na púicíní seo go sealadach mar gur féidir an coróinvíreas a tholgadh ó bhraoiníní a scaiptear as an mbéal le casacht nó sraothartach. Dúirt urlabhraí thar ceann an Gharda Síochána go gcoinnítear súil i gcónaí ar aon ‘trealamh cosanta pearsanta’ a chuideodh le Gardaí a chosaint agus iad i mbun a gcuid oibre.

Tá na púicíní smugairlí seo in úsáid sa tseirbhís príosún anseo in Éirinn agus ag póilíní eile ar fud an domhain.

Thart ar €3 a chosnaíonn an púicín seo agus tá siad cáinte ag Comhairle na hÉireann um Chearta an Duine. Dúirt urlabhraí dá gcuid gur amhlaidh a “mhéadaíonn siad na hionsaithe ar Ghardaí. Dúirt sí chomh maith go ndéanann siad daoine a “náiriú agus a uirísliú’ agus go sáraíonn siad cearta an duine.

Dúradh thar ceann an Gharda Síochána go gcuirfí oiliúint ar na Gardaí conas iad a úsáid i gceart fad atá an ráig seo den víreas sa tír.

Tuairiscítear go bhfuil mínós ar a dtugann siad ‘dúshlán corónach’tosaithe ag roinnt daoine smugairle a chaitheamh le duine éigin eile agus físeán a dhéanamh den ionsaí le roinnt ar na meáin shóisialta.

Cháin an tAire Sláinte, Simon Harris, an t-ionsaí contúirteach sin inné agus gheall sé go gcuirfí an dlí ar aon duine a mbéarfaí air ina bhun.

Fág freagra ar 'Breis is leathmhilliún cás den choróinvíreas deimhnithe ar fud an domhain'