Botún déanta ag Putin in Kharkiv, cead ag an Úcráin dul ar an ionsaí

An chúis is mó gur botún a bhí san ionsaí ar Kharkiv ná gur chuir sé brú ar Mheiriceá agus tíortha eile deireadh a chur leis an gcosc a bhí curtha acu ar an Úcráin airm a úsáid chun an Rúis a ionsaí

Botún déanta ag Putin in Kharkiv, cead ag an Úcráin dul ar an ionsaí

Dealraíonn sé anois gur botún a bhí i gcinneadh na Rúise tús a chur le fronta nua i réigiún Kharkiv. Dar le blagálaithe míleata Rúiseacha níl aon dul chun cinn á dhéanamh a thuilleadh agus táthar ag ullmhú i gcomhair frith-ionsaí Úcránach leis an soláthar nua airm atá faighte acu ar deireadh ó Mheiriceá. Beidh sé níos éasca do na hÚcránaigh tailte a aisghabháil anseo ná aon áit eile ar an bhfronta mar nach raibh an t-am céanna ag na Rúisigh cóir chosanta éifeachtach a thógáil.

D’fhógair Vladamir Putin go poiblí gurbh í aidhm an ionsaithe ná crios maolánach a ghabháil ar thaobh na hÚcráine den teorainn. Dealraíonn sé nach n-éireoidh leis sin a dhéanamh, rud nach gcabhraíonn lena iarrachtaí íomhá láidir de fhéin a chothú os comhair phobal na Rúise.

Ach an chúis is mó gur botún a bhí san ionsaí ná gur chuir sé brú ar Mheiriceá agus tíortha eile san iarthar deireadh a chur leis an gcosc a bhí curtha acu ar an Úcráin na hairm a bhí á dtabhairt acusan dóibh a úsáid chun an Rúis a ionsaí. Nuair a bhí an fronta nua nach mór díreach ar an teorainn idir an dá thír chuir sin cuma na háiféise ar an srian sin – an Rúis ag ionsaí na hÚcráine ó laistigh dá teorainneacha féin agus gan cead ag an Úcráin troid ar ais.

Níl saorchead iomlán tugtha ag Meiriceá ná ag tíortha eile don Úcráin na hairm a úsáid chun an Rúis a ionsaí. Níl cead ach airm áirithe a úsáid, níl cead iad a úsáid ach gar do cheantar Kharkiv, agus níl cead iad a úsáid ach i gcoinne spriocanna atá ag déanamh ionsaithe gníomhacha ar an Úcráin. Ach tá an líne dhearg trasnaithe. Ní céim chomh mór a bheadh ann na srianta sin a scaoileadh níos mó amach anseo. Agus arís eile cuireann sé cuma na laige ar Putin gur sháraigh an tIarthar ceann eile fós dá línte dearga agus nár tharla tada.

Agus ní féidir leis líne dhearg eile a tharraingt. Ní féidir le ‘cosantóir na Rúise’ a rá – ‘OK tar éis an tsaoil tá sé ceart go leor má ionsaíonn siad an chuid sin den Rúis le hairm ón iarthar, ach ní bheidh sé ceart go leor má ionsaíonn siad cuid éigin eile den Rúis leo.’

Ní hionann sin is a rá go bhfuil taoide an chogaidh trí chéile casta i dtreo na hÚcráine. Ní bheidh mar thoradh ar na forbairtí seo ar fad ach cineál cothromaíocht a bhaint amach idir an dá thaobh agus gan ar chumas ceachtar taobh dul chun cinn suntasach a dhéanamh ar pháirc an chatha.

Beidh Putin ag fanacht agus ag súil go dtiocfaidh Donald Trump i gcabhair air mar uachtarán nuathofa Mheiriceá i dtreo dheireadh na bliana seo.

Fág freagra ar 'Botún déanta ag Putin in Kharkiv, cead ag an Úcráin dul ar an ionsaí'