Boinn bronnta ag Uachtarán CLG ar bheagnach 40 cumann ar fud na tíre as an Ghaeilge a chur chun cinn

Bhí seacht gcumann Gaeltachta ina measc siúd ar bronnadh boinn orthu ag ócáid speisialta a reáchtáladh i mBaile Átha Cliath aréir mar chuid d’Fhondúireacht Sheosaimh Mhic Dhonnacha

Boinn bronnta ag Uachtarán CLG ar bheagnach 40 cumann ar fud na tíre as an Ghaeilge a chur chun cinn

Bhronn Uachtarán Chumann Lúthchleas Gael gradaim ar bheagnach dhá scór cumann as an iarracht atá déanta acu an Ghaeilge a chur chun cinn.

Bhí seacht gcumann Gaeltachta ina measc siúd ar bronnadh boinn orthu ag ócáid speisialta a reáchtáladh i mBaile Átha Cliath aréir mar chuid d’Fhondúireacht Sheosaimh Mhic Dhonnacha.

Bhronn Uachtarán CLG, Larry McCarthy 37 bonn, idir ór, airgead agus chré-umha, ar na cumainn ar éirigh leo aitheantas a bhaint amach faoin scéim, a bhíonn á reáchtáil ag Glór na nGael agus CLG.

Cumainn Ghaeltachta iad na cúig cinn ar éirigh leo an gradam is airde, an bonn óir a bhaint amach – Cumann Caide na Gaeltachta i gCiarraí; An Cheathrú Rua, Carna-Caiseal agus Cumann Peile na mBan Mhaigh Cuilinn i nGaillimh agus Tuar Mhic Éadaigh i Maigh Eo.

D’éirigh le dhá chlub Gaeltachta eile – Bearna-Na Forbacha i nGaillimh agus An Clochán Liath i nDún na nGall – gradaim airgid a bhaint amach.

Faoin scéim, cuirtear deontais ar fáil do chumainn chun gníomhaíochtaí a chuireann an Ghaeilge chun cinn sa chumann a chur i gcrích. Tá 70 gníomh leagtha amach chun clubanna a mheas le haghaidh bonn a thuilleamh agus ní mór do chumann 80% de na gníomhaíochtaí a chomhlíonadh chun bonn óir a bhaint amach. Ar a laghad 50% atá ag teastáil chun bonn airgid a fháil agus 25% don bhonn cré-umha.

Reáchtáladh an ócáid cheiliúrtha anocht ag Páirc Naomh Éanna, Baile Buadáin. Bronnadh bonn airgid ar an gcumann céanna ag an ócáid.

Tugadh aitheantas freisin do na clubanna a fuair bonn sa bhliain 2020, agus nach raibh deis acu ócáid cheiliúrtha a bheith acu go dtí seo de bharr na paindéime.

In óráid an Uachtaráin, mhol McCarthy an obair atá déanta ag clubanna na tíre an Ghaeilge a chur chun cinn agus rinne sé comhghairdeachas le buaiteoirí 2021 agus 2020.

“‘Molaim go mór obair ár gcuid páirtnéirí sa scéim seo, Glór na nGael, freisin. Tá muid an-bhuíoch as an obair iontach a bhíonn idir lámha acu ó cheann ceann na bliana. Is mór againn an pháirtnéireacht seo. Tá cur chun cinn na Gaeilge, agus cur chun cinn na gcluichí trí Ghaeilge an-tábhachtach dúinn, agus níl bealach níos fearr le seo a dhéanamh ná tríd an scéim seo.”

Dúirt Caitríona Nic Seoin, Bainisteoir Forbartha le Glór na nGael, gur ábhar misnigh é rannpháirteachas na gclubanna sa scéim, agus go spreagann obair na gclubanna baill foirne Ghlór na nGael gach uile bhliain agus iad i mbun timireachta leo agus moltóireacht orthu. Rinne sí comhghairdeas leis na cúig chlub a bhain bonn óir amach in 2021, agus dúirt sí go raibh na moltóirí iontach tógtha lena seasmhacht i dtaobh na teanga, agus leis an tionchar teanga a bhí le feiceáil go sonrach i bpobail áitiúla na gcumann. 

Is in ómós d’iarUachtarán CLG Seosamh ‘Joe’ Mac Donncha (1953-2016) a ainmníodh an Fhondúireacht.

Gradaim 2021

Bonn Óir: 

Tuar Mhic Éadaigh CLG
Cumann Pheil na mBan Maigh Cuilinn
An Cheathrú Rua CLG
Carna Caiseal CLG
Cumann Caide na Gaeltachta

Bonn Airgid: 

Bearna – Na Forbacha (Iománaíocht)
An Ríocht CLG
Naomh Peadar CLG, An Lorgain
Baile Buadáin, Naomh Éanna CLG
Naomh Colmcille CLG, An Charraig Mhór
An Clochán Liath CLG

Bonn Cré-umha: 

Cabán tSíle CLG
Clanna Gael Fontenoy CLG
Fánaithe Baile Buadáin CLG
Na Cloigthithe CLG
Naomh Barróg CLG
Naomh Pádraig CLG, Domhnach Bat
Sairséalaigh Leamhcáin CLG
Cill Mhichíl CLG
An Gleann CLG
Ard Ghlais CLG
Clann na Banna CLG
Baile Mhic an Aba CLG
Na Piarsaigh CLG, Eanach Mór
Uí Raithilligh CLG, Tailte an Choláiste
Achadh Mórdha CLG
Baile Éilís CLG
Mainistir Eimhín CLG
Nás na Ríogh CLG
Na Piarsaigh CLG, Doire Trasna
Naomh Trea CLG
Baile na nGallóglach CLG
Bealach na Leice CLG
Naomh Iósaf Eadarnaigh CLG
Mungairit Naomh Pól CLG
Peil na mBan – Pailís Ghréine CLG
Gaeil Mhaigh Eo CLG

Fág freagra ar 'Boinn bronnta ag Uachtarán CLG ar bheagnach 40 cumann ar fud na tíre as an Ghaeilge a chur chun cinn'