Breis is 600 duine le Covid-19 básaithe in Éirinn agus ‘tubaiste mhór ar tí tarlú’ i dtithe altranais

602 duine atá básaithe in Éirinn de thoradh na paindéime domhanda faoin tráth seo agus l8 duine eile básaithe ó thuaidh

Breis is 600 duine le Covid-19 básaithe in Éirinn agus ‘tubaiste mhór ar tí tarlú’ i dtithe altranais

Dúirt leascheannaire Shinn Féin Pearse Doherty sa Dáil inniu gur chóir go mbeadh a fhios go dtarlódh an ghéarchéim i dtithe altranais.

Ag labhairt dó sa Dáil inniu, dúirt Doherty gurbh amhlaidh gur cháin an Roinn Sláinte tithe altranais ar an 4 Márta nuair a chinn siad cosc a chur ar chuairteoirí.

Den 444 bás a tuairiscíodh ó dheas ó thús na ráige Covid-19, bhain 290 acu, nó 65%, le daoine a bhí i dtithe altranais nó ionaid chúraim eile. 245 acu a bhain le tithe altranais, nó 55%.

Inniu a tuairiscíodh an líon is mó básanna i lá amháin sa Tuaisceart. 18 duine eile a bhí buailte ag Covid-19 a bhásaigh in ospidéil an Tuaiscirt, an t-ardú is mó in aon lá amháin ó thús na ráige.

602 duine atá básaithe in Éirinn de thoradh na paindéime domhanda faoin tráth seo, 444 duine ó dheas den teorainn agus 158 duine ó thuaidh di.

Níl na daoine a bhfuil Covid-19 orthu a fhaigheann bás in ionaid chónaithe nó in áiteanna eile seachas san ospidéal san áireamh i bhfigiúirí an Tuaiscirt.

Dúirt Pearse Doherty go ndearna Nursing Homes Ireland iarrachtaí go leor cruinniú a shocrú leis an Aire Sláinte Simon Harris i dtús na géarchéime ach nár éirigh leo cruinniú a fháil leis an aire go dtí níos déanaí.

Dúirt ceannaire Fhianna Fáil Micheál Martin go raibh soiléiriú ag teastáil faoi chruachás na dtithe altranais agus go raibh eolas aige féin faoi chás amháin ina ndúirt an Roinn Sláinte le muintir duine a bhí i dteach altranais gan eolas a thabhairt amach faoi líon na gcásanna den choróinvíreas atá ann.

Dúirt an Taoiseach Leo Varadkar nach ndéanfaí dearmad ar na tithe altranais ach ghéill sé nach raibh tacaíocht bhreise á fáil acu chomh tapa agus ba chóir mar gheall ar cé chomh mór is a bhí an fhadhb.

Mhaígh an Teachta Dála de chuid na nDaonlathaithe Sóisialta Róisín Shortall nárbh aon chabhair é gur ionaid phríobháideacha nach bhfuil aon cheangal acu leis an HSE 80% de na tithe altranais.

Dúirt an Dr Jack Lambert saineolaí i ngalair thógálacha atá ag obair in Ospidéal an Mater gur géarchéim náisiúnta atá i gcás na n-ionad fadchónaithe agus gur chóir oibrithe sláinte a aistriú chucu inniu.

Ag labhairt dó ar an gclár Today with Sean O’Rourke, dúirt an Dr Lambert gur “tubaiste mhór atá réidh le tarlú” a bhí i gcás na n-ionad cónaithe mar gheall ar an tslí ar scaip an galar iontu le mí anuas. Dúirt sé gur fhág an bhéim a cuireadh ar na hospidéil ghéarchúraim nár ceapadh riamh “plean comhraic do na hionaid chúraim sa phobal”.

Thart ar scór go leith braisle cásanna den víreas a bhí sna tithe altranais i lár mhí an Mhárta, i gcomparáid le breis is 200 braisle inniu, a dúirt sé.

De réir na bhfigiúirí is déanaí ó na húdaráis sláinte tá cásanna den ghalar deimhnithe i 30% de thithe altranais agus tá tacaíocht bhreise ag teastáil sna hionaid eile chun go mbeidís ullamh sa chás go scaipfeadh an galar iontu.

Dúirt an Dr Cillian De Gascún, Cathaoirleach na Seirbhíse Tagartha Náisiúnta maidir le víris (NVRL) go raibh fadhbanna tagtha chun solais sna tithe altranais de thoradh na géarchéime.

“Ní dóigh liom gur thuigeamar scála na faidhbe a bheadh sna tithe altranais i dtús aimsire.

“Ní rud é a bhí feicthe againn le linn tréimhse luath na paindéime i dtíortha eile, ach is cinnte gur tosaíocht anois é don Roinn agus don HSE.”

Dúirt Príomh-Oifigeach Leighis na Roinne Sláinte, Tony Holohan inné gur “údar imní” i gcónaí cás na dtithe altranais agus na n-ionad cónaithe ach go raibh dul chun cinn á dhéanamh maidir le cosc a chur ar scaipeadh an ghalair sna hionaid sin. Bhí líon na dtástálacha dearfacha mórán mar a chéile, a dúirt sé.

Nuair a fiafraíodh de faoin gcomhairle a tugadh go luath sa ráig a cheadaigh do chuairteoirí cuairt a thabhairt ar thithe altranais, dúirt an Dr Holohan gurbh amhlaidh nach rabhthas ag iarraidh beartas “tábhachtach” a thabhairt isteach róluath ná é a bheith i bhfeidhm níos faide ná mar ba ghá.

Seachas sna hionaid chónaithe, tá comharthaí ann go bhfuil ag éirí leis na hiarrachtaí scaipeadh an chóróinvíris a choimeád faoi chosc agus a chinntiú nach dtiocfaidh an córas sláinte faoi bhrú. Tá laghdú beag ag teacht le cúpla lá anuas ar líon na n-othar atá á gcur gach lá sna hionaid dianchúraim agus níl aon mhéadú mór ag teacht ach oiread ar an ardú laethúil ar líon na gcásanna nua den víreas.

Agus é ag caint sa Dáil inniu dúirt an Taoiseach nach fios fós an mbeifear in ann na srianta a mhaolú ar an 5 Bealtaine. “Tá a fhios agam rud amháin, áfach, má bhímid ábalta aon srianta a mhaolú an tráth sin, is de réir a chéile a dhéanfar é agus déanfar é thar chúpla mí,” a dúirt an Taoiseach.

Fág freagra ar 'Breis is 600 duine le Covid-19 básaithe in Éirinn agus ‘tubaiste mhór ar tí tarlú’ i dtithe altranais'