Tá sé fógartha ag Údarás na Gaeltachta go bhfuil breis is €4.5 milliún le caitheamh ar obair uasghrádaithe ar Pháirc Ghnó Ghaoth Dobhair.
Tá Páirc Ghnó Ghaoth Dobhair ar an bpáirc ghnó is mó sa nGaeltacht agus os cionn 700 duine fostaithe ansin faoi láthair.
Deir an tÚdarás go gcuideoidh an caiteachas le todhchaí na páirce gnó “a dhaingniú” agus go gcinnteofar go bhfuil sí ar an gcaighdeán is airde chun gnóthaí nua a mhealladh agus tacú leis na gnóthaí atá ann cheana féin.
San áireamh sna hoibreacha, beidh athchóiriú iomlán ar bhóithre agus cosáin na páirce gnó, uasghrádú ar an líonra uisce, córas draenála nua agus feabhsúchán cuimsitheach ar chomharthaíocht agus limistéir pháirceála sa bpáirc ghnó.
Cuirfear na hoibreacha i gcrích i gceithre chéim thar thréimhse 18 mí idir 2025 agus 2027.
Deir an tÚdarás go bhfuil cuid den infreastruchtúr atá le huasghrádú sa bpáirc ghnó ansin le breis is 30 bliain.
“Tháinig Páirc Ghnó Ghaoth Dobhair slán tríd achan dúshlán a cuireadh roimpi ó na seascaidí aniar. Cuideoidh an infheistíocht seo lena cur féin in oiriúint do riachtanais na linne seo agus an ama atá le teacht, le cinntiú go mairfidh sí agus go mbeidh rath agus bláth uirthi sna blianta atá romhainn,” a dúirt Micheál Mac Giolla Easbuig, Bainisteoir Réigiúnach Údarás na Gaeltachta i nDún na nGall.
Tá leabharlann agus gailearaí poiblí lonnaithe i bPáirc Ghnó Ghaoth Dobhair freisin chomh maith le naíolann agus naíonra, páirc shúgartha pobail, seirbhís dóiteáin na comhairle contae, stáisiún na nGardaí, ionad oiliúna Bhord Oideachais & Oiliúna Dhún na nGall, ionad seirbhíse de chuid na Feidhmeannachta Seirbhíse Sláinte agus áiseanna agus seirbhísí éagsúla eile.
Bunaíodh Páirc Ghnó Ghaoth Dobhair i 1965 nuair a tháinig cúigear fear gnó agus oifigeach de chuid Roinn na Gaeltachta le chéile le heastát tionsclaíoch a chruthú chun deireadh a chur leis an imirce a bhí ag déanamh dochair do phobal na Gaeltachta. Ag buaicphointe na fostaíochta sa mbliain 1998, bhí 1,338 fostaithe ag obair ansin.
Fág freagra ar 'Breis is €4.5 milliún le caitheamh ag Údarás na Gaeltachta ar uasghrádú Pháirc Ghnó Ghaoth Dobhair'