Tá an scríbhneoir agus an scoláire mór Gaeilge, Breandán Ó Conaire, ar shlí na fírinne. Fear ildánach ab ea Breandán a raibh a cháil amuigh i gcúrsaí dornálaíochta na tíre seo chomh maith leis an litríocht.
Bhí Breandán tráth ina cheann ar Roinn na Gaeilge i gColáiste Phádraig in Ollscoil Chathair Átha Cliath agus is iomaí sin saothar ceannródaíoch a tháinig óna pheann. Ina leabhar Myles na Gaeilge (1986), phléigh sé go mion a chasta agus a dhoimhne a bhí an ceangal a bhí ag Flann O’Brien leis an nGaeilge agus le litríocht na Gaeilge.
Bhí gean agus meas ar Bhreandán mar aithníodh a chineáltas, a acmhainn grinn, a mheabhair chinn agus an staidéar cuimsitheach a bhí déanta aige.
Is mór agus is ilghnéitheach an saothar a scríobh Breandán Ó Conaire faoi litríocht na Gaeilge, faoi stair na Gaeilge agus an chultúir sa tír seo, faoin ngorta mór agus faoi sheánra na dírbheathaisnéise. B’údar spéise ar leith a shaothar ar Thomás Ó Criomhthain agus scríbhneoirí eile an Bhlascaoid agus Chorca Dhuibhne. Scríobh sé freisin faoi Dhubhghlas de hÍde, Seán Ó Ríordáin, Máirtín Ó Cadhain agus Pádraig Óg Ó Conaire.
Bhí Breandán ina stiúrthóir ar Chomhdháil an Chraoibhín agus ina eagarthóir ar an iris liteartha Proceedings 1990–2002.
Ar chuid dá shaothar tá: Éigse (1974), The Songs of Connacht/Amhráin Chúige Chonnacht (1985), Myles na Gaeilge (1986), Tomás an Bhlascaoid (1992), Aistí ag Iompar Scéil (2004), Go Meiriceá Siar (1979), Oidhreacht an Bhlascaoid (1989) , The Famine Lectures/Léachtaí an Ghorta (2001), The Encyclopaedia of Ireland (2003), Dictionary of Irish Biography (2009), Séimhfhear Suairc (2013) agus Buile Suibhne: Perspectives and Reassessments (2014).
Ní taobh le léann na leabhar a raibh spéis Bhreandáin. Ón mbliain 1996 thug sé dhá théarma ina Uachtarán ar Chumann Dornálaíocht Lúthchleasaíochta na hÉireann.
D’éirigh leis ord agus eagar a chur ar an gcumann a raibh drochbhail air roimh a theacht, an cumann go domhain i bhfiacha agus trína chéile ag aighnis faoina bhunreacht.
Sa mbliain 2006 ceapadh é ina Chathaoirleach ar Choiste Réiteoirí agus Moltóirí Chumainn Dornálaíocht Amaitéarach na hEorpa. Dhá bhliain ó shin ainmníodh Breandán i Halla na Laoch ag Cumann Dornálaíochta Amaitéaraí na hÉireann [IABA] agus bhronn an cumann Gradam Uachtarán an IABA air.
Ba mhinic é ag déanamh anailíse ar chúrsaí dornálaíochta ar TG4.
Agus é ag caint faoi Bhreandán ar a bhás, dúirt Uachtarán an IABA, Anto Donnelly:
“Bhí Breandán an-bhródúil agus an-phaiseanta faoin spórt seo agus ag tráth fíordheacair i saol na dornálaíochta sa tír seo, thug sé ceannaireacht stuama cheannródaíoch don chumann.
“Is iontach go deo an obair a rinne sé mar oifigeach anseo sa mbaile, san Eoraip agus i gcúrsaí dornálaíochta ar fud na cruinne. Go deo a mhairfidh toradh na hoibre a rinne sé lena chinntiú go mbeadh cothrom na Féinne agus sábháilteacht na ndornálaithe i bhfeidhm sa spórt seo.
“Lá bróin é an lá inniu ag pobal na dornálaíochta agus lá níos brónaí fós ag muintir Bhreandáin ar mhór a chion orthu agus a dhílseacht dóibh. Déanaimid ár gcomhbhrón leo ar a bhás.”
Bhí Breandán pósta le Rhóda, a bhásaigh in 2016, agus fágann sé ina dhiaidh a cheathrar clainne, Ciarán, Cormac, Aonghus agus Aisling; a gharchlann, Cillian, Daithí, Saoirse and Naoise, a dheirfiúr Ann, a dheartháireacha Kevin and Francis, chomh maith le daoine muinteartha agus cairde.
Beidh aifreann sochraide Bhreandáin á rá i Séipéal Naomh Áine, i bPort Mearnóg, i dtuaisceart Bhaile Átha Cliath, amárach [Déardaoin] ag a 10.00am agus adhlacfar a chorp i Reilig Fhine Gall i ndiaidh an aifrinn.
Mártan Ó Ciardha
Údar bróin dom an scéal seo a chloisteáil. Comhbhrón lena chlann, lena mhuintir ar fad agus le pobal na dornálaíochta. Is iomaí sin píosa cainte a rinne Breandán ar Raidió na Gaeltachta faoin spórt ab ansa leis. Bhíodh a raibh le rá aige meáite, stuama i gcónaí. Ag tráth go mba dheacair Gaeilgeoir a aimisiú in aon spórt bhí ag feidhmiú ag an leibhéal a raibh seisean ag gníomhú, ba mhór an chabhair don stáisiún agus do phobal na Gaeilge é. Trócaire Dé air.
Kevin Hickey
Fear uasail a phléigh An tOileánach go mion agus go tuisceanach linn siar sa bhliain acadúil 2009 – 2010 i gColáiste Phádraig. Déanaim comhbhrón lena ghaolta agus le pobal Gaeilge Choláiste Phádraig. Suaimhneas síoraí dó.