‘Boladh bréan’ in oifig de chuid Údarás na Gaeltachta pléite ag seacht gcruinniú boird agus ag ceathrar comhairleoirí éagsúla

Bhí drochbholadh in oifig de chuid an Údaráis i Maigh Eo anuraidh, boladh a bhí chomh dona sin gurbh éigean an fhoireann a aistriú go dtí oifig eile agus comhairleoirí éagsúla a chur i mbun fiosrúcháin

‘Boladh bréan’ in oifig de chuid Údarás na Gaeltachta pléite ag seacht gcruinniú boird agus ag ceathrar comhairleoirí éagsúla

Pléadh ag seacht gcruinniú de Bhord Údarás na Gaeltachta anuraidh ‘boladh bréan’ in oifig de chuid na heagraíochta arbh éigean ceathrar comhairleoirí éagsúla a fhostú sula bhfuarthas réidh leis.

In oifigí an Údaráis i mBéal an Mhuirthead a bhí an drochbholadh a bhí chomh dona sin gurbh éigean an fhoireann a aistriú go dtí oifig eile.

Léiríonn miontuairiscí ó chruinnithe Bhord an Údaráis, atá faighte ag Tuairisc.ie faoin Acht Um Shaoráil Faisnéise, gur i mí Feabhra 2017 a pléadh ar dtús fadhb an bholaidh i mBéal an Mhuirthead.

Dúradh ag an gcruinniú sin gur bhain an boladh san oifig le cúrsaí séarachais agus go raibh treoir tugtha don fhoireann ansin go bhféadfadh siad dul abhaile “má bhí an boladh an-dona”.

Ag cruinniú an Bhoird i mí an Mhárta, tuairiscíodh nach raibh “aon réiteach” ar an gcás go fóill “in ainneoin na n-iarrachtaí le foinse an bholaidh a fháil”. Tugadh le fios go raibh malairt ionad oibre faighte don fhoireann “agus nach raibh aon fhadhb le boladh san ionad sin”.

An mhí dár gcionn, mí Aibreán, cuireadh in iúl do lucht freastail an chéad chruinnithe eile den Bhord go raibh comhairleoir ceaptha chun an boladh “a fhiosrú” agus go raibh tuarascáil á réiteach aige. Ba é tuairim an chomhairleora, a dúradh, “nach raibh aon chontúirt ag baint leis an mboladh”.

I mí na Bealtaine, cuireadh in iúl ag cruinniú eile den Bhord go raibh an boladh fós in oifigí an Údaráis i mBéal an Mhuirthead “in ainneoin na n-iarrachtaí atá ar siúl chun foinse agus réiteach na faidhbe a fháil”.

Dúradh go raibh “saineolaí eile ag breathnú ar an bhfadhb” an tseachtain roimhe sin ach nach raibh aon réiteach aige air. Dúradh go gcaithfí an fhadhb a phlé le Comhairle Contae Mhaigh Eo.

Bhí an boladh fós ann i mí an Mheithimh agus pléadh arís “na hiarrachtaí leanúnacha” a bhí ar bun chun an fhadhb a réiteach ag cruinniú den Bhord an mhí sin. Tugadh le fios go raibh “comhairleoirí eile” ar an láthair an lá roimhe sin, an 22 Meitheamh, go raibh tuilleadh “scrúduithe le déanamh” agus cruinniú le socrú leis an gComhairle Contae.

Dúradh gur moladh do na fostaithe bogadh ar ais go dtí seanoifigí an Údaráis ar an mbaile “fad a bhíothas ag iarraidh fadhb an bholaidh a réiteach ach gur mheas siad go gcuirfeadh an bogadh isteach ar a gcuid oibre”.

Míníodh go raibh na fostaithe in oifig shealadach faoin tráth seo agus “cé nach raibh sé sásúil go fadtéarmach, nach raibh aon fhadhb leis an mboladh san oifig sin go dtí seo”.

Ag cruinniú an Bhoird i mí Iúil, dúradh go raibh comhairleoirí eile “i mbun staidéir ar an bhfadhb an tseachtain roimhe sin ach nach raibh siad in ann foinse an bholaidh a fháil ach an oiread”. Dúradh go raibh an boladh le fáil in oifigí Chomhairle Chontae Mhaigh Eo anois chomh maith.

Ar deireadh thiar, bhí dea-scéal faoin drochbholadh le tuairisciú ag an gcruinniú den Bhord i mí Mheán Fómhair:

“Cuireadh in iúl go raibh réiteach faighte ar an bhfadhb a bhí le boladh in oifig an Údaráis i mBéal an Mhuirthead agus glacadh buíochas leis an mBainisteoir Maoine agus Innealtóireachta agus a fhoireann as an obair a bhí déanta acu  ina leith.”

Tá ceist curtha ag Tuairisc.ie ar Údarás na Gaeltachta faoi údar an bholaidh, faoin réiteach a aimsíodh ar an bhfadhb sa deireadh agus faoin gcostas a bhain leis an réiteach sin.

Níl aon fhreagra faighte go fóill againn.

Fág freagra ar '‘Boladh bréan’ in oifig de chuid Údarás na Gaeltachta pléite ag seacht gcruinniú boird agus ag ceathrar comhairleoirí éagsúla'

  • Tuairisg

    Dia dhá réiteach… an é seo caighdeán iriseoireachta na Gaeilge?