‘Bollock naked on the Blasket ’ – cuid mhaith den fhírinne nochta ag Lyng ar ‘The Geansaí’

LÉIRMHEAS: Ceann feadhna caithiseach, fealsúnach ab ea Diarmaid Lyng ar ‘The Geansaí’ agus bhí ábhar machnaimh leis sa chlár ‘Paying for Sex: Reality Bites’

Diamuid lyng

‘Where is Diarmuid now?’ a fiafraíodh de mháthair Dhiarmuid Lyng in 2015 (The Geansaí: Gizzy, RTÉ 1, Dé Luain). Freagraíonn an fear é féin an cheist:  ‘bollock naked on the Blasket’.   Níor ghnáthchlár CLG a bhí anseo, clár ina dtabharfaí siar bóithrín na smaointe sinn ar aistear a bheadh breac le buaicphointí imeartha. Ba tháirge eile ar fad é seo a dhein tochailt ar cheisteanna níos sollúnta agus níos tromchúisí: tábhacht na sláinte, an nasc leis an dúlra, drochstaid na gclubanna tuaithe agus an taitneamh ba cheart a bhaint as an spórt mar aon leis an tábhacht a bhaineann le teacht ar thuiscintí ort féin agus bheith sásta ionat féin.

Ceann feadhna caithiseach, fealsúnach é Diarmuid Lyng a thug éachtaint dúinn ar chor a tháinig ina shaol nuair a buaileadh tinn é in 2007. Chuir sé an milleán ar an gcrióiteiripe as é a fhágaint breoite agus marbhánta ar feadh i bhfad. Cé gur fhill sé ar pháirc na himeartha ina dhiaidh sin ní raibh sé i mbarr a mhaitheasa.

B’éigean dó a mharana a dhéanamh.

Thóg sé sos gairme le dul ag taisteal ar feadh bliain go leith. Ba i rith an ama sin a deineadh taifeadadh ar chuid mhaith den fhíseán álainn Hurling Around The World. Chaith sé tréimhsí i dteampaill Bhúdaíocha agus tá sé an-tógtha leis an Qigong (meascán den mhachnamh agus den ióga) ó shin. Ní fhéadfadh sé filleadh ar a sheansaol agus chaith sé an mhúinteoireacht in aer. Chaith sé tréimhse ar an mBlascaod Mór in 2015 agus ba i rith in ama sin a tógadh pictiúr dó nocht ag féachaint amach ar an bhfarraige.

I gcaitheamh an chláir déanann sé píosaí cainte le leithéidí Dhara Uí Chinnéide agus Danny Mhic an tSíthigh agus iad ag plé na n-ábhar sin ar fad. Clár machnamhach, taitneamhach.

Bhí ábhar machnaimh sa chlár Paying for Sex: Reality Bites (RTÉ 2, Dé Luain), saothar inar deineadh cíoradh ar thionscal an ghnéis in Éirinn agus na himpleachtaí a leanfadh ceannach an ghnéis a dhéanamh dleathach nó a mhalairt. Cé nár mhór é mo shaineolas ar an ábhar, bhíos idir dhá cheann na meá ar an gceist riamh, cé go raibh claonadh ionam tacú leis an gcomhghuaillíocht ‘Turn off The Red Light,’ atá ag tathant le fada go ndéanfaí gníomh coiriúil de cheannach an ghnéis. Tugadh sinn ar sciuird trí stair an fheachtais agus an dlí féin. Tá an reachtaíocht tar éis a slí a ghuailleáil tríd an Seanad go mall agus tá sí anois ar tí a bhí rite sa Dáil. Tá Rachel Moran, a bhí ina striapach tráth, agus a bhfuil leabhar scríofa aici faoi na heachtraí a bhain di, ar thaobh amháin den chlaí agus tá an ‘t-oibrí gnéis’ Kate McGrew ag feachtasaíocht i gcoinne an dlí.

Cainteoirí deisbhéalacha iad araon agus bhí ionchur againn ó chloigne cainte cosúil le Clare Daly agus Tom Meagher mar aon le cúpla ráiteas ait ó cheannaitheoir gnéis. Baineadh go leor adhmaid as ábhar cartlainne, agus, i mír amháin, dúirt an Seanadóir Norris gur ‘feiminigh radacacha agus iar-mhná rialta’ atá ag éirí thiar as an dlí.

Fan na slí deineadh plé agus cíoradh ar chórais na Nua-Shéalainne agus na dTíortha Lochlannacha. Bhí ionchur ó chuid díobh siúd a d’oibrigh sa tionscal suaiteach agus tháinig sé chun cinn arís agus arís eile gur caitheadh leo amhail is gur uirlisí gnéis iad.

An rud is mó a chuirfeadh as do dhuine ná an dúil atá ag fearaibh áirithe i gcailín óga. Dúirt siad siúd atá i gcoinne na reachtaíochta go dtiomáinfear an tionscal fé thalamh. Deineadh trácht ar an gceangal atá ag an tionscal le gáinneáil ar dhaoine, nasc a chuireann muc ar gach mala orthu siúd atá i gcoinne an dlí.

Ina ainneoin sin ar fad bhíos ar ais ag leac na mbonn ag deireadh an chláir.

Fág freagra ar '‘Bollock naked on the Blasket ’ – cuid mhaith den fhírinne nochta ag Lyng ar ‘The Geansaí’'