Cothrom an lae seo scór go leith bliain ó shin cailleadh Breandán Ó hEithir, réalta iriseoireachta a linne agus úrscéalaí agus údar iliomad saothar ilghnéitheach.
Bhain fógra a bháis ar an 26 Deireadh Fómhair 1990, agus é in aois a 60 bliain, geit as an bpobal sa bhaile agus i gcéin. Bhí an scéal ar gach nuachtán sa tír agus fiú sa Washington Post agus an New York Times. D’fhág sé saothar ollmhór – na mílte aistí nó colúin, scripteanna scannán agus ábhar craolta don raidió agus teilifís. Scríobh sé dhá úrscéal agus leabhar cuimhní cinn i nGaeilge agus trí leabhar den scoth i mBéarla.
Bhí aithne mhór air i ngeall ar a shaothar teilifíse ar RTÉ, go háirithe ar an gclár cúrsaí reatha ceannródaíoch Féach.
Ina theannta sin ba cholúnaí rialta é le Comhar, a raibh sé ina eagarthóir uirthi dhá bhabhta, leis an Irish Times, an Sunday Press agus Scéala Éireann, mar a raibh sé ina eagarthóir Gaeilge sna caogaidí, a chéad phost iriseoireachta. Fear scéil ab ea é a chuir barr feabhais ar cheird na scéalaíochta. Éisteoir géarchúiseach ar chás leis an chosmhuintir a bhí ann. Bhíodh sé easurramach faoi lucht na cumhachta idir chléir agus tuata gan a bheith trodach.
Mhaígh lucht a chomhaimsire gur léir ón tús go raibh a shaothar neamhghnách, nuálach i saol na Gaeilge. “Is eisean a bhunaigh iriseoireacht na Gaeilge sa mhéid is go raibh daoine a bhí ar bheagán Gaeilge ar mire chun an rud a scríobh sé a léamh. Bhunaigh sé iriseoireacht na Gaeilge,” dar le hAindreas Ó Gallchóir, craoltóir agus critic liteartha a bhí cairdiúil le Breandán ó bhí siad ar scoil le chéile i gColáiste Éinde sna 1940idí.
Bhí Liam Mac Con Iomaire, údar Iomramh Aonair, beathaisnéis Bhreandáin den bharúil chéanna. B’fhacthas dó go raibh ‘Tús an Phota’, an colún san Sunday Press úr, nua agus neamheaglach. Bhain na tréithe céanna le Féach, dar leis, an clár teilifíse a bhunaigh Ó hEithir agus an léiritheoir Eoghan Harris.
Dúirt Harris:
‘Bhí Breandán Ó hEithir ar an iriseoir ab fhearr dár chas mé leis riamh, bar nobody, i nGaeilge nó i mBéarla.’
Thug siad faoi scéalta as gach póirse agus ceantar, scéalta Gaeltachta agus imeachtaí Ghluaiseacht Chearta Sibhialta na Gaeltachta san áireamh. Bhí máistreacht nach bhfaightear ach go hannamh ag Ó hEithir ar an nGaeilge agus bhí sé in ann an teanga a ionramháil le splanc a chur sa scéal gan í a chur as a riocht.
Rinne sé an-chuid craoltóireachta ar raidió freisin, Raidió na Gaeltachta san áireamh. Bhí an cháil air nach ndearna sé drochphíosa raidió ariamh. Bhí dúil mhór aige in obair scannáin agus ardmheas ag an léiritheoir Louis Marcus air mar scríbhneoir scripte.
Rinne an bheirt lear mór oibre le chéile agus dúirt Louis gur thug Breandán faoin scríbhneoireacht do scannáin mar ghné eile den obair liteartha.
Ba é a chéad úrscéal Lig Sinn i gCathú an chéad leabhar Gaeilge a bhí ar bharr an liosta sárdhíola. Níor éirigh chomh maith céanna leis an dara húrscéal, Sionnach ar mo Dhuán ach bhí an-tóir ar An Nollaig Thiar, cuimhní cinn óna óige in Árainn.
Deir iriseoirí spóirt, leithéidí Seán Moran san Irish Times, go bhfuil Over The Bar, leabhar Bhreandáin faoi Chumann Lúthchleas Gael ar na sárleabhair spóirt atá againn. Tuigeann an ghlúin seo iriseoirí spóirt gur briseadh leis an tseantuairisceoireacht spóirt ab ea cur chuige Over the Bar, agus luaitear comharthaí sóirt an seánra i Meiriceá lena chuid oibre. Is léir go raibh ardmheas ag Breandán ar ról Chumann Lúthchleas Gael i saol an phobail, cé gur minic a cháin sé an eagraíocht.
Bhí an-tóir thar lear ar This is Ireland, a threoirleabhar don gcuairteoir a ndeir Cumann na bhFlaitheartach go bhfuil cosúlachtaí idir é agus A Tourist’s Guide to Ireland, leabhar a uncail, an t-úrscéalaí Liam Ó Flaithearta. Tá an dearcadh ann ag teacht le léargas feanntach, aorach Bhreandáin ar Éirinn sa bhfichiú haois in The Begrudger’s Guide to Irish Politics.
Dúirt an staraí Gearóid Ó Tuathaigh gurb é nádúr Uí Eithir déileáil le cruacheisteanna polaitiúla go neamhshollúnta, leis an íoróin atá ar fáil in The Begrudger’s Guide nó sa scannán de chuid RTÉ The Flight from the Snipe Grass inar chuir Breandán tráchtaireacht le pictiúir P J Gilmore ó oirthear Mhaigh Eo faoi imeachtaí áitiúla sna 1950idí. Thaispeánadh an tOllamh Ó Tuathaigh an scannán dá rang nua-staire in OÉ Gaillimh agus chuireadh sé faoi dhraíocht iad. “Mar aiste staire ar Éirinn sna 1950idí, ní raibh a shárú le fáil,” a deir Ó Tuathaigh.
Laochra ag Ó hEithir ab ea a uncail Liam Ó Flaithearta agus a chara mór Máirtín Ó Cadhain. Tamall gearr tar éis don gCadhnach bás a fháil 50 bliain ó shin, thug Ó hEithir léacht in ómós dó ag Cumann Merriman 1971. D’fhoilsigh an cumann an léacht i bhfoirm leabhráin dar teideal Thar Ghealchathair Soir i 1973. Ba é sin an chéad saothar de chuid Bhreandáin Uí Eithir a foilsíodh i bhfoirm leabhair. Thug an tóir a bhí ar an leabhrán misneach dó tabhairt faoin úrscéal a bhí idir lámha aige le blianta a chríochnú.
Dúirt Liam Ó Muirthile gur mhinic comhráite aige faoin scríbhneoireacht le Breandán, a mbíodh uchtach de dhíth air scaití. Mheas Liam gur cheart saothar uile Uí Eithir idir Ghaeilge agus Bhéarla –scripteanna scannáin, teilifíse agus raidió, úrscéalaíocht agus iriseoireacht – a bheith ina gcuid de chúrsa léinn faoin scríbhneoireacht ó thus na hathbheochana.
Bheadh fiúntas lena leithéid agus le hathchló a chur ar na leabhair leis atá imithe as cló.
RUAIRI O'HEITHIR
GRMMA a Phóilín!
Mairéad Ní Nuadháin
Píosa álainn, a Phóilín. Chaith mé tamall gearr ag obair leis. Ní dhéanfaidh mé dearmad go deo air. Mairéad Ní Nuadháin.
Máirín Uí Dhubhda
An chur síos ar Bhreandáin,
a Phóilín. Suaimhneas síorraí dhá anam. Is cuimhneach liom é bheith ar chuairt go Tuar Mhic Éadaigh sna caogadaí. Rinne sé roinnt taifead ina measc Anach Cuain casta agam féin. Cá bhfuil an taifead anois?
Paula NiShlatarra
Is iomaí ceird a chleacht Breandán agus ar chuir sé suim ann. Bhí sé seal ag obair le Gael Linn ag déanamh moltóireacht ar dhíospóireachtaí na meán scoile sna 50aí. Thug sé an-uchtach agus an-spreagadh dúinn nuair a bhíodh critheagla orainn ag seasamh os comhair na moltóirí.
Pádhraic Ó Ciardha
B’fhearr uair an chloig ina chomhluadar ná mí sa gcartlann nuachta. Agus leathuair de sin ag gáirí.